European Economic
and Social Committee
Rialacha cothroma simplí ag teastáil ón Aontas má tá sé le bheith san iomaíocht i gcónaí
Don té ar mian leis a ghnó a fhorbairt thar theorainneacha san Aontas, beidh air aghaidh a thabhairt ar an iliomad rialacha CBL a thagann salach ar a chéile agus carn mór páipéarachais, rudaí a chuireann leis na costais. Bíonn ar na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) dul i ngleic le hualach díréireach comhlíontachta, rud a fhágann gur deacra dóibh forbairt a dhéanamh agus dul san iomaíocht. Tá athchóirithe práinneacha á n-éileamh ag CESE in dhá thuairim a glacadh i seisiún iomlánach mhí Feabhra, i bhfianaise Thuarascálacha Letta agus Draghi. I measc na moltaí a rinneadh, tá rialacháin airgeadais chomhchuibhithe, tuairisciú faoi thiomáint na hIntleachta Saorga agus beartas tionsclaíoch comhordaithe.
‘Cnámh droma rathúnas eacnamaíoch na hEorpa é an margadh aonair ach, dá ainneoin sin, níor cuireadh i gcrích é fós in earnálacha ríthábhachtacha mar an t-airgeadas, an fuinneamh agus na seirbhísí digiteacha,’ a dúirt Uachtarán CESE Oliver Röpke. ‘Léiríonn díospóireacht an lae inniu an géarghá atá le hathchóirithe a dhéanamh le bacainní a bhaint, earnáil na seirbhísí a neartú agus cothrom na Féinne a chinntiú do na gnólachtaí ar fud an Aontais.’
Rinne Maria Luís Albuquerque, Coimisinéir um Sheirbhísí Airgeadais agus um an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta, a tacaíocht don mhéid sin a chuir in iúl: ‘An fhís atá agamsa den Aontas Coigiltis agus Infheistíochta ná rud a chruthóidh rachmas do na saoránaigh agus a chothóidh fás i measc na gcuideachtaí trína dtabhairt le chéile i dtimpeallacht shábháilte iomaíoch a ndéanfar rialáil agus maoirsiú cuí uirthi.’
Sna tuairimí ó CESE, luaitear dhá dhúshláin shuntasacha atá roimh an iomaíochas: an ilroinnt sa mhargadh aonair, rud ar tarraingíodh aird air i dTuarascálacha Letta agus Draghi, mar aon leis an rómhaorlachas arb iad na FBManna is mó a bhíonn thíos leis. Cuireann an dá rud sin srian leis an nuálaíocht agus an fás eacnamaíoch.
Cén fhadhb atá ann?
Gnólachtaí ar fud na hEorpa, níl siad in ann ag na rialacháin chasta fhorluiteacha atá ann. Dá dheasca sin, cuirtear am agus airgead amú, cuirtear moill ar an gComhaontú Glas agus cuirtear srian leis an rochtain atá ag na cuideachtaí meánmhéide ar mhaoiniúchán. Cuirtear frustrachas ar an lucht gnó, cuirtear leis na costais atá le híoc ag an tomhaltóir agus cuirtear bac ar an bhfás eacnamaíoch.
De bhreis ar an ualach rialála, tá dúshláin struchtúracha níos doimhne ann a bhaineann an bonn ó iomaíochas an Aontais. Tá teorainn le cumas an Aontais dul san iomaíocht ar an leibhéal domhanda mar gheall ar a mhoille atá an margadh aonair á chur i gcrích, mar gheall ar an neamhionannas atá ann ó thaobh bonneagar digiteach agus fuinnimh de agus mar gheall ar a laghad a chomhordaítear an beartas tionsclaíoch. Cé gur féidir le bloic eacnamaíocha eile beart a dhéanamh gan mhoill le hinfheistíocht a mhealladh agus nuálaíocht a chothú, go tapa chun infheistíocht, tá an Eoraip i mbaol a titime ar gcúl.
Cén réiteach atá ann?
Má táthar chun an t-iomaíochas a neartú, beidh gá le cur chuige cuimsitheach, lena n-áirítear bacainní a bhaint in earnálacha ríthábhachtacha mar an t-airgeadas agus an fuinneamh, dlús a chur leis an gclaochlú digiteach agus cinnte a dhéanamh de gur féidir le FBManna forbairt a dhéanamh agus dul san iomaíocht agus cothrom na Féinne á fháil acu.
Moltar an méid a leanas sna tuairimí ó CESE:
- Rialacháin a shimpliú gan na caighdeáin chomhshaoil ná na caighdeáin shóisialta a ísliú.
- Ardán aonair amháin faoi thiomáint na hintleachta saorga a chruthú leis an tuairisciú a dhéanann na FBManna agus na cuideachtaí meánmhéide a chuíchóiriú, rud a d’fhágfadh gurbh fhusa agus gurbh thapa an chomhlíontacht.
- Rialacha a chomhchuibhiú ar fud na n-earnálacha ar mhaithe leis an bpáipéarachas a laghdú.
- Na rialacháin airgeadais a chaighdeánú ar fud na mBallstát trí bhíthin beartas tionsclaíoch Eorpach comhordaithe.
- An Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a athchóiriú, le gur cothroime an córas agus gur lú an t-ualach a bhaineann leis. (gb)