Ní mór daoine óga i réigiún na Meánmhara a áireamh ag gach céim den bhealach, ó cheapadh beartas go cur chun feidhme. Ní hamháin go múnlaíonn siad beartais ach múnlaíonn siad an saol freisin, mar a tugadh chun suntais sa díospóireacht a bhí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE).

Ní mór daoine óga i réigiún na Meánmhara a áireamh ag gach céim den bhealach, ó cheapadh beartas go cur chun feidhme. Ní hamháin go múnlaíonn siad beartais ach múnlaíonn siad an saol freisin, mar a tugadh chun suntais sa díospóireacht a bhí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE).

Is í an díospóireacht a bhaineann le glacadh na tuairime Rannpháirtíocht na hÓige san idirphlé sóisialta agus sibhialta i réigiún na Meánmhara, a tionóladh ag seisiún iomlánach CESE i mí Eanáir, an chéad tuairim ó CESE inar cuireadh ionchur ionadaithe óige an réigiúin san áireamh. Chuir ochtar ionadaithe óga leis an bpróiseas dréachtaithe.

Le linn na díospóireachta, leag an Coimisinéir um Réigiún na Meánmhara, Dubravka Šuica, béim ar a thábhachtaí atá daoine óga do rathúnas, do chobhsaíocht agus d’athléimneacht an réigiúin. Tá todhchaí na Meánmhara ar láimh a ndaoine óga. Ar mhaithe le todhchaí chomhroinnte agus inbhuanaithe, ní mór dúinn dul i dteagmháil go díreach leis na glúnta óga, lena chinntiú go mbeidh a nguthanna mar threoir ag na beartais agus na tosaíochtaí atá againn. I dteannta a chéile, cuirfidh muid cruth ar an gcomhaontú nua don Mheánmhuir trí infheistíocht a dhéanamh san oideachas, i bpoist agus san fhás.’

Chuir Uachtarán CESE, Oliver Röpke, in iúl a thacaíocht do chomhaontú nua an Choimisinéara Šuica, lena ndírítear ar infheistíocht, ar inbhuanaitheacht agus ar imirce, agus dúirt sé freisin nach mór páirt ghníomhach a thabhairt don tsochaí shibhialta i ndearadh an chomhaontaithe sin. ‘Tá rannpháirtíocht na ndaoine óga ríthábhachtach do thodhchaí an réigiúin, agus tá CESE tiomanta a chinntiú go gcuirfidh a nguthanna cruth ar an mbeartas agus ar an gcinnteoireacht. In éineacht leis an Aontas don Réigiún Meánmhuirí agus Fondúireacht Anna Lindh, táimid ag iarraidh Meánmhuir shíochánta rathúil a thógáil.’

Agus béim á leagan aici ar a thábhachtaí atá rannchuidiú na n-ionadaithe óga leis an tuairim, dúirt an Banphrionsa Rym Ali, uachtarán Fhondúireacht Anna Lindh, nach amháin go bhfuil sé tábhachtach oibriú le daoine óga, ach go bhfuil sé práinneach agus tairbheach. ‘Is mór an méid atá i gceist. Gan na daoine óga a bheith ag tacú linn, gan uirlisí a thabhairt dóibh le go mbeidh siad rannpháirteach go comhionann, ní féidir linn réiteach a thógáil don todhchaí. Ní mór suíochán a bheith acu ag an tábla’, a dúirt sí.

Is í Eliane El Haber an t-ionadaí óige don tuairim, agus is comhairleoir í ag Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 4 UNESCO An Óige & Líonra na Mac Léinn. Ghlac sí go fonnmhar le tionscnamh CESE chun daoine óga a rannpháirtiú go gníomhach, daoine a dhéanann ionadaíocht ar chúlraí éagsúla réigiúnacha, inscne, oideachais agus cultúrtha.

Pacáiste an Fhómhair maidir le Seimeastar Eorpach 2025

Document Type
AS

San eagrán seo:

  • Dearcadh CESE i dtaobh thuarascálacha Draghi agus Letta, le Matteo Carlo Borsani, Giuseppe Guerini agus Stefano Palmieri
  • An iomarca den iomaíochas, le Karel Lannoo, CEPS
  • Tá teipthe ar an gcompás iomaíochais an dá thrá a fhreastal: riachtanais gnólachtaí agus cearta oibrithe, le Esther Lynch, Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann
  • Future 500: gnó na hEorpa a chur ar an scála domhanda ionas gur maith a éireoidh leis, le Stjepan Orešković, Comhairle an Atlantaigh
  • Diúltú tugtha ag an gComhghuaillíocht Eorpach um Cheartas Corparáide don phacáiste Omnibus: níor cheart gurbh iad na leasanna corparáideacha a stiúrfadh beartais an Aontais, le Andriana Loredan, ECCJ

Straitéis na hEorpa a fhorbairt maidir leis an Artach i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta

Document Type
AC

Trealamh soláthair le haghaidh feithiclí leictreacha

Document Type
AC

Trealamh soláthair le haghaidh feithiclí leictreacha

Document Type
PAC
Photo from 'The Jungle' project: Trench foot, a fungal infection that affects the feet, is one of the most common health problems among refugees attempting to cross the Białowieża Forest (October 2022). Copyright: Hanna Jarzabek

Is grianghrafadóir faisnéise Spáinneach-Polannach í Hanna Jarzabek. Is ainmní í freisin do Dhuais na hIriseoireachta Iniúchta 2024, a bhfuil léargas gruama á thabhairt aici ar an staid ag an teorainn idir an Pholainn agus an Bhealarúis, áit ina bhfuil na mílte dídeanaithe ag iarraidh foraois Białowieża, ar a dtugtar ‘an dufair’, a thrasnú.

Is grianghrafadóir faisnéise Spáinneach-Polannach í Hanna Jarzabek. Is ainmní í freisin do Dhuais na hIriseoireachta Iniúchta 2024, a bhfuil léargas gruama á thabhairt aici ar an staid ag an teorainn idir an Pholainn agus an Bhealarúis, áit ina bhfuil na mílte dídeanaithe ag iarraidh foraois Białowieża, ar a dtugtar ‘an dufair’, a thrasnú.

Le Hanna Jarzabek

Ó mhí na Samhna 2021 i leith, rinne na mílte dídeanaithe, as tíortha an Mheánoirthir agus na hAfraice go príomha, iarracht foraois Białowieża a thrasnú, arb í an t-aon óghfhoraois atá fágtha san Eoraip, atá suite feadh na teorann idir an Pholainn agus an Bhealarúis. Is áit chontúirteach í an fhoraois ar deacair í a thrasnú, ar a dtugann roinnt dídeanaithe an leasainm ‘an dufair’, go háirithe na daoine sin nach bhfuil cur amach acu ar aeráid chrua oirthuaisceart na hEorpa. Bíonn roinnt mhaith dídeanaithe sáinnithe san fhoraois ar feadh tréimhsí fada ama, áit a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar dhálaí foircneacha amhail easpa bia agus uisce, agus riosca ard hipiteirme agus báis i rith an gheimhridh. Má ghabhann gardaí teorann iad, is iondúil go gcuirtear iallach ar na dídeanaithe sin trasnú siar thar an teorainn, rud a fhágann go bhfágtar iad sna coillte ar thaobh na Bealarúise, go minic san oíche agus gan aon fhinnéithe a bheith i láthair. Chun cumarsáid leis an domhan lasmuigh a chosc, scriostar a bhfóin phóca. Tarlaíonn na fillteacha éigeantacha sin, ar a dtugtar ‘brú siar’, fiú i ndálaí foircneacha, agus ní dhéantar aon eisceachtaí do mhná torracha ná do dhaoine aonair atá ar tí hipiteirme. Díbrítear na daoine sin fós chuig críoch na Bealarúise. Chuir cuid de na dídeanaithe iúl go ndearna an brú siar seo orthu arís agus arís eile, suas le 17 n-uaire fiú, i gcásanna áirithe.

Thóg rialtas na Polainne a bhí ann roimhe seo balla teorann ar a raibh sreang rásúir agus a treisíodh ag an mbonn. Cosúil le bacainní den chineál céanna in áiteanna eile, ní chuireann sé bac ar dhaoine iarracht a dhéanamh teacht isteach san Eoraip. Ina ionad sin, cuireann sé iad i mbaol gortuithe tromchúiseacha eile. Tá gaistí ceamara suiteáilte ag gardaí teorann san fhoraois freisin chun gluaiseachtaí dídeanaithe agus oibrithe cúnaimh a bhrath. Gan campaí dídeanaithe, bíonn ar dhídeanaithe dul i bhfolach san fhoraois chun brú siar go dtí an Bhealarúis a sheachaint. Cuireann an láithreacht mhíleata atá ag dul i méid bac ar rochtain ar chabhair dhaonnúil.

Ón tús, bhí dúshláin shuntasacha le sárú agus cabhair dhaonnúil á cur ar fáil ag an teorainn seo. Tar éis don rialtas a bhí i bhfad amach ar an eite dheis a chumhacht a chailleadh i mí Dheireadh Fómhair 2023, tháinig dóchas chun cinn go n-athrófaí an beartas imirce, ach tá foréigean, brú siar agus rochtain theoranta ar chúram leighis ann go fóill. Faoi láthair, níl ach triúr oibrithe páirtaimseartha de chuid Médecins Sans Frontières ann a chuireann cúram leighis ar fáil feadh na teorann atá 400 ciliméadar ar fad. Níl bonn buan ag an eagraíocht, murab ionann agus réigiúin teorann eile a bhfuil sreafaí imirce comhchosúla iontu. Bíonn orthu dul i ngleic le coinníollacha deacra, agus is minic a chuireann siad cabhair ar fáil sa dorchadas agus gan an trealamh ceart chun diagnóis chruinn a dhéanamh. Cuireann siad a gcóireáil in oiriúint do dhálaí na foraoise, mar shampla insiltí infhéitheacha a thabhairt san oíche nó aire leighis phráinneach a thabhairt i gcásanna tromchúiseacha, amhail breith anabaí.

Ó tógadh an balla, ní hamháin go mbíonn ar na daoine sin aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sláinte. Bíonn orthu cóireáil a chur ar bhristeacha freisin, mar go dtiteann daoine atá ag iarraidh dreapadh thar an mballa ó airde suas le 5 mhéadar. I gcás cuid de na bristeacha sin, tá gá le hobráidí casta agus teastaíonn na míonna chun go mbeidh an cnámh cneasaithe i gceart. Sna cásanna seo, agus i gcásanna hipiteirme, is é an t-aon réiteach ná otharcharr a ghlaoch, cé go bhfuil na hoibrithe sin ar an eolas go ndéanfaidh na gardaí teorann an duine a ghabháil agus go gcoimeádfaidh siad súil air le linn an tseala san ospidéal. Tar éis an duine a scaoileadh amach as an ospidéal, cinneann na gardaí teorann, bunaithe ar a gcritéir féin, ar cheart an duine sin a sheoladh chuig ionad dúnta d’eachtrannaigh nó chuig ionad oscailte. De réir an méid a dúirt roinnt de na daoine a chuir mé faoi agallamh, bhí cásanna ann ina ndearna na gardaí teorann roinnt dídeanaithe, tar éis dóibh a seal san ospidéal a chríochnú, a iompar ar ais go dtí an fhoraois agus a bhrú ar ais go dtí taobh na Bealarúise. Ar an gcaoi sin, thosaigh an scéal arís ón tús.

Le míonna beaga anuas, tá méadú seasta tagtha ar líon na saighdiúirí atá lonnaithe ag an teorainn idir an Pholainn agus an Bhealarúis, rud a léiríonn an teannas atá ag dul i méid sa réigiún. I mí an Mheithimh 2024, sháigh imirceach ag an teorainn saighdiúir Polannach, a fuair bás ina dhiaidh sin. Mar fhreagra air sin, threisigh an rialtas nua a fheachtas frith-imirce agus thug sé isteach dlí a cheadaíonn do shaighdiúirí airm a úsáid aon uair a mheasann siad go bhfuil gá leis, gan cuntasacht a bheith acu as a gcuid gníomhartha. Is cúis mhór imní é an cinneadh sin, go háirithe i bhfianaise na n-eachtraí scanrúla a tharla roimhe seo inar úsáideach forneart. Mar shampla, i mí Dheireadh Fómhair 2023, lámhachadh dídeanaí Siriach sa droim i lár an lae ghil, agus gortaíodh go dona é. Ar an gcaoi chéanna, i mí na Samhna 2023, thuairiscigh oibrithe daonnúla deonacha gur lámhach gardaí teorann ina dtreo gan rabhadh a thabhairt roimh ré, nuair a bhí iarracht á déanamh acu cabhair a chur ar fáil. Leis an dlí nua, tá baol ann ní hamháin go ndéanfar cleachtais chontúirteacha den sórt sin a normalú, ach go gcruthófar timpeallacht níos baolaí fós maidir le saoirse ó phionós, rud a chuirfeadh dídeanaithe agus oibrithe daonnúla i mbaol níos mó. Trí chumhacht neamhrialaithe a thabhairt do shaighdiúirí, baineann an beartas sin an bonn de chearta an duine agus d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le géarú ar an bhforéigean i limistéar teorann atá éagobhsaí cheana féin.

Féachann Donald Tusk le híomhá a léiriú go bhfuil sé níos oscailte agus níos feasaí faoi chearta an duine, ach leanann a rialtas de bhuanú a dhéanamh ar insint an riaracháin a bhí ann roimhe seo. Leanann sé d’imircigh ag an teorainn seo a léiriú mar bhagairt do shochaí na Polainne, iad a dhídhaonnú agus iad a lipéadú mar sceimhlitheoirí nó mar choirpigh. Rinne an rialtas roimhe seo iarracht oibrithe cúnaimh a léiriú mar chomhchoirithe i ngáinneáil ar dhaoine, coir a ngabhann tréimhse príosúnachta suas le hocht mbliana mar phionós leis. Is cosúil go leanfaidh an beartas seo ar aghaidh faoi rialtas Donald Tusk. An 28 Eanáir 2025, cuirfear cúigear oibrithe daonnúla deonacha a chuidigh le teaghlach ón Iaráic agus le duine ón Éigipt in 2022 ar a dtriail. Tá baol ann go ngearrfar an pionós géar céanna orthu.

Ina theannta sin, is beag dóchas is féidir a bhaint as an mbeartas imirce a fógraíodh le déanaí (Deireadh Fómhair 2024). Tugadh isteach crios maolánach i mí Iúil den bhliain seo caite, agus tá an crios sin fós i bhfeidhm. Cuireann sé srian mór ar an rochtain atá ag eagraíochtaí daonnúla, lena n-áirítear Médecins Sans Frontières, agus ag iriseoirí. I ngeall air sin, cuirtear bac ar chúnamh a chur ar fáil do dhídeanaithe agus ar sháruithe ar chearta an duine ag údaráis na Polainne a dhoiciméadú.

Is é an ghné is conspóidí den bheartas sin, áfach, an plean chun an ceart chun tearmainn a chur ar fionraí ag an teorainn sin, beart a thagann salach go follasach ar chearta bunúsacha an duine a aithnítear ar fud na hEorpa. Ina theannta sin, beidh impleachtaí forleathana ag an mbeartas sin don phobal áitiúil i réigiún na teorann, cé gur forbraíodh é gan aon chomhairliúchán a dhéanamh roimh ré leis an bpobal sin ná le heagraíochtaí daonnúla. Tá léargas ríthábhachtach faighte ag na heagraíochtaí sin freisin, atá ag obair gan stad gan staonadh chun cabhair a chur ar fáil, ar staid agus ar riachtanais na ndídeanaithe atá ag iarraidh an teorainn a thrasnú, agus ar na dúshláin atá rompu. Ní hamháin go mbaintear an bonn d’iarrachtaí daonnúla trí neamhaird a thabhairt ar léargas den sórt sin, ach tá baol ann freisin go gcuirfí le staid atá tubaisteach cheana féin.

Rinneadh an tuarascáil imscrúdaitheach seo le tacaíocht ó dheontas ón gciste um Iriseoireacht Iniúchta don Eoraip (IJ4EU).

Is grianghrafadóir faisnéise Spáinneach-Polannach í Hanna Jarzabek atá lonnaithe i Maidrid, a bhfuil cúlra aici san Eolaíocht Pholaitiúil agus taithí aici mar anailísí polaitiúil do ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe. Díríonn a cuid oibre ar théamaí amhail an t-idirdhealú, an fhéiniúlacht inscne, an éagsúlacht ghnéasach agus sreafaí imirce feadh theorainneacha thoir an Aontais. Glacann sí cur chuige íogair agus measúil. Tá a cuid oibre foilsithe ag mórchuideachtaí meán, amhail El País agus Newsweek Japan. Cuireadh a cuid oibre ar taispeáint go hidirnáisiúnta agus tugadh aitheantas di leis an iliomad gradam. Mar shampla, ainmníodh í don ghradam ‘Impact Award 2024’ de chuid an tionscnaimh IJ4EU agus do Ghradam Leica Oskar Barnack 2023.

Grianghraf ón tionscadal ‘The Jungle’:

Is ionfhabhtú fungasach a théann i bhfeidhm ar na cosa é cos mhorgach, ar cheann de na fadhbanna sláinte is coitianta é i measc dídeanaithe a dhéanann iarracht Foraois Białowieża a thrasnú (Deireadh Fómhair 2022). 

Le Giuseppe Guerini

Mar a thugtar le fios i dteideal Thuarascáil Letta, tá i bhfad níos mó i gceist leis an Aontas Eorpach agus a chóras eacnamaíoch agus gnó ná margadh. Is mar sin don scéal mar, ón tús ar fad, roghnaigh an tAontas Eorpach a bheith ina gheilleagar sóisialta margaidh, rud ar dá réir nach ionann an rathúnas eacnamaíoch agus saibhreas a dhéanamh amháin. Is ionann é agus saibhreas a dhéanamh sa trádáil agus sa mhargadh agus a bheith cinnte go rachaidh an saibhreas sin chun tairbhe do chách. 

Le Giuseppe Guerini

Mar a thugtar le fios i dteideal Thuarascáil Letta, tá i bhfad níos mó i gceist leis an Aontas Eorpach agus a chóras eacnamaíoch agus gnó ná margadh. Is mar sin don scéal mar, ón tús ar fad, roghnaigh an tAontas Eorpach a bheith ina gheilleagar sóisialta margaidh, rud ar dá réir nach ionann an rathúnas eacnamaíoch agus saibhreas a dhéanamh amháin. Is ionann é agus saibhreas a dhéanamh sa trádáil agus sa mhargadh agus a bheith cinnte go rachaidh an saibhreas sin chun tairbhe do chách.

Ar an gcaoi sin, cruthaíonn fiontair an gheilleagair shóisialta éiceachóras a chinntíonn an dlúthpháirtíocht trí bhíthin an ghnó. Is samhail úsáideach é sin d’eagraíochtaí príobháideacha a ghníomhaíonn ar mhaithe leis an leas ginearálta mar sin féin.

Sainaithnítear an ghné sin i dTuarascáil Letta, gné ar ionchorpraíodh í cheana sa phlean gníomhaíochta agus sa mholadh maidir leis an ngeilleagar sóisialta. Iarrtar sa tuarascáil ar na hinstitiúidí Eorpacha na saintréithe sonracha a bhaineann le fiontair an gheilleagair shóisialta a aithint. Ina dhiaidh sin, ba ghá na rialacha atá ann don mhargadh inmheánach agus don iomaíocht a oiriúnú agus an creat dlíthiúil maidir le státchabhair a fheabhsú chun a chinntiú gur fusa d’fhiontair an gheilleagair shóisialta teacht ar iasachtaí agus ar mhaoiniú.

Ní beag an obair atá déanta ag CESE chun a chinntiú go n-aithníonn na hinstitiúidí Eorpacha agus idirnáisiúnta cuspóir agus ról fhiontair an gheilleagair shóisialta. Ghlac sé páirt i roinnt mhaith tionscnamh agus tá an-chuid tuairimí glactha aige i gcomhréir leis an obair a d’fhág gur glacadh an Plean Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Sóisialta in 2021 agus an Moladh do na Ballstáit in 2023. Anuas air sin, d’eisíomar tuairimí maidir leis an mbeartas iomaíochta agus an státchabhair a mhéid a bhaineann le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Mar thoradh air sin, tá sé tugtha chun solais againn gur gá méadú a dhéanamh ar na tairseacha maidir le státchabhair de minimis a dheonú. D’éirigh linn athruithe a dhéanamh ar an rialachán a formheasadh go déanach in 2023 dá bharr chomh maith. Iarrtar i dTuarascáil Letta go ndéanfaí an rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine a oiriúnú agus go gcuirfí feabhas ar chúrsaí maoinithe. Tá an dá iarraidh sin i gcomhréir leis an nglao a rinne CESE i dtuairimí éagsúla a eisíodh in 2022 agus in 2023. Leis sin, moltar dúinn coinneáil ag obair chun an tuairim seo a chur chun cinn ar mhaithe le borradh a chur faoin aitheantas a thugtar don gheilleagar sóisialta. Ba mhaith linn tuilleadh daoine a chur ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann le rialáil éifeachtach maidir le hiomaíocht agus státchabhair d’fhiontair an gheilleagair shóisialta agus do chóras iomlán na seirbhísí leasa ghinearálta araon.

Copyright: Camille Le Coz

Glacadh an Comhshocrú i mí na Bealtaine 2024, agus is cloch mhíle stairiúil a bhí ann dar le lucht a mholta, ach is rud é Comhshocrú nua seo an Aontais maidir le hImirce agus Tearmann nach bhfuil cruthúnas ann fós i leith a chuid fiúntais. Is cinnte nach gan dua a éireoidh linn na dúshláin atá romhainn in 2025 a shárú. Tá éiginnteacht mhór ag roinnt leis an timpeallacht gheopholaitiúil atá ann faoi láthair. Beidh aird le tabhairt ar an mbunchastacht atá ag roinnt leis an gComhshocrú, sin agus ar an spriocdháta docht atá ann lena chur chun feidhme. Beidh nithe go leor le coinneáil i gcothromaíocht le chéile le linn na hoibre. Seo anailís le Camille Le Coz ón Institiúid Eorpach um Beartas Imirce (MPI Europe)

Glacadh an Comhshocrú i mí na Bealtaine 2024, agus is cloch mhíle stairiúil a bhí ann dar le lucht a mholta, ach is rud é Comhshocrú nua seo an Aontais maidir le hImirce agus Tearmann nach bhfuil cruthúnas ann fós i leith a chuid fiúntais. Is cinnte nach gan dua a éireoidh linn na dúshláin atá romhainn in 2025 a shárú. Tá éiginnteacht mhór ag roinnt leis an timpeallacht gheopholaitiúil atá ann faoi láthair. Beidh aird le tabhairt ar an mbunchastacht atá ag roinnt leis an gComhshocrú, sin agus ar an spriocdháta docht atá ann lena chur chun feidhme. Beidh nithe go leor le coinneáil i gcothromaíocht le chéile le linn na hoibre. Seo anailís le Camille Le Coz ón Institiúid Eorpach um Beartas Imirce (MPI Europe)

Tá ceisteanna práinneacha ag teacht chun follais i dtús 2025 maidir le todhchaí na mbeartas imirce san Aontas Eorpach (AE). Tá bealach soiléir leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach nua leis an bplean atá aige a chur chun feidhme don Chomhshocrú nua maidir le hImirce agus Tearmann. Mar sin fein, tá an baol ann go mbeidh malairt fócais ann go polaitiúil, agus baol dá réir go ndéanfar cuid de na hacmhainní a atreorú de bhrí gur rud a bhíonn ag síorathrú atá in imthosca an scéil. Tá toghcháin ag teacht aníos sa Ghearmáin. Sin rud a chuir barr ar an éiginnteacht. Rud eile is cúis éiginnteacha an iarmhairt atá ar chliseadh réimeas Assad sa tSiria, sin agus a dhothuartha atá imeachtaí an chogaidh san Úcráin. Tá plé á dhéanamh ar cheist na samhlacha seachtraithe. Is minic gan san obair sin, áfach, ach ainliú polaitíocht ar mhaithe leis féin seachas rud is cuid de straitéis chomhtháite Eorpach. Idir an dá linn, tá an imirce fós á húsáid le haighneas a chothú ar teorainn na Polainne agus na Bealarúise, agus is rud é an neamhaird ar dhlí an Aontais atá ag éirí níos coitianta mar gheall ar an ionstraimiú sin. Is ríthábhachtach an bhliain atá romhainn: beidh le feiceáil an féidir leis an Aontas Eorpach cur chuige a chleachtadh arb é cothú na muiníne an toradh a bheidh air, cur chuige a fhágfaidh gur comhghníomhaíocht a bheidh á déanamh. Sin rud a bhfuil géarghá leis nó is tuilleadh den ilroinnt atá i ndán.

I mí na Bealtaine 2024, tar éis dhianchaibidlíocht na mblianta, dúirt go leor de lucht ceaptha beartas na hEorpa gur chloch mhíle stairiúil a bhí i nglacadh an Chomhshocraithe. Go gairid roimh thoghcháin na hEorpa, léirigh an comhaontú seo gur bua de chuid na mBallstát seasamh guaille le guaille agus dul i ngleic le cuid de na fadhbanna is dúshlánaí atá le réiteach acu. Cuid lárnach de spriocanna an Chomhshocraithe ab ea aghaidh a thabhairt ar an teannas idir freagracht agus dlúthpháirtíocht. Rud eile a bhí le leigheas an dearcadh úd gur géarchéim bhuan atá i ngéarchéim na himirce. Bhí an tríú fadhb ann: comhchuibhiú na neamhréireachtaí i nósanna imeachta tearmainn na mBallstát. Is fíor gur iomlánú ar an gcóras atá ann faoi láthair atá sa chreat nua thar aon ní eile. Mar sin féin, beidh bearta á ndéanamh dá bharr is déine ná na seanbhearta. Ina measc sin tá an scagadh córasach, nósanna imeachta feabhsaithe maidir le tearmann agus filleadh ag na teorainneacha, sin agus an díolmhú ó rialacha coiteanna le linn géarchéime. Rud eile a dtacaíonn an Comhshocrú leis neartú a dhéanamh ar an Eorpú. Gnéithe éigeantacha de sin atá sa dlúthpháirtíocht, i ról feabhsaithe na n-institiúidí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, mar aon le méadú ar an maoiniú agus ar an maoirseacht atá an Eoraip a dhéanamh.

Tá biseach ar chreidiúnacht an Aontais. Tharlódh, áfach, gur gearr a bheidh an sceal amhlaidh a mhéid a bhaineann an sceal le comhbhainistiú na himirce. Sin é is baol mura gcuire muintir na hEorpa na rialacha nua chun feidhme faoi mhí na Bealtaine 2026. Is dúshlán ar leith an sprioc-am docht sin arae is éard atá i ndán faoi scáth an Chomhshocraithe córas casta a bhunú, acmhainní a chur ar fáil, baill a earcú i gcomhair na foirne agus oiliúint a chur orthu. Is do na Ballstáit atá sa bhearna bhaoil is troime an dúshlán. Cé go bhfuil pleananna gníomhaíochta náisiúnta dréachtaithe ag na Ballstáit, is obair í sin a bhfuiltear dall ar a leath, agus tá easpa teachtaireachtaí polaitiúla ann. Tá an baol a bhaineann leis an mbearna sin ag dul i méid, ós rud é go bhfuil an stiúradh polaitiúil ríthábhachtach chun an chothromaíocht leochaileach a choinneáil ar leibhéal an Aontais.

Thairis sin, is gá comhghuaillíochtaí geallsealbhóirí a bhunú chun an córas nua a chur chun feidhme. Tá ról lárnach ag gníomhaireachtaí náisiúnta tearmainn leis na téacsanna casta reachtacha a thiontú ina gcreataí praiticiúla. Tá ról lárnach ag gníomhaireachtaí an Aontais sa phróiseas sin cheana – go háirithe Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann. Tá rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha chomh tábhachtach céanna chun leas a bhaint as a gcuid saineolais agus chun rochtain ar chomhairleoireacht dhlíthiúil agus ar fhormhaoirseacht dhlíthiúil ar na nósanna imeachta nua a áirithiú, i measc nithe eile. Chun tacú leis na hiarrachtaí sin, tá gá le cur chuige níos comhoibríche, rud lena n-áirítear comhairliúcháin rialta, sásraí láidre comhroinnte faisnéise, agus tascfhórsaí oibríochtúla a thagann le chéile go rialta.

Idir an dá linn, tá aird mhór ar straitéisí seachtraithe, agus tá méadú ar líon na bpríomhchathracha Eorpacha a mheasann gur réiteach iad na straitéisí sin ar dhúshláin na himirce san Aontas. Is suaite an díospóireacht a bhí ann de bharr an chomhaontaithe idir an Iodáil agus an Albáin, díospóireacht faoi gach is acmhainn don Aontas a dhéanamh le feabhas a chur ar bhaintistiú na himirce measctha. Ó tharla sin amhlaidh, bhí aird ar leith ar Giorgia Meloni ar fud na hEorpa. Bíodh sin mar atá, is rud é nach raibh toradh fónta air fós. Níl ann ach comhaontú déthaobhach, comhaontú atá dúnta ar chomhpháirtithe Eorpacha eile dá mba mhian comaoin a chur ar an obair. Idir an dá linn, tá rialtais eile ann atá ag smaoineamh ar shamhlacha malartacha eile. Ina measc sin tá na moil fillte, mar aon le bealaí chun na moil sin a chomhtháthú i gcur chuige uile-Aontais.

Beidh ceist seo an fhillte i gceartlár na díospóireachta polaitiúla as seo go ceann tamall de mhíonna. Go deimhin, tá cuid den Chomhaontú ag brath ar luas an fhillte a fheabhsú, go háirithe i gcás daoine aonair atá faoi réir nósanna imeachta teorann i stáit túslíne. Tá an Coimisiún agus na Ballstáit ag féachaint le dul i ngleic leis an bpráinn sin agus spás a fhágáil san am céanna do mhoil phíolótacha um fhilleadh. I dtaca leis sin, tá súil sa Mharta le tograí chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir um Fhilleadh. Ó tharla brú ama ann, tá an baol ann nach ndéanfaidh muintir na hEorpa a machnamh go hiomlán ar na ceachtanna a foghlaimíodh ar láthair na háite, ainneoin an dul chun cinn atá déanta le deich mbliana anuas i réimsí éagsúla, an fhor-rochtain, an chomhairleoireacht, an tacaíocht don ath-lánpháirtiú, agus an fhoghlaim fhrithpháirteach ar leibhéal an Aontais. Ar a mhuin sin, ní mór don Eoraip a bheith san airdeall nach dochar don chaidreamh le tíortha tionscnaimh a dhéanfaidh tástáil na samhlacha seachtraithe, agus ní mór di a bheith san airdeall dá reir nach lagóidh sé an seasamh atá ag an Eoraip ar bhonn níos leithne.

Ní bréag a rá gurb é an siúl ar an tanaí é i dtimpeallacht atá thar a bheith éiginnte. Fágann sin gur tástáil atá i gcur chun feidhme an Chomhshocraithe ní hamháin do bhainistiú na himirce ach do thionscadal an Aontais freisin sa chiall is leithne den fhocal. Is maith an léargas gach ata ag tarlú ag teorainn na Polainne faoi láthair, thar áit ar bith eile, ar na dúshláin shonracha atá le sárú má tá i ndán go n-urramófar na rialacha ceangailteacha bhrú ó thír chomharsanach eascairdiúil. Is léir ach féachaint ar chás na Siria agus na hÚcráine nach mór do phríomhchathracha na hEorpa a ullmhú i gcoinne teagmhais den chineál a thiocfaidh aniar aduaidh orthu. Sa bhliain atá romhainn, is ríthábhachtach ceannaireacht láidir a chothú ar leibhéal an Aontais chun rialacha nua a chur chun feidhme agus leanúint orainn ag féachaint nuálaíochtaí atá i gcomhréir le cur chuige comhpháirteach agus a neartaíonn an cur chuige sin. Is éard atá i gceist leis sin díriú ar thógáil na gcomhpháirtíochtaí athléimneacha le tíortha tosaíochta, sin agus deimhin a dhéanamh de nach ar an gcleasaíocht pholaitiúil a chaithfear na hacmhainní.

Tá Camille Le Coz ina Stiúrthóir Comhlach leis an Migration Policy Institute Europe, institiúid taighde sa Bhruiséil atá ag iarraidh bainistíocht níos éifeachtaí a dhéanamh ar an inimirce, ar lánpháirtiú na n-inimirceach agus ar chórais tearmainn chomh maith le torthaí rathúla do dhaoine nua, do theaghlaigh de chúlra inimirce, agus do na pobail a bhíonn ag glacadh na n-imirceach.

San eagrán seo:

  • A chinntiú go mbeidh an tacaíocht d’fhiontair shóisialta i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an státchabhair le Guiseppe Guerini
  • Taispeáint CESE den scannán ‘Under the Grey Sky’ - agallamh leis an stiúrthóir Mara Tamkovich
  • D’fhéadfadh comhaontú nua maidir le himirce agus tearmann dúshlán a thabhairt don tionscadal Eorpach le Camille le Coz, MPI Europe
  • Uaigheanna gan ainm ag teorainneacha seachtracha na hEorpa le Barbara Matejčić
  • Dídeanaithe ón tSiria:

    - Cur chuige an Aontais i leith daoine atá ag filleadh ar an tSiria - cor cinniúnach i mbeartas imirce le Alberto-Horst Neidhardt, EPC

    - Níor cheart do thíortha an Aontais iallach a chur ar dhídeanaithe ón tSiria filleadh le linn éagobhsaíocht leanúnach le Jean-Nicolas Beuze, UNHCR

San eagrán seo:

  • A chinntiú go mbeidh tacaíocht d’fhiontair shóisialta i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an státchabhair le Guiseppe Guerini
  • Taispeáint CESE den scannán ‘Under the Grey Sky’ - agallamh leis an stiúrthóir Mara Tamkovich
  • D’fhéadfadh comhaontú nua maidir le himirce agus tearmann dúshlán a thabhairt don tionscadal Eorpach le Camille le Coz, MPI Europe
  • Uaigheanna gan ainm ag teorainneacha seachtracha na hEorpa le Barbara Matejčić
  • Dídeanaithe ón tSiria:

    - Cur chuige an Aontais i leith daoine atá ag filleadh ar an tSiria - cor cinniúnach i mbeartas imirce le Alberto-Horst Neidhardt, EPC

    - Níor cheart do thíortha an Aontais iallach a chur ar dhídeanaithe ón tSiria filleadh le linn éagobhsaíocht leanúnach le Jean-Nicolas Beuze, UNHCR