D’fháiltigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) roimh an dearbhú gur Bliain Eorpach na hÓige a bheidh ann in 2022 ach tá rabhadh tugtha aige gur cheart níos mó a bheith i gceist leis seachas gníomhaíochtaí poiblíochta amháin agus gur cheart dó cur le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh le pleananna agus rannpháirtíocht shoiléir. Ní mór don tionscnamh dul i bhfeidhm ar na daoine óga is leochailí agus ar na daoine óga sin i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste.

Chun an méid sin a bhaint amach, léirigh CESE i dtuairim dá chuid Bliain Eorpach na hÓige 2022 gur cheart don Aontas táscairí agus spriocanna soiléire a fhorbairt lena ndíreofar ar bheartais do dhaoine óga agus ar obair ar fud earnálacha éagsúla chun nach deireadh iontu féin a bheidh sna gníomhaíochtaí a eagrófar.

“Tá CESE ag tnúth le bheith rannpháirteach ar bhealach dearfach i mBliain Eorpach na hÓige 2022. Is mian linn go mbeidh torthaí nithiúla do dhaoine óga na hEorpa i réimsí beartais a mbíonn tionchar acu ar a saol,” arsa an rapóirtéir don tuairim, Michael McLoughlin.

Chuir CESE in iúl, áfach, gur ábhar imní dó gur cosúil go raibh an iomarca i gceist le clár oibre agus tosaíochtaí na bliana, ó tharla líon mór gealltanas a bheith ann mar aon le tagairtí do thionscnaimh, do bhuiséid agus do réimsí beartais eile.

“Tá sé tábhachtach go mbeidh an togra soiléir agus beacht. Is minic a bhíonn blas ar an mbeagán. D’fhéadfadh sé go mbeadh imní ann go gcuirfeadh liosta fada de réimsí beartais agus freagrachtaí comhroinnte isteach ar an mbéim shoiléir a leagtar ar thorthaí agus ar fhreagrachtaí,” a d’áitigh Michael McLoughlin.

Tá CESE ar aon intinn gur maith an smaoineamh 2022 a ainmniú mar Bhliain Eorpach na hÓige ó thaobh tráthúlachta agus comhthéacs de. Bhí géarchéim COVID-19 an-dian ar dhaoine óga go háirithe agus beidh iarmhairtí aici ar a n-oideachas agus ar a ndea-bhail shóisialta, airgeadais agus mheabhrach go ceann i bhfad. Is díol imní do CESE freisin, áfach, go ndearnadh an togra a fhorbairt go róthapa.

Tá baol ann go mbeidh baint níos mó ag tionscnaimh thábhachtacha a bhaineann leis an óige le fógraí polaitiúla ardphróifíle seachas le forbairt chórasach fhadtéarmach.

Dá dheasca sin freisin, tá cur chun feidhme Bhliain Eorpach na hÓige ar an leibhéal náisiúnta ina dhúshlán toisc gan mórán ama a bheith ag na húdaráis náisiúnta chun gníomhaíochtaí a tharraingt suas sna Ballstáit éagsúla. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh deacrachtaí acu maoiniú a dhéanamh ar chostais na ngníomhaíochtaí atá beartaithe don Bhliain.

Dá bhrí sin, molann CESE buiséad EUR 10 milliún ina iomláine, in ionad an EUR 8 milliún atá beartaithe, a chur ar fáil a mbeadh dhá mhilliún de curtha i leataobh le haghaidh comhordú ar an leibhéal náisiúnta. Tá an méid sin riachtanach chun tionchar leordhóthanach a áirithiú agus chun rannpháirtíocht a spreagadh. (ll)