Institiúidí eile

Cuairt a thabhairt ar na hinstitiúidí Eorpacha eile atá lonnaithe sa Bhruiséil

Tabhair cuaird ar na hinstitiúidí Eorpacha eile atá lonnaithe sa Bhruiséil, cuir eolas ar an gcaoi a n-oibríonn siad, ar na príomhthosaíochtaí atá acu agus ar na gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanann siad.

Parlaimint na hEorpa

Is í Parlaimint na hEorpa croílár an daonlathais san Aontas Eorpach, agus déanann sí ionadaíocht thar ceann breis agus 500 milliún duine. Is féidir tuilleadh eolais a chur ar Pharlaimint na hEorpa trí chuairt a thabhairt uirthi saor in aisce in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Buail isteach chuig an seomra tionóil (an Seomra díospóireachta), breathnaigh thart in ionad na gcuairteoirí sa Pharlamentarium (agus tabhair faoina chluiche rólghníomhaíochta ) nó tabhair cuairt ar Áras Stair na hEorpa chun eolas a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn Parlaimint na hEorpa agus an tionchar atá aici ar an Eoraip agus ar chúrsaí níos faide i gcéin.

Téigh chuig suíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa maidir le cuairteanna chun eolas a fháil faoi mhéid na ngrúpaí, na huaireanta oscailte, coinníollacha áirithinte agus srianta aoise, nó buail isteach chuig Stáisiún na hEorpa ar Place du Luxembourg/Luxemburgplein.

An Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is áit ar leith Ionad na gCuairteoirí sa Chomhairle agus cheapfá agus tú ag siúl isteach ann gur ag siúl isteach i "dTeach na mBallstát" atá tú. Beidh tú in ann do thuiscint ar ról an dá institiúid – an Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh – a thástáil ar bhealach dinimiciúil idirghníomhach. Bíonn Ionad na gCuairteoirí ar oscailt ó Luan go hAoine idir 10.30 a.m. agus 4 p.m.

Cuir do chuairt in áirithe

An Coimisiún Eorpach

Cuireann Ionad Cuairteoirí an Choimisiúin Eorpaigh fáilte roimh ghrúpaí cuairteoirí (ar a bhfuil 15 dhuine ar a laghad) agus déantar cur i láthair agus plé ar ról an Choimisiúin mar fheidhmeannas polaitiúil an Aontais. Ní mór cuairteanna a chur in áirithe ar a laghad 10 seachtaine roimh ré agus is féidir cuairteanna a chur in oiriúint don réimse eolais agus do na hábhair spéise atá ag an ngrúpa.

Coiste Eorpach na Réigiún

Déanann Coiste Eorpach na Réigiún cur i láthair tarraingteach ar ról réigiúin agus chathracha na hEorpa i dtaca le reachtaíocht an Aontais a mhúnlú. Is do ghrúpaí cuairteoirí (ar a bhfuil 15 dhuine ar a laghad) a dhéantar an cur i láthair sin. Ba cheart cuairteanna a chur in áirithe 8 seachtaine, ar a laghad, roimh ré.

Cuairt a thabhairt ar na hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus lasmuigh di: Lucsamburg, Strasbourg, Frankfurt etc.