European Economic
and Social Committee
Rath á bhaint as an téarnamh: tá béim leagtha ag CESE ar ról lárnach na sochaí sibhialta eagraithe
Ní mór do CESE agus don Choimisiún Eorpach oibriú le chéile ar mhaithe le hEoraip a sháróidh an phaindéim agus a dhaingneoidh an téarnamh – Eoraip a bheidh rathúil, cuimsitheach ó thaobh na sochaí de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ba é sin an phríomhtheachtaireacht a thug Uachtarán CESE, Christa Schweng, chuig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Fhadbhreathnaitheacht, Maroš Šefčovič ag an seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí na Nollag.
Agus é á chur in iúl gur díol sásaimh di gur léiríodh neart tograí agus moltaí ó CESE a luadh sa Rún uaidh i mí an Mheithimh 2021, i gClár Oibre an Choimisiúin Eorpaigh do 2022, dúirt Christa Schweng go bhfuil “dlúthbhaint ag na tosaíochtaí atá againne le tosaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh, agus leanfaimid de bheith ag tacú leis an gCoimisiún agus a chuid spriocanna uaillmhianacha á gcur chun feidhme aige. Ní mór dúinn a chinntiú freisin go mbeidh rath ar an tsochaí shibhialta eagraithe agus go dtarlóidh sin i sochaí oscailte atá bunaithe ar luachanna. Cuirimis le chéile chun gurb iontach an áit a bheidh san Eoraip le cónaí inti agus le dul chun cinn sa saol!”
Ó thaobh Ursula von der Leyen de, agus aitheantas á tabhairt aici don obair atá déanta ag CESE, dúirt sí go raibh “Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an-tacúil agus an-docht i gcónaí sa mhisean atá aige: is é sin go gcloisfear guthanna na ndaoine - guth na ngnólachtaí, na n-oibrithe agus na n-eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta. Is dlúthpháirtithe sinn agus is amhlaidh a bheidh amach anseo, agus sinn ag tabhairt faoi phleanáil beartais bhliantúil agus faoi fhorbairt a dhéanamh ar ár bhfís fhadtéarmach.”
Ag tacú lena raibh ráite aici, ghabh an tUasal Šefčovič buíochas le CESE as an dlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach, agus dúirt sé gurbh é an dlúthchomhar sin a choinnigh “na naisc idir an dá institiúid beo beathach” agus thug sé le fios “gurb iad comhaltaí CESE na hambasadóirí is fearr don Aontas Eorpach”. (mp)