Tá sé léirithe ag comhaltaí den Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ céard leis a bhfuil siad ag súil ó Uachtaránacht na Fraince

Leis an nGrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ in CESE

Agus Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh faoi lánseol, tá sé curtha in iúl ag comhaltaí an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ an dóchas atá acu maidir leis an seimeastar seo, amhail an daonlathas Eorpach a chumhachtú agus an fócas a aistriú ón Aontas Eorpach go muintir na hEorpa.

Ón 1 Eanáir 2022 i leith, bhí an Uachtaránacht sé mhí ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag an bhFrainc. Ceann de na tosaíochtaí atá aici ná daonlathas na hEorpa a neartú. Tá clár Uachtaránacht na Fraince bunaithe ar thrí phríomhchuspóir, lena n-áirítear Eoraip dhaonnachtúil a chothú a éisteann le hábhair imní na saoránach i gcomhthéacs na Comhdhála leanúnaí ar Thodhchaí na hEorpa.

Thar ceann eagraíochtaí na sochaí sibhialta, tacaíonn CESE leis an gcuspóir sin agus tá sé rannpháirteach go gníomhach sa Chomhdháil. Tá comhaltaí Francacha an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ ag súil le neart rudaí éagsúla.

Dominique Gillot ó Fédération Générale des Pupilles de l’Enseignement Public (FG PEP) agus Conseil National Consultatif des Personnes Handicapées (CNCPH) ag súil ‘go n-athdhearbhófar an coincheap go mbeadh Eoraip chuimsitheach ann i dtaca leis an dlúthpháirtíocht agus an tsláinte, go mbeadh saoránaigh rannpháirteach go hiomlán agus go dtabharfaí aird ar leith ar dhaoine atá faoi mhíchumas agus ar dhaoine scothaosta’.

Creideann Patricia Blanc ó Imagine for Margo – Children without cancer gurbh é COVID-19 a chuir an tsláinte i mbéal an phobail. Molann sí dúinn gan dearmad a dhéanamh ‘go mbíonn tionchar ag ailsí agus ag tinnis neamhchoitianta ar na milliúin daoine san Eoraip gach bliain.’

Tá súil ag Joël Destom ó Mutuelle Interprofessionnelle Antilles Guyane (MIAG) agus AG2R La Mondiale ‘go rachaidh eochairfhocail Uachtaránacht na Fraince, is iad sin téarnamh, muintearas, cumhacht, agus saincheisteanna sóisialta, digiteacha agus aeráide, i bhfeidhm níos mó ar na críocha thar lear’.

Ba mhaith le Arnaud Schwartz ó France Nature Environnement (FNE) go mbeadh Uachtaránacht na Fraince ‘uaillmhianach ní hamháin ina cuid cainte ach ina cuid gníomhaíochtaí freisin, trí reachtaíocht chomhshaoil a chur chun feidhme go cuí’.

Tá imní ar Laurence Sellos ó Chambre d’Agriculture de Seine Maritime go ndéanfaidh an Comhaontú Glas mar atá sé faoi láthair, laghdú mór ar tháirgeacht talmhaíochta na hEorpa. Dúirt sí freisin ‘go n-áitímid ar Uachtaránacht na Fraince an seasamh sin a athbhreithniú ionas go gcabhróidh an earnáil eolaíochta leis an earnáil talmhaíochta dlús a chur leis an aistriú agrai-éiceolaíoch agus go gcabhróidh sí linne dul i ngleic le dúshlán an athraithe aeráide’.

Ar deireadh, creideann Thierry Libaert ó Foras Nicolas Hulot (FNH) ‘go léirítear uaillmhian mhór leis an Eoraip, uaillmhian nach bhfuil an borradh céanna fúithi níos mó ach go bhfuil cuma dhoiléir anois uirthi.’ Dúirt sé gur ‘deis iontach is ea Uachtaránacht na Fraince ar an Aontas Eorpach chun iarracht a dhéanamh nasc nua a chruthú idir na saoránaigh agus an Eoraip. Mar sin, labhraímis níos lú faoin Eoraip, agus níos mó faoi mhuintir na hEorpa.’

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an Choiste chun tuilleadh a fhoghlaim faoi obair an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus i gcomhthéacs Uachtaránacht na Fraince. (jk)