European Economic
and Social Committee
Is gá do bheartas trádála an Aontais amach anseo a bheith oscailte, cóir, cuimsitheach agus inbhuanaithe
I ndíospóireacht iomlánach maidir le todhchaí bheartas trádála an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs domhanda atá ag athrú, chuir CESE i bhfios go láidir gurb í an trádáil oscailte, chóir, chuimsitheach agus inbhuanaithe an t-aon chineál trádála a áiritheoidh téarnamh athléimneach agus a chruthóidh rathúnas do ghnólachtaí agus do dhaoine. Thug sé aitheantas freisin don ról lárnach atá ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála san iarracht sin.
Léiríonn an staid trádála domhanda go bhfuil gné ilchineálach fós ag baint leis an téarnamh.
Dúirt Uachtarán CESE Christa Schweng: ‘Ba cheart an trádáil idirnáisiúnta a bheith saor, cóir, inbhuanaithe agus intuartha. Tá an méid sin ríthábhachtach dár ngnólachtaí agus dár saoránaigh. Is í an trádáil inbhuanaithe an t-aon chineál trádála a áiritheoidh téarnamh athléimneach agus inbhuanaithe ó phaindéim COVID-19’.
Ag seisiún iomlánach mhí Dheireadh Fómhair, chuir CESE fáilte roimh an Ambasadóir Jean-Marie Paugam, Leas-Ardstiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT), a chuir in iúl gur cheap sé gur léiríodh athléimneacht an chórais trádála idirnáisiúnta le linn na paindéime. ‘Ag tús na paindéime, cuireadh iliomad bearta sriantacha i bhfeidhm ar an trádáil, ach níorbh fhada gur chinn na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile agus díriú ar an trádáil a éascú’.
Leis an tuairim féintionscnaimh An chéad ghlúin eile den trádáil agus den fhorbairt inbhuanaithe – an plean gníomhaíochta 15 phointe a athbhreithniú,, atá nasctha leis an díospóireacht, tá sé d’aidhm ag CESE a chinntiú go leagfar amach an uair seo an teachtaireacht maidir le 'clár oibre trádála atá bunaithe ar luachanna’ mar chuid lárnach de straitéis trádála an Aontais.
Chuir rapóirtéir na tuairime, Tanja Buzek, i dtreis go sonrach nach raibh na caibidlí a bhaineann le saothar agus leis an gcomhshaol ag teacht go hiomlán leis na gealltanais atá ceangailteach ó thaobh dlí. ‘‘Molaimid athbhreithniú uaillmhianach a dhéanamh, ina mbeadh cur chuige forfheidhmiúcháin úrnua trína bhféadfaí pionóis a ghearradh agus ina mbeadh faireachán níos déine á dhéanamh ag an tsochaí shibhialta, trí leas a bhaint as uirlisí nuálacha agus an éifeacht ghiarála a neartú do chaibidlí trádála agus forbartha inbhuanaithe (TSD)’.
‘Non aes sed fides’ - iontaobhas seachas airgead
Bhí sé mar thosaíocht ag Jean-Marie Paugam muinín sa chóras a athbhunú, córas a bhfuil an bonn á bhaint de ag roinnt mhaith geallsealbhóirí agus Ballstát le tamall fada anuas. ‘Ar an gcéad dul síos, ní mór dúinn an t-íosleibhéal muiníne a chothú an athuair. Gan é sin, ní féidir dul i mbun caibidlíochta’, ar seisean, agus é á athdhearbhú aige gurb é ‘non aes sed fides’, i.e. ‘iontaobhas seachas airgead’ an tsócmhainn is luachmhaire atá ag EDT.
Maidir le halt de chuid David Henig a foilsíodh le déanaí in Borderlex ina ndéantar cur síos ar thrí chás fhéideartha do EDT, i.e.‘athbheochan, díscaoileadh nó cúlchéimniú’, roghnaigh Jean-Marie Paugam ‘atógáil’. Dá bhrí sin, ba cheart ról gníomhach a bheith ag an Aontas agus ag Sochaí Shibhialta na hEorpa. Mar a dúirt Tanja Buzek: ‘Ní ann d’inbhuanaitheacht gan an tsochaí shibhialta’.
Agus clabhsúr á chur ar an imeacht aici, seo mar a labhair an tUachtarán Schweng: ‘Is gné lárnach de chóras trádála inbhuanaithe a thugann aghaidh ar riachtanais daoine iad rannpháirtíocht ghníomhach agus cuimsiú na sochaí sibhialta eagraithe ina hiomláine’. (at)