European Economic
and Social Committee
Tá Ionstraim Dhigiteach Tuaithe á iarraigh ag Grúpa na bhFostóirí in CESE
Le Grúpa na bhFostóirí in CESE
Ag a chruinniú urghnách i mí Iúil, thathain Grúpa na bhFostóirí ar Janusz Wojciechowski, an Coimisinéir Eorpach um Thalmhaíocht, Ionstraim Dhigiteach Tuaithe a mholadh.
D’fhágfadh Ionstraim Dhigiteach Tuaithe go bhféadfaí teicneolaíochtaí digiteacha a fhorbairt in earnáil na talmhaíochta agus sna ceantair tuaithe, rud a chuirfeadh feabhas ar éifeachtacht an Chomhbheartais Talmhaíochta agus a thacóidh leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le straitéisí ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’.
Léirigh géarchéim COVID-19 nach mór an bhearna dhigiteach idir ceantair uirbeacha agus ceantair thuaithe a dhúnadh má táthar chun an digititeáil a úsáid mar sheift chun an fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach ar an mórroinn seo againne. Tá imlonnú cábla snáthoptaice agus 5G ríthábhachtach sna cathracha agus sna ceantair thuaithe araon’ arsa Arnold Puech d'Alissac, Leas-Uachtarán Ghrúpa na bhFostóirí. ‘Ach ní féidir riachtanais uile na gceantar tuaithe, lena n-áirítear a riachtanais dhigiteacha, a mhaoiniú leis an gComhbheartas Talmhaíochta. Caithfear buiséid eile a úsáid chun teacht i gcabhair orthu ionas nach n-ídeofar an Comhbheartas Talmhaíochta’, a dúirt sé. Cuideoidh na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta leis an mbearna a dhúnadh’ ach tá gá le plean níos struchtúrtha, a dúirt sé an athuair.
Dúirt an Coimisinéir go raibh an claochlú digiteach in áit tosaíochta ar chlár oibre an Choimisiúin, agus go raibh sé léirithe sa phríomhuaillmhian don aois dhigiteach agus le déanaí chomh maith sa togra le haghaidh Treoir don deacáid dhigiteach.
D’fhéadfadh ról ríthábhachtach a bheith ag an gclaochlú digiteach in earnáil na talmhaíochta agus sna ceantair thuaithe, ní hamháin chun iomaíochas na hearnála agus na bpobal tuaithe a neartú, ach chun rannchuidiú le roinnt cuspóirí beartais a bhaineann leis an inbhuanaitheacht chomh maith. Áirítear leis sin, gan amhras, an inbhuanaitheacht chomhshaoil agus shocheacnamaíoch,’ a dúirt an Coimisinéir, ag tabhairt le fios an chaoi ar féidir le teicneolaíochtaí digiteacha an talmhaíocht a athrú ó bhonn trí chuidiú le feirmeoirí oibriú ar bhealach níos beaichte, níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe, cuir i gcás, trí chothaithigh a úsáid agus trí bhearta saincheaptha leasa.
Tá ról bunúsach le himirt ag Eoraip na Tuaithe agus sinn ag iarraidh comhtháthú sóisialta agus inbhuanaitheacht sa tréimhse iarphaindéime seo, i gcomhréir leis na straitéisí a mhol an Coimisiún Eorpach (Athrú Aeráide, an Comhaontú Glas don Eoraip, Ón bhFeirm go dtí an Forc, bithéagsúlacht) agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Is í earnáil an agraibhia inneall an gheilleagair Eorpaigh. Tá 294 000 cuideachta agraibhia san Aontas Eorpach, a ghineann láimhdeachas EUR 1.192 billiún agus a fhostaíonn 4.72 milliún duine, rud a fhágann gurb í an earnáil déantúsaíochta is mó san Aontas í. Tairbhíonn earnáil an agraibhia de bharrachas trádála seachtrach ar fiú EUR 36 bhilliún é.
‘In CESE, tá acmhainneacht na nuálaíochta á cosaint againn, ar choinníoll go leithdháiltear dóthain acmhainní le haghaidh infheistíocht sa bhonneagar agus sa chlaochlú digiteach. Tá feirmeoirí Eorpacha réidh dul i mbun na n-aistrithe, ach ní bheidh siad ábalta gan dreasachtaí iomchuí, gan cothrom iomaíochta maidir le táirgí allmhairithe agus gan tacaíocht don athléimneacht,’ a dúirt Stefano Mallia, Uachtarán Ghrúpa na bhFostóirí.
Tríd is tríd, is fachtóir tábhachtach í an digiteáil chun an ghlúin óg, lena n-áirítear feirmeoirí óga agus fiontraithe eile, a choimeád sna ceantair thuaithe. ‘Ní mór na céimeanna a thógfaimid sna blianta amach romhainn a thabhairt le chéile. Mar fhostóirí agus fiontraithe, beidh bhur gceannaireacht agus bhur dtionscnamh thar a bheith luachmhar agus sinn ar an mbealach ar aghaidh. Táim ag tnúth go mór le bheith ag obair i ndlúthchomhar lear, agus táim muiníneach gur féidir linn ar gcomhsprioc maidir le hEoraip rathúil agus inbhuanaithe a bhiant amach,’ a dúirt an coimisinéir.
Is féidir teacht ar an gcruinniú iomlán leis an gCoimisinéi Wojciechowski anseo: https://www.youtube.com/watch?v=nAPQvk8wGXE (dv/kr)