Cuairt a thabhairt ar CESE

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) fáilte a fhearadh roimh chuairteoirí ó gach cearn den domhan agus a ról agus a ghníomhaíochtaí a mhíniú dóibh.

Cuid mhaith díobh sin a thugann cuairt orainn, is baill d'eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta iad nó is mic léinn iad a bhfuil speisialtóireacht acu i ngnóthaí an Aontais Eorpaigh agus tagann siad chugainn ó na Ballstáit nó lasmuigh díobh.

Cuireann cainteoir agus ball den fhoireann atá againn fáilte roimh gach grúpa cuairteoirí agus míníonn an cainteoir dóibh struchtúr agus gníomhaíochtaí an Choiste mar aon lena ról i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh. Cur i láthair idirghníomhach atá ann agus is féidir leis na rannpháirtithe a dtuairimí a mhalartú i ndiaidh na cainte.

Eagraímid freisin cuairteanna fíorúla i bhfoirm físchomhdhálacha, trínar féidir le rannpháirtithe teagmháil dhíreach a bheith acu lenár gcainteoir gan aon chall dóibh teacht chun na Bruiséile. Maireann na cuairteanna idir uair an chloig agus dhá uair an chloig.

An bealach chun cuairt a chur in áirithe

Más áil leat cuairt ar an láthair nó cuairt fhíorúil a eagrú, is gá an fhoirm iarratais ar chuairt a chomhlánú nó iarratas a sheoladh chuig VisitEESC. Ba cheart na hiarratais a sheoladh ar a laghad trí seachtaine roimh ré. Cuir in iúl san iarratas cén dáta atá uait, cé mhéad rannpháirtí a bheidh i gceist, cén teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh is rogha leat: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.

Ba cheart do ghrúpaí a dteastaíonn cainteoir uathu a bhfuil saineolas aige ar ábhar faoi leith sinn a chur ar an eolas ina thaobh sin roimh ré.


Conas teacht orainn

Seoladh – (Ceantar Eorpach na Bruiséile):
 Rue Belliard/Belliardstraat 99-101
1040 Bruxelles/Brussel

Is é Maelbeek/Maalbeek an stáisiún meitreo is cóngaraí dúinn agus tá roinnt busanna ann a stopann in aice le ceannáras an Choiste. Féach: Faisnéis agus naisc a bheidh áisiúil duit agus do chuairt á heagrú.

Cathain?

Is féidir leis an gCoiste glacadh le grúpaí cuairteoirí idir 9 a.m. agus 5 p.m. (1 p.m. ar an Aoine). Ní réachtáiltear aon chuairteanna ar laethanta saoire oifigiúla. Is féidir le cuairteoirí lón a bheith acu i gceaintín CESE.

Naisc eile