Tá sé geallta go tréan ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) oibriú go leanúnach i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le hinstitiúidí AE eile chun bunluachanna an Aontais a chosaint agus a chur chun feidhme, go háirithe an smacht reachta, na cearta bunúsacha agus an daonlathas.

Sa díospóireacht maidir le luachanna Eorpacha le Didier Reynders, an Coimisinéir Eorpach um Cheartas, a tionóladh ag an seisiún iomlánach a reáchtáil CESE an 10 Meitheamh, d’iarr an Coiste go mbeadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach ar bhealach níos mó ar leibhéal an Aontais ar mhaithe le rannpháirtíocht a leathnú go réimsí eile de bhreis ar thoghcháin agus idirphlé sibhialta fiúntach a éascú. Chomh maith leis sin, leag comhaltaí CESE béim ar leith ar an tábhacht atá le cearta sóisialta agus eacnamaíocha a aithint mar bhunluachanna AE.

Le linn an tseisiúin iomlánaigh, rinne CESE tuairimí uaidh maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach (EDAP) agus an Straitéis nua maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha a chur chun feidhme a chur i láthair agus a ghlacadh, tuairimí ina léiríonn sé a thacaíocht do thionscnaimh nua an Choimisiúin arb é is aidhm dóibh luachanna daonlathacha agus cearta na saoránach san Aontas a chosaint.

Seo mar a labhair Christa Schweng, Uachtarán CESE: “Tá amhras á chaitheamh ar luachanna an Aontais i ngach áit; ní féidir slán talamh a dhéanamh díobh, fiú i dtíortha ina bhfuil traidisiúin dhaonlathacha sheanbhunaithe. I dtaca le freagairt an Aontais, tá an tsochaí shibhialta ag súil le cuid mhaith agus teastaíonn uaithi a bheith rannpháirteach sa phlé náisiúnta agus sa phlé Eorpach maidir le cosaint na luachanna sin.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Uasal Reynders: “Chun dul i ngleic le cuid mhaith de na fadhbanna, tá gá le cur chuige cuimsitheach ón tsochaí agus le comhar idirnáisiúnta ina bhfeicfear iarracht chomhordaithe ar thaobh na rialtas, na sochaí sibhialta, taighdeoirí agus seiceálaithe firicí, na hearnála príobháidí, na meán agus na saoránach. Is díol sásaimh dom go bhfuil bhur gCoiste ag comhoibriú go tairbheach i ndáil leis sin.”

Sa tuairim maidir leis an straitéis i leith na Cairte, d’iarr CESE go mbeadh bearta ann chun eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chosaint agus chun tacú leo. Ba cheart sásra foláirimh a bheith san áireamh sna bearta sin chun ciapadh a aithint agus a thuairisciú. Chomh maith leis sin, d’iarr an Coiste go dtabharfaí ról níos mó do na comhpháirtithe sóisialta maidir leis na cearta atá leagtha síos sa Chairt a chur chun cinn agus a chur chun feidhme.

Sa tuairim maidir le EDAP, mhol CESE don Choimisiún colún speisialta a chur leis an bplean a bheadh tiomnaithe do rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta, agus do chur chun cinn dhaonlathas an tsaothair. Dúirt an Coiste go raibh díomá air nár tugadh aghaidh in EDAP ar an ról tábhachtach atá ag an idirphlé sóisialta agus ag an gcómhargáil chun éagothromaíochtaí a laghdú agus muintir na hEorpa a spreagadh chun glacadh le hidéil dhaonlathacha. (ll)