An príomhchúram atá ar Uachtaránacht reatha na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ná an Eoraip a choinneáil aontaithe, í a bhrú chun tosaigh agus cinntí a ghlacadh gan mhoill

Ag seisiún iomlánach mhí Feabhra, reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) díospóireacht faoi thosaíochtaí Uachtaránacht na Polainne ar an Aontas, ceann ar ghlac Magdalena Sobkowiak-Czarnecka Fo-Rúnaí Stáit na Polainne do Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh páirt ann.

Ag tagairt do shlándáil sheachtrach an Aontais di, go háirithe don chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, dúirt an Fo-Rúnaí Sobkowiak-Czarnecka gurb í an sprioc atá ann leanúint den chúnamh don Úcráin agus aontacht inmheánach an Aontais a chaomhnú. Luaigh sí an 16ú pacáiste smachtbhannaí ar an Rúis mar cheann de na chéad éachtaí atá bainte amach ag Uachtaránacht na Polainne.

Labhair Uachtarán CESE, Oliver Röpke, agus chuir i bhfáth go raibh cúram Uachtaránacht rothlach an Aontais á ghlacadh ag an bPolainn tráth a bhfuil dúshláin mhóra ar gach taobh den Eoraip, lena n-áirítear teannas geopholaitiúil agus géarchéimeanna fuinnimh.

Dúirt sé gur dearbhaíodh an athuair leis an díospóireacht sin a thábhachtaí atá an chobhsaíocht, an athléimneacht agus an aontacht maidir le todhchaí an Aontais Eorpaigh a mhúnlú. Tá tosaíochtaí Uachtaránacht na Polainne ag teacht go dlúth le spriocanna comhchoiteanna na hEorpa, dar leis an Uasal Röpke, go háirithe maidir le cur chuige ilghnéitheach a chothú i leith na slándála. Dúirt sé gur tábhachtaí ná riamh, agus an éiginnteacht go mór i réim ar an leibhéal idirnáisiúnta, bearta a dhéanamh ar bhonn cinntitheach comhoibritheach.

'An tslándáil’ agus ‘an Eoraip’ ina bhfocail faire aici, díreoidh Uachtaránacht na Polainne ar sheacht ngné den tslándáil, mar atá, an ghné sheachtrach, inmheánach agus eacnamaíoch, mar aon le gné an bhia, an fhuinnimh, na sláinte agus na faisnéise.

Le míonna beaga anuas, tá comhar tréan tairbheach ar bun idir CESE agus Uachtaránacht na Polainne. Tá 15 thústuairim tarraingthe suas ag CESE, cuid acu a glacadh cheana féin, an chuid eile acu le glacadh go luath. (mp)