European Economic
and Social Committee
A léitheoirí dile,
An mhí seo, gach bliain, déanaimid Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh ach faraor is meabhrú brónach dúinn an 8 Márta arís eile ar an méid oibre atá fós le déanamh chun a chinntiú gur féidir le mná a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí.
Tá mná faoi ghannionadaíocht sna comhlachtaí cinnteoireachta polaitiúla agus eacnamaíocha, tá an ráta fostaíochta i measc na mban níos ísle ná ráta na bhfear agus is ísle an luach saothair a fhaigheann siad ná mar a fhaigheann na fir.
Anuas air sin, de thoradh na paindéime reatha agus na géarchéime eacnamaíche domhanda, léiríodh gurb iad na mná, maille leis an aos óg, na grúpaí is mó atá buailte agus tá baol ann go scriosfar cuid mhór den dul chun cinn a baineadh amach go crua i gcaitheamh na mblianta. Ar deireadh, is iad na mná a chaithfidh an obair tí agus chúraim neamhíoctha a dhéanamh agus is minic a bhíonn foréigean inscnebhunaithe ann tráthanna dianghlasála agus iallach á chur ar dhaoine fanacht faoi aon díon amháin.
Ar na cúiseanna sin, ní mór dúinn dul i ngleic go práinneach agus go deimhneach leis an neamhionannas agus leis an idirdhealú atá fós ann. Ní féidir linn tuilleadh ama a chur amú: ní mór dúinn a chinntiú go ndéanfar gné na hinscne a chomhtháthú i ngach beartas trí mheán bearta sonracha.
Tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún Eorpach, atá faoi stiúir mná (Ursula von der Leyen) den chéad uair riamh, aghaidh a thabhairt ar an gcomhionannas inscne láithreach agus bearta nua a ghlacadh ar mhaithe leis na bearnaí a líonadh atá fós idir fir agus mná sa mhargadh saothair, sa tuarastal agus pá agus sna poist is sinsearaí dá bhfuil le fáil i réimse an ghnó agus i saol na polaitíochta. Chuige sin, is céim thábhachtach chun tosaigh é an togra le haghaidh treoir maidir le trédhearcacht pá a foilsíodh an 4 Márta.
Thar aon ní eile, áfach, tá gá le hathrú forleathan ar leibhéal an chultúir chun deireadh a chur le steiréitíopaí inscne agus chun an comhionannas iomlán a bhaint amach. Tá CESE tiomanta don chomhrac seo agus déanfaidh sé a chion féin le feabhas a chur ar chúrsaí trí mheán na dtuairimí a fhoilsíonn sé, tuairimí a bhfuil sé mar aidhm acu tionchar a imirt ar na hinstitiúidí Eorpacha agus ar na heagraíochtaí ar a ndéanann sé ionadaíocht. Is comhrac é sin nach mór dúinn uile, idir fhir agus mhná, tabhairt faoi le chéile, ar mhaithe le sochaí atá cothrom i ndáiríre agus ar mhaithe le domhan níos fearr a fhágáil inár ndiaidh dár gclann.
Giulia Barbucci
Leas-Uachtarán ar a bhfuil cúram an bhuiséid in CESE