European Economic
and Social Committee
Bhí Duais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta speisialta ar go leor bealaí. Faigh eolas a chuirfeadh iontas ort faoi roinnt de na buaiteoirí agus faoin duais féin!
1. Go luath in 2020, bhí téama roghnaithe cheana féin ag CESE do Dhuais na Sochaí Sibhialta nuair a bhuail COVID-19 an Eoraip. Nuair a thosaigh an nuacht faoi ghníomhartha dlúthpháirtíochta ag teacht isteach go fras, chinn CESE Duais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta a sheoladh in áit Dhuais na Sochaí Sibhialta.
2. Murab ionann agus Duais na Sochaí Sibhialta, a bhronntar ar suas le cúigear buaiteoirí ó gach cearn den Eoraip, bhí sé i gceist ag CESE curadh a aimsiú i ngach tír den Aontas agus sa Ríocht Aontaithe. Gné nua eile den chomórtas ba ea go raibh cead ag cuideachtaí páirt a ghlacadh ann, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, rud nach gceadaítear faoi Dhuais na Sochaí Sibhialta.
3. Fuair Duais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta CESE an dara líon is airde iontrálacha ó tháinig ann do Dhuais na Sochaí Sibhialta CESE, sa dara háit i ndiaidh dhuais 2015 a bhí tiomanta do cabhrú le himircigh agus le dídeanaithe.
4. I gcomparáid leis na duaiseanna a bronnadh roimhe seo, fuair CESE líon níos mó iontrálacha ó eagraíochtaí nach bhfuil bunaithe go foirmiúil, amhail grúpaí saorálacha nó comharsan, rud a léiríonn go soiléir an spiorad atá ann sa phobal.
5. Is í Krystyna Paszko ón bPolainn an buaiteoir is óige riamh i stair na duaise. Bhí sí 17 mbliana d'aois nuair a chuir sí a hiarratas isteach agus, mar sin, bhí ar a máthair a hiarratas a shíniú. Gan í ach ina cailín óg, tarraingíodh aird dhearfach sna meáin Eorpacha ar Krystyna agus ar a tionscadal nua atá thar a bheith cróga agus atá dírithe ar lámh tharrthála a thabhairt d'íospartaigh an fhoréigin baile. Bhí ailt scríofa fúithi sna meáin ar fud na hEorpa agus cuireadh í faoi agallamh ar BBC agus ar theilifís na Beilge.
6. Chuaigh an seanfhocal “nuair a thig cith tig tonnchith” go mór i bhfeidhm ar an mbuaiteoir, Hrvatska Mreža za beskućnike (líonra de chuid na Cróite do dhaoine gan dídean). Cúpla lá tar éis do na húdaráis náisiúnta dianghlasáil a fhorchur, bhuail crith talún láidir Ságrab, príomhchathair na Cróite, den chéad uair le 140 bliain anuas.
7. Bhí taithí cheana féin ag roinnt de na buaiteoirí ar aghaidh a thabhairt ar bhagairtí víris san am a chuaigh thart. Chuir an eagraíocht neamhrialtasach (ENR), Emergency, an buaiteoir trasteorann, cabhair ar fáil le linn na ráige de Ebola i Siarra Leon, agus bhí cúrsaí eagraithe cheana féin ag an mbuaiteoir Éireannach, an t-ardán foghlama, Alison, ar ghéarshiondróm trom riospráide (SARS), fliú muc agus Ebola.
8. Tá duaiseanna eile buaite ag cuid de na buaiteoirí do thionscadail eile a bhaineann le COVID-19. Sampla amháin de sin is ea an saineolaí cumarsáide ón Liotuáin, Karolina Barišauskienė. Sular bhuaigh sí Duais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta as a tionscadal ina ndéantar taifead ar obair na bhfoirne leighis ag línte tosaigh COVID-19, bhí gradam caidrimh phoiblí buaite aici sa Liotuáin as “Aware Youth – Enabled Elderly”, tionscadal sóisialta a spreagann daoine óga chun cloí le rialacha coraintín.
9. Ní hamháin go ndearna cuid mhaith den 250 iarrthóir obair luachmhar ar an láthair, ach smaoinigh siad ar ainmneacha samhlaíocha dá dtionscadail. Is cosúil go raibh na hiarrthóirí ón Spáinn agus ón tSlóivéin an-spreagtha go deo agus smaoinigh siad ar ainmneacha cosúil le #SoulFoodFighters, "Anti-racist Pantry", "It Never Rains but it Pours" nó "Hotel Korona", "Pimp my Walls" agus "Our Streets are Empty but our Hearts are not” dá gcuid tionscnamh. (ll)