European Economic
and Social Committee
“Níl an todhchaí greanta i gcloch agus tá éabhlóid phaindéim COVID-19 ag brath orainn féin”
Agallamh leis an Dr Hans Kluge, Stiúrthóir Réigiúnach don Eoraip san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
Dar leat, conas atá ag éirí leis an bhfeachtas vacsaínithe san Eoraip?
Ón 4 Feabhra 2021 i leith, tá líon níos mó daoine ar fud an domhain a bhfuil vacsaín i gcoinne COVID-19 faighte acu i gcomparáid le líon na ndaoine a tholg an víreas ó thit amach an eipidéim. Tá breis is 477 milliún dáileog de vacsaíní COVID-19 faighte ag daoine san Eoraip go nuige seo (amhail ón 17 Meitheamh).
Is léir, mar sin, go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh: tá meath tagtha ar rátaí ospidéalaithe agus báis i dtíortha ina bhfuil ráta ard vacsaínithe i measc daoine fásta. Léirítear leis sin, ní hamháin go bhfuil an vacsaíniú éifeachtach ach freisin gur maith an beart í an straitéis vacsaín a thabhairt dóibh siúd is mó atá i mbaol ar dtús, straitéis a leagadh síos ag coistí comhairleacha domhanda agus réigiúnacha agus a cuireadh i bhfeidhm thar réigiún Eorpach EDS. A bhuí leis sin, sábháiltear beatha daoine, laghdaítear an t-ualach ar chórais sláinte agus is féidir linn teacht as an tréimhse is measa den phaindéim a luaithe is féidir.
Bíodh is go bhfuil ról tábhachtach ag an vacsaíniú maidir le rátaí ospidéalaithe agus báis a laghdú, caithfear a bheith cáiréiseach, ós rud é go bhféadfadh duine an víreas a tholgadh agus a thabhairt do dhuine éigin eile fiú má tá an vacsaín faighte aige. Ní mór dúinn leanúint de bheith ag cloí leis na bearta poiblí sláinte agus sóisialta, ar léir go bhfuil éifeacht leo, agus, san am céanna, dlús a chur leis an vacsaíniú.
Teachtaireacht thábhachtach amháin ba mhian liom a chur in iúl ná nach bhfuil an todhchaí greanta i gcloch agus go bhfuil éabhlóid phaindéim COVID-19 ag brath orainn féin ó tharla gurb iad gníomhaíochtaí an duine aonair agus na sochaí ina hiomláine a chinneann an todhchaí sin.
Cad é an staid mar atá faoi láthair ar fud an domhain?
Is é atá ar cheann de na príomhtheachtaireachtaí ná go bhfuil tuilleadh cothromais ag teastáil. A bhuí le vacsaíní, tá géarbhreoiteacht agus líon na mbásanna á laghdú i dtíortha a bhfuil an t-ádh orthu méideanna leordhóthanacha vacsaíní a bheith acu chun na daoine is leochailí a chosaint, agus tugtar le fios leis na torthaí atá faighte againn go dtí seo go bhféadfadh vacsaíní tarchur an víris a ísliú freisin. Tá an éagothromaíocht dhomhanda uafásach atá ann maidir le rochtain ar vacsaíní ar cheann de na bagairtí is mó ar dheireadh a chur leis an bpaindéim.
I láthair na huaire, 77 % de na vacsaíní a dáileadh ar fud an domhain, níor dáileadh iad ach i ndeich dtír. Is gá tuilleadh a dhéanamh d’fhonn a chinntiú go ndáiltear vacsaíní ar bhonn chomhionann idir tíortha agus daonraí.
Teachtaireacht ábhartha eile i ndáil leis seo is ea go bhfuil an dlúthpháirtíocht ríthábhachtach. Is mithid dúinn leas a bhaint as an dlúthpháirtíocht agus an tacaíocht ar fad atá ar fáil lena áirithiú nach bhfágfar aon duine ar leataobh. Ba cheart é a bheith d’aidhm againn ardráta cumhdaithe vacsaínithe a bhaint amach i ngach aon tír, ag tosú leis na tíortha is mó atá i mbaol, sa chaoi is gur féidir linn céim mhór chun cinn a ghlacadh chun filleadh ar an saol mar a bhí.
Ag an 74ú Comhthionól Domhanda Sláinte, d’iarr Ard-Stiúrthóir EDS ar thíortha tacú le hiarracht ollmhór chun 10 %, ar a laghad, de dhaonra gach tíre a vacsaíniú faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair, maille le feachtas a bheidh á reáchtáil go dtí mí na Nollag chun an sprioc 30 % den dhaonra a vacsaíniú a bhaint amach faoi dheireadh na bliana. Mar phobal sláinte poiblí domhanda, ní mór dúinn go léir dlús a chur lenár n-iarrachtaí.
Cad iad na ceachtanna atá foghlamtha againn agus conas is féidir a bheith níos ullmhaithe don todhchaí?
Le linn an 74ú Comhthionól Domhanda Sláinte, a bhí ar siúl ón 24 Bealtaine go dtí an 1 Meitheamh, díríodh ar dheireadh a chur le paindéim COVID-19 agus ar ullmhú don chéad phaindéim eile. Níos tábhachtaí fós, comhiarracht ollmhór a bhí ann chun múineadh a bhaint as an bpaindéim reatha.
Choimisiúnaigh EDS roinnt athbhreithnithe agus painéil neamhspleácha chun treoir a thabhairt don phobal domhanda sláinte maidir leis an gcaoi le hiarracht níos fearr a dhéanamh inár bhfreagairt chomhchoiteann do ráigeanna paindéime nó d’éigeandálaí sláinte poiblí eile ar ábhar imní idirnáisiúnta iad.
Tugtar moltaí láidre soiléire sna hathbhreithnithe ar fad maidir leis an ról níos láidre a d’fhéadfadh a bheith ag EDS agus aghaidh á tabhairt ar éigeandálaí sláinte. Seachas díreach moltaí a dhéanamh, is gá iad a aistriú ina ngníomh. Tasc ollmhór a bheidh i gceist leis sin, a mbeidh tiomantas leathan polaitiúil agus airgeadais ag teastáil ina leith, maille le sprioc shoiléir choiteann líon níos mó daoine a shábháil ar an mbás, cailliúint slite beatha a chosc agus cothromas a chinntiú agus freagairt á tabhairt do phaindéimí.
Moladh go dtarraingeofaí suas conradh nua ar phaindéimí ar mhaithe leis na nósanna a bhaineann le hullmhacht agus freagairt i leith paindéimí a neartú. Pléifear an méid sin ag seisiún urghnách den Chomhthionól Domhanda Sláinte a thionólfar i mí na Samhna.
Bhunaigh mé “Coimisiún Monti” san Eoraip, arb é sin Coimisiún uile-Eorpach um Shláinte agus an Fhorbairt Inbhuanaithe a bhfuil sé d’aidhm aige athmhacnamh a dhéanamh ar thosaíochtaí beartais i bhfianaise paindéimí. Tá an Coimisiún sin comhdhéanta d’iar-chinn stáit, eolaithe agus eacnamaithe, cinn institiúidí sláinte agus cúraim shóisialta, ceannairí sa phobal gnó agus ceannairí institiúidí airgeadais ó gach cearn den Eoraip agus is é an gnó atá aige ceachtanna a fhoghlaim ó na bealaí ina ndeachaigh córais sláinte i dtíortha éagsúla i ngleic le paindéim COVID-19 agus déanfaidh sé moltaí maidir le hinfheistíochtaí agus athchóirithe chun cur le hathléimneacht córas sláinte agus cúraim shóisialta.
Conas atá an tAontas ag tacú le hiarrachtaí domhanda agus réigiúnacha sa chomhrac i gcoinne COVID-19?
Tá an tAontas ar cheann de na comhpháirtithe is tábhachtaí ar domhan dá bhfuil ag na Náisiúin Aontaithe (NA).
Is príomhspreagadh d’athchóirithe é próiseas aontachais an Aontais agus spreagann sé rialtais dul chun cinn a dhéanamh i raon réimsí reachtacha agus beartais. Beidh pacáistí infheistíochta an Aontais ina bpríomhspreagadh chun infheistíochtaí méadaithe poiblí agus príobháideacha ó institiúidí airgeadais Eorpacha agus idirnáisiúnta a éascú sna Balcáin Thiar agus i gComhpháirtíocht an Oirthir, lena n-áirítear san earnáil sláinte. Is mór againn freisin infheistíochtaí an Aontais sa tsláinte trí mhaoiniú a chur ar fáil d’Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip agus trí dhul i mbun gníomhaíochtaí comhpháirteacha léi i mBallstáit neamh-AE.
Le linn na tréimhse (iar-)paindéimí reatha, is éard atá ar bun ag Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip comhghuaillíochtaí a fhorbairt agus straitéisí comhpháirteacha NA-AE a mhúnlú arb é is aidhm dóibh dul chun cinn a dhéanamh maidir le próiseas aontachais an Aontais i bhforéigiún na mBalcán Thiar agus an spás daonlathach agus eacnamaíoch i dtíortha comharsanachta an Aontais a neartú.
Féachann Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip le leas a bhaint as an ról lárnach atá aici mar cheannaire i réimse na sláinte chun dlús a chur le comhpháirtíochtaí straitéiseacha agus le comhoibriú i bhforéigiúin Eorpacha agus an méid sin ina bhunchloch den dul chun cinn i réimse na sláinte agus Clár Oibre Eorpach 2020-2025 á chur chun feidhme agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2030 á ngnóthú.