Le Stefano Mallia, Uachtarán Grúpa na bhFostóirí in CESE

Ní gan dua a bhainfidh an Eoraip an aeráidneodracht agus an ceannaireacht dhigiteach amach. Tá clár oibre claochlaitheach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip chomh crua céanna agus atá sé tarraingteach. Féachann roinnt Príomhoifigigh Fheidhmiúcháin air mar dhúshlán ollmhór ar fad. Ach tá fostóirí an Aontais réidh dlús a chur lena gcuid iarrachtaí chun an dá aistriú sin a chur i bhfeidhm.

Is léir, mar gheall ar dhícharbhónú na tionsclaíochta, go ngearrfar ardchostais fuinnimh ar chuideachtaí atá dian ar fhuinneamh agus, ag an am céanna, go dtiocfaidh athrú struchtúrach ollmhór ar earnáil na tionsclaíochta, ar earnáil an iompair agus ar earnáil an fhuinnimh, rud a fhágann go mbeidh na tionscail sin i mbaol a bheith faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch sa mhargadh domhanda iomaíoch.

Is féidir dícharbónú na tionsclaíochta a bhaint amach, áfach, ach cuspóir uileghabhálach bheartas aeráide an Aontais a chothromú le straitéis tionsclaíochta uaillmhianach lena gcuirfear borradh faoin iomaíochas – agus freisin le beartas fuinnimh uaillmhianach lena gcinntítear an tslándáil agus an inacmhainneacht fuinnimh fhad-téarmach. Níl aon cheist faoi ach go bhfuil gá le príomhréimsí na polaitíochta fuinnimh a ailíniú leis an iomaíochas tionsclaíoch sa straitéis nuashonraithe maidir le tionsclaíocht, straitéis a bhfuiltear ag súil go n-eiseoidh an Coimisiún í go luath sa bhliain úr.

Ag an am céanna, ní féidir dul chun cinn a dhéanamh ar spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais mura bhfuil réitigh dhigiteacha ann. Ós rud é go bhfuil an Eoraip ag titim chun deiridh i ndáil leis an bhforbairt dhigiteach agus leis an nascacht ardluais, tá gá le “Clár Oibre Digiteach” don Eoraip.

Táimid go láidir den tuairim go bhfuil an acmhainneacht taighde agus na réitigh theicneolaíocha ag cuideachtaí na hEorpa chun ár mór-roinn a bhunú mar ghníomhaí ceannróideach neamhspleách san earnáil dhigiteach.

Ach tá gné riachtanach in easnamh: an infheistíocht. Le Pacáiste Téarnaimh an Aontais, cuirfear tacaíocht airgeadais phoiblí chuimsitheach ar fáil. Más mian linn go n-éireoidh le téarnamh na hEorpa, ní mór dúinn an tacaíocht airgeadais sin a ailíniú le maoiniú príobháideach.

Ní mór dúinn a thabhairt faoi deara go bhfuil tráth cinniúnach buailte linn. Mura gcuirfimid na bearta riachtanacha i bhfeidhm anois, beidh tionchar thromchúiseach fhadtéarmach aige sin ar ról na hEorpa i múnlú na todhchaí domhanda. Níl sé de rogha againn teipeadh sa réimse sin.

An 9 Nollaig, reáchtáil Grúpa na bhFostóirí in CESE seimineár gréasáin dar teideal “An Dí‑charbonú agus an t-Aistriú Digiteach i gComhthéacs an Domhandaithe”. Is féidir na moltaí ón seimineár do lucht cinnteoireachta an Aontais a léamh ag an nasc seo: https://europa.eu/!dN89jx