European Economic
and Social Committee
Teachtaireacht do CESE: Athraigh an córas más mian leat deireadh a chur leis an athrú aeráide
Taobh leis an imeacht Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) a reáchtáladh an 20 Márta, d'óstáil CESE imeacht eile “An tAthrú Córasach a Cheapadh” inar tháinig roinnt saineolaithe, gníomhaithe agus tionchairí le chéile chun eolas agus saineolas a chomhroinnt faoin ngníomhaíocht ar son na haeráide ó thaobh an athraithe chórasaigh de.
Ba faoi chathaoirleacht Cillian Lohan, an Leas-Uachtarán in CESE ar a bhfuil freagracht as an gCumarsáid, a bhí an t-imeacht agus ba eisean a chuir tús leis an ócáid: “Tá an t-athrú aeráide ag dul i ndéine agus tá sé deacair, mar dhaoine aonair, an bealach amach a fheiceáil; tá athrú bunúsach cultúir, iompraíochta agus luachanna de dhíth i leith an dúshláin sin”.
Bhí ceithre phainéal agus dhírigh gach ceann díobh ar an ngá atá le hathrú córasach chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide.
Chuir Virginijus Sinkevičius, an Coimisinéir Eorpach um an gComhshaol, um na hAigéin agus um Iascach, tús leis an gcéad phainéal le teachtaireacht físeáin inar leagadh béim ar an ngá atá le cur chuige uilechuimsitheach: “Tá an t-athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta, laghdú na n‑acmhainní agus an truailliú fite fuaite le chéile, agus ní mór dúinn dul i ngleic leo mar aonad amháin. Chuige sin, is é an Comhaontú Glas an freagra ón gCoimisiún Eorpach ach, i bhfianaise an ghá atá le smaointe úrnua áfach, smaointe nach mór a bheith córasach, tá ról ag na saoránaigh chomh maith”.
Ba í Josephine Becker, gníomhaí aeráide, a luaigh coincheap an cheartais aeráide: “Tá an Eoraip freagrach, i bpáirt, as an ngéarchéim aeráide agus tá dualgas orainn beart a dhéanamh i bhfianaise sin”.
Sa dara painéal, thug Corina Angheloiu, straitéisí sinsearach um dhearadh san fhondúireacht “Forum for the Future”, a tuairim féin maidir leis an gcur chuige ceart chun athrú straitéiseach a sheoladh: “Chun athrú córasach a thosú, ní mór aghaidh a thabhairt ar dtús ar luachanna; sna córais eacnamaíocha atá ann faoi láthair, is ar éifeachtúlacht a dhírítear, ach dá gcuirfí an ceartas i gcroílár na gcóras sin, bheimis in ann na hiarmhairtí a fheiceáil”.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Nisreen Elsaim, an cathaoirleach ar Ghrúpa Comhairleach an Aosa Óig um an Athrú Aeráide sna Náisiúin Aontaithe: “Leis na córais eacnamaíocha agus pholaitiúla atá ann faoi láthair, ní fhreastalaítear ar ár gcuspóirí agus déantar dochar don chomhshaol dá ndeasca. An bainistiú bunaithe ar thorthaí: níl sé sin ag obair”.
I bplé an tríú painéal, mhínigh Lewis Akenji, an stiúrthóir bainistíochta ar an institiúid “Hot or Cool”, an chaoi a dtéann córais reatha agus na cinntí a dhéanann daoine maidir le hiompar, obair, bia agus eile i bhfeidhm ar a stíl mhaireachtála: “Mar gheall orainne, tá éagothromaíochtaí ag dul i méid agus tá an iomarca á húsáid againn; ní thugann siad aon tógáil croí dúinn na córais eacnamaíocha agus pholaitiúla reatha”.
Labhair Saoi O’Connor, gníomhaí aeráide, faoin ról atá ag na cinnteoirí: “Labhraíonn ceannairí agus polaiteoirí faoi uimhreacha agus beartais, ach is cosúil nach bhfuil fíorshaol an duine á chur san áireamh acu”.
Sa phainéal deireanach, cuireadh samplaí sonracha i láthair de thionscnaimh i ndáil le hathrú córasach. Mhínigh Christian Kroll, príomhoifigeach feidhmiúcháin agus bunaitheoir inneall cuardaigh gréasáin Ecosia, go n-úsáidtear brabúis iomlána an chomhlachta chun speicis éagsúla de chrainn a chur, crainn ag a bhfuil luach sa bhreis do phobail áitiúla timpeall an domhain.
Leag Juliet Bonhomme, feachtasóir ar son an fhaisin mhaill agus tionchaire, béim ar an gcumhacht atá ag tomhaltóirí trí na cinntí a dhéanann siad: “Is í ár gcumhacht ár n-airgead”.
Lean níos mó ná 100 duine an imeacht ar Facebook ó áiteanna éagsula san Eoraip agus díreach tar éis an imeachta, ionas go mbeadh na leantóirí in ann an t-athrú córasach a fhiosrú tríd an ealaín, taispeánadh saothair a chruthaigh an bheirt ealaíontóirí Sophie Ong agus Tibor Miklos, agus na díospóireachtaí ina spreagadh dóibh. (dgf)