European Economic
and Social Committee
Tá géarghá le straitéis Eorpach maidir le tionsclaíocht
Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag tathant ar an Aontas Eorpach straitéis láidir a chur chun feidhme maidir leis an tionsclaíocht. D’fhágfadh an straitéis sin go bhféadfaí cur leis an iomaíochas, poist ardcháilíochta a chruthú agus bheadh sí i gcomhréir leis an gComhaontú Glas. Chun go n-éireoidh leis an straitéis, ní mór dlúthfhaireachán a dhéanamh uirthi agus í a chur in oiriúint do na dúshláin atá ag teacht chun cinn.
‘Tá baol mór ann go dtarlóidh díthionsclú ar fud na hEorpa. Ní mór don tionsclaíocht agus don ghníomhaíocht aeráide a bheith fite fuaite ina chéile,’ arsa Andrea Mone, rapóirtéir na tuairime Todhchaí na tionsclaíochta san Aontas Eorpach i bhfianaise na bpraghsanna arda fuinnimh agus na gcostas ard aistrithe atá ann a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí Feabhra.
Sa tuairim sin, leag CESE béim ar an tábhacht atá le creat láidir eacnamaíoch agus rialála chun go bhféadfar dul i ngleic leis an gcostas ard ar fhuinneamh agus ar amhábhar, leis na dúshláin a bhaineann leis an infheistíocht san aistriú glas, leis na bearnaí sa bhonneagar, le ganntanas scileanna agus leis an éileamh lag laistigh den Aontas. Tá an-tábhacht le beartas iomaíochais atá dírithe ar an infheistíocht agus ar an nuálaíocht le go bhféadfar an comhtháthú sóisialta agus críochach a chur chun cinn.
Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí beart go práinneach toisc an mhéadaithe ar na hábhair imní atá ann maidir le slándáil eacnamaíoch na hEorpa agus a spleáiche atá an Eoraip ar thríú tíortha. Sa tréimhse seo ina bhfuil méadú ar an éiginnteacht gheopholaitiúil agus trádála, tá gá le beartas trádála Eorpach athléimneach chun an inbhuanaitheacht thionsclaíoch a chosaint tráth atá spriocanna éagothroma ann maidir le dícharbónú, ró-acmhainneacht ann ar an leibhéal domhanda agus méadú ar an teannas trádála. Le go bhféadar an sprioc sin a bhaint amach, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an Eoraip níos neamhspleáiche maidir le hamhábhair chriticiúla a fháil.
Tá an-tábhacht leis an infheistíocht bhreise, rud a tugadh le fios i dtuarascáil Draghi, agus le hathchóirithe ar an rialachas. Fágfaidh margadh aonair aontaithe, go háirithe i réimse an fhuinnimh, go neartófar geilleagar an Aontais. Trí na hualaí rialála a laghdú, creataí an mhargaidh leictreachais a bheachtú agus feabhas a chur ar na hionstraimí airgeadais ar nós comhaontuithe ceannaigh cumhachta, tacófar leis an gclaochlú in earnáil na tionsclaíochta.
Le go bhféadfar an t-aistriú cóir a bhaint amach, tá gá le hidirphlé sóisialta láidir agus le cómhargáil. Ní mór don bheartas tionsclaíoch a bheith i gcomhréir leis na straitéisí maidir le hoideachas agus an lucht saothair, agus béim á leagan ann ar an taighde, ar an nuálaíocht agus ar fhorbairt scileanna. Cuideoidh an infheistíocht sa bhonneagar fuinnimh, san fhuinneamh in-athnuaite agus i dtionscnaimh an gheilleagair chiorclaigh leis na spriocanna aeráide a bhaint amach.
Ina theannta sin, ghlac CESE tuairim fhorlíontach Todhchaí na dtionscal dianfhuinnimh san Aontas ina moltar réitigh shaincheaptha chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach na dtionscal sin a chinntiú. Tá todhchaí thionsclaíoch an Aontais ag brath air go dtabharfaidh an tAontas aghaidh ar na dúshláin ar leith atá le sárú ag na tionscail sin. (ll)