Ráiteas ó Uachtarán CESE, Christa Schweng maidir le seoladh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa

Ar lá sheoladh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, molaim do na saoránaigh páirt a ghlacadh san fhiontar stairiúil seo. Ba mhaith liom freisin a iarraidh ar lucht ceaptha beartas a áirithiú go mbainfimid an tairbhe is mó as a bhfuil le rá ag daoine.

Cleachtadh ar leithligh den daonlathas rannpháirtíochta is ea an chomhdháil. Chun go n-éireoidh léi, caithfear díriú ar rannpháirtíocht ón mbun aníos. Ní mór dúinn teagmháil a dhéanamh le muintir an phobail i ngach uile chearn den Aontas Eorpach agus éisteacht lena bhfuil le rá acu. Ní mór dúinn dul i dteagmháil ar bhealach cothrom leo siúd atá lánsásta leis an Aontas agus leo siúd atá in amhras faoi go fóill.

Níl i gceist le héisteacht le daoine, áfach, ach an chéad chéim. Ba cheart moltaí nithiúla maidir le gníomhaíocht an Aontais a bheith mar thoradh ar na smaointe a cuireadh in iúl ag imeachtaí na comhdhála. Mholfainn cur chuige praiticiúil freisin maidir le raon feidhme an phlé. Is fearr teacht ar chonclúidí nach bhfuil chomh huaillmhianach sin ach atá inghlactha do chách seachas tabhairt faoi dhíospóidí fealsúnacha ar ardleibhéal nach féidir teacht ar chomhaontú ar bith ina leith.

Thairis sin, ní mór an dul chun cinn a bheith intomhaiste. Táim i bhfabhar “deais” a chruthú inar féidir le saoránaigh a bheith ar an eolas faoi na bearta a eascraíonn as an gcomhdháil. Ní mór do dhaoine a bheith in ann léargas soiléir a fháil ar staid na himeartha agus amlíne a fheiceáil maidir leis na hábhair ar ar oibrigh siad. Ní mór do na hinstitiúidí míniú a thabhairt ar an gcúis a ndéanfaidh siad, nó ar an gcúis nach ndéanfaidh siad, obair leantach ar thograí áirithe.

Tá paraidím nua dhearfach de dhíth má táthar chun todhchaí na hEorpa a áirithiú. Ní mór dúinn a chruthú gurb iontach an áit í an Eoraip le bheith inti agus le rath a bheith ar dhaoine inti – áit ina gcruthaítear deiseanna do chách an saol is mian leo a chaitheamh, bunaithe ar luachanna comhaontaithe. Tá muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá bródúil as an aisling Mheiriceánach; creidim go bhfuil sé in am do mhuintir na hEorpa sult a bhaint as a stíl mhaireachtála féin agus a bheith buíoch aisti agus as na buntáistí a bhaineann léi.

Leanfaidh CESE de rannchuidiú go gníomhach leis an gcomhdháil – trínár n-imeachtaí agus trí leas a bhaint as eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar fud na hEorpa. Tá súil againn go gcloisfear ár nguth go breá soiléir. Más mian linn, i ndáiríre, an tionscadal Eorpach a thabhairt ar ais chuig na saoránaigh, is í an tsochaí shibhialta ba cheart a bheith á stiúradh sin.