TionóladhLeatsa an Eoraip, Abair Leat! an 13 agus an 14 Márta seo caite. Tionól bliantúil é seo i gcomhair na hóige a bhíonn á eagrú ag CESE. Díríodh ann ar ról na ndaoine óga i múnlú na todhchaí athléimní. 

Ag ócáid na bliana seo, tháinig beagnach 100 duine óg le chéile ó gach cearn den Aontas, ó naoi dtír is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, sin agus ón Ríocht Aontaithe. Labhair na rannpháirtithe thar ceann na n-eagraíochtaí óige, na gcomhairlí náisiúnta óige agus na meánscoileanna, rud a tharraing aird ar gacj is ábhar imní do raon leathan grúpaí. Is abhcóidí óga go leor acu a bhfuil taithí na mblianta acu. I gcás daoine eile, ba é an t-imeacht seo an chéad chéim thábhachtach chun dul i ngleic leis an daonlathas rannpháirtíochta ina bpobail féin agus níos faide ó bhaile.

Le linn na gceardlann, faoi threoir na n-éascaitheoirí, thug na daoine óga suntas do na saincheisteanna is práinní ar cheart dar leor go gcuirfeadh na gníomhaithe polaitiúla aghaidh orthu. I measc na gceisteanna sin, bhí an comhrac i gcoinne an éillithe agus straitéis chomhleanúnach aeráide a fhorbairt, mar aon le hionannas na gceart a chinntiú do chách. Ós rud é go gcreimeann an t-éilliú an mhuinín atá ag na daoine as na hinstitiúidí agus ós rud é go lagaíonn sé an daonlathas, ba ríthábhachtach tacú leis an iriseoireacht iniúchach agus trédhearcacht a fheabhsú maidir leis an úsáid a bhaintear as airgead na gcáiníocóirí.

'Ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh cuntasacht ann. Ní féidir a bheith inar mbaireoirí ar an gclaí: tá costas na neamhghníomhaíochta ró-ard. Ní mór dúinn dul i ngleic leis agus an bua a fháil air,' a dúirt YEYSer amháin.

Is éard a dúirt na daoine óga gur mithid cuspóirí coiteanna a bheith ann sa chomhrac in aghaidh an athraithe san aeráid. Ba léir dá réir gur gá beatha an duine a chosaint ar thionchar díobhálach an athraithe san aeráid agus aitheantas a thabhairt don chosaint sin go foirmeálta. D’iarr siad curaclam a bheadh bunaithe ar luachanna agus sin a bheith mar chuid den dearadh, curaclam a mbeidh tionchar dearfach aige ar nósmhaireacht na ndaoine ar líne, curaclam a chuirfidh srian leis an mífháisnéis. Mhol rannpháirtithe YEYS cearta comhionanna, cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna, chomh maith le cuimsiú do chách i ngach réimse. Maidir leis an easpa ionadaíochta don óige sna próisis chinnteoireachta pholaitiúla, chuir siad i bhfios go láidir go n-éilíonn daonlathas go n-éistfí le gach guth.

Ba é buaicphointe an imeachta leathlae seisiún iomlánach deiridh na hóige, áit ar chuir slua tiomanta rannpháirteach a gcuid moltaí faoi bhráid Uachtarán CESE Oliver Röpke agus chomhordaitheoir óige an Aontais Biliana Sirakova. Tar éis an vóta, rangaigh YEYSers cúig phointe fócais in ord a dtábhachta.

(1) An t-éilliú a chomhrac trí thrédhearcacht agus rannpháirtíocht na hóige.

(2) An tsaoránacht ghníomhach: ón seomra ranga go dtí an pobal.

(3) IN ar son an chomhionannais.

(4) Tá suíochán dá gcuid féin tuillte ag an aos óg.

(5) Straitéis chomhtháite um athrú aeráide a fhorbairt.

Chuir an tUachtarán Röpke i bhfios go láidir go bhféadfadh na moltaí sin obair chomhairleach CESE a mhúnlú, agus béim á leagan aige ar an gcomhionannas inscne mar phríomhthosaíocht don Choiste. Thug B. Uas. Sirakova dá haire go gcuideodh na moltaí sin le bonn eolais a chur faoi obair an Aontais freisin. (cpwb)