Tá clár nua seolta ag CESE chun a chaidreamh leis na Comhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta Náisiúnta a fhorbairt a thuilleadh. Is é an aidhm atá ann plé a dhéanamh ar bhonn rialta maidir le hábhair tosaíochta, le tuairimí agus tuarascálacha atá beartaithe agus le dea-chleachtais.

Tá clár nua seolta ag CESE chun a chaidreamh leis na Comhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta Náisiúnta a fhorbairt a thuilleadh. Is é an aidhm atá ann plé a dhéanamh ar bhonn rialta maidir le hábhair tosaíochta, le tuairimí agus tuarascálacha atá beartaithe agus le dea-chleachtais.

Eagraíodh an chéad sheisiún plé sa Fhrainc i mí an Mhárta. Thug Katrīna Leitāne, Uachtarán an Ghrúpa Óige in CESE, cuairt ar Chomhairle Eacnamaíoch, Shóisialta agus Comhshaoil na Fraince thar dhá lá chun barúlacha a mhalartú maidir le beartais don óige. Cén toradh a bhí air sin? Thángthas ar smaointe nua chun an clár oibre don óige a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ionchais na hóige a thabhairt isteach i ngníomhaíochtaí CESE agus bualadh le comhghleacaithe nua a bhíonn ag plé leis an ábhar seo i mBallstáit eile. 

San fhíseán seo, roinneann Katrīna Leitāne a cuid barúlacha faoin gcuairt oibre agus faoi na malartuithe tairbheacha a bhí aici le Comhairle Eacnamaíoch, Shóisialta agus Comhshaoil na Fraince. 

Féach ár leathanach gréasáin má tá tuilleadh eolais uait maidir leis an gclár um malartú. 

Is féidir aon eolas breise a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Rúnaíocht an Aonaid um Chaidreamh le Comhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta Náisiúnta agus leis an tSochaí Shibhialta (EESC-ESCS-relations@eesc.europa.eu).

Leag CESE béim ar an tábhacht a bhaineann le dearcthaí na hóige a ionchorprú i mbeartais an Aontais, agus tathantaíonn sé ar eagraíochtaí óige páirt a ghlacadh i Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de, tionscnamh arb é is aidhm dó guthanna daoine óga a mhéadú i gceapadh beartais.

Leag CESE béim ar an tábhacht a bhaineann le dearcthaí na hóige a ionchorprú i mbeartais an Aontais, agus tathantaíonn sé ar eagraíochtaí óige páirt a ghlacadh i Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de, tionscnamh arb é is aidhm dó guthanna daoine óga a mhéadú i gceapadh beartais. 

Sa ghlao ar iarratais a rinne CESE le déanaí, d’iarr sé ar eagraíochtaí óige iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh i dtionscnamh de chuid CESE, Measúnú tionchair ó thaobh na hóige de, agus is é an 30 Meitheamh 2024 an sprioc-am atá leis sin. Sainaithneoidh eagraíochtaí roghnaithe na tuairimí sin ó CESE ar mian leo tionchar a imirt orthu, glacfaidh siad páirt i gcruinnithe agus in éisteachtaí agus cuirfidh siad aighneachtaí i scríbhinn ar fáil. Ní mór d'eagraíochtaí incháilithe a bheith bunaithe go daonlathach, prionsabail an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine a chomhlíonadh, agus gníomhaíochtaí nó comhlachtaí cinnteoireachta atá faoi stiúir daoine óga a bheith acu. 

Le bliain anuas, chuir CESE tús leis an tástáil sin ar bhonn píolótach, rud a chuir ar chumas ionadaithe óige ar fud na hEorpa cur leis an bplé ar shaincheisteanna suntasacha, amhail an daonlathas, an comhbheartas talmhaíochta, agus rannpháirtíocht daoine óga ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe. Mar thoradh ar rath a bhí ar an treoirthionscadal sin, cinneadh chun uirlis bhuan a dhéanamh de, agus tá CESE ag iarraidh ar institiúidí eile an Aontais bearta comhchosúla a ghlacadh. 

Le linn díospóireacht iomlánach a reáchtáladh le déanaí, chuir ionadaithe óige in iúl go raibh siad sásta leis an tionscnamh, rud a áirithíonn go mbeidh sí rannpháirteach i nithe seachas siúd atá dírithe ar an óige go traidisiúnta, amhail an ghéarchéim aeráide. 

Leag Uachtarán CESE, Oliver Röpke, béim ar an tionscnamh mar phríomhthiomantas polaitiúil, agus tharraing sé aird ar an ngá atá le rannpháirtíocht leanúnach na hóige i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais. Thug sé dá aire nár cheart gurb iad toghcháin an t-aon deis amháin atá ann chun cluas éisteachta a thabhairt do ghuthanna na hóige, agus go gcinnteofaí leis an Measúnú tionchair ó thaobh na hóige de go mbeadh ionchur rialta acu i mbeartais an Aontais. 

Labhair Katrīna Leitāne, cathaoirleach Ghrúpa Óige ad hoc CESE, faoin dul chun cinn atá déanta maidir le guthanna na hóige a chomhtháthú i gcinnteoireacht an Aontais, agus thug sí dá haire gur doiciméad beo é an Measúnú tionchair ó thaobh na hóige de agus go dtiocfaidh forbairt air de réir a chéile leis an taithí a bhfaighimid. Mhol Elias Dray, Leas-Uachtarán Fhóram Eorpach na nÓg, CESE as a cheannaireacht agus mhol sé d’eagraíochtaí óige páirt a ghlacadh sa tionscnamh, rud a áiritheoidh go múnlóidh dearcthaí na hóige tuairimí CESE sa todhchaí. 

Ghlac Aire Óige agus Leanaí na hAlbáine, Bora Muzhaqi, páirt i seisiún iomlánach CESE freisin. Tá an Albáin ag iarraidh a bheith ina samhail i réimse bheartas na hóige, ag léiriú an luach a bhaineann le daoine a bheith in oifig a dhíríonn ar shaincheisteanna na hóige amháin. ‘Creidim go láidir go bhfuilimid ag ullmhú ár ndaoine óga don todhchaí leis an obair atá idir lámha againn inniu leis an óige agus ar son na hóige ... táimid ag cumhachtú dóibh a bheith mar cheannairí an lae inniu chun a chinntiú go bhfaighidh siad pláinéad atá inbhuanaithe agus éagsúil ó thaobh na héiceolaíochta de.’

Tá caidreamh oibre den scoth ag CESE leis an Albáin, rud a léiríonn an ról lárnach atá ag an gcomhpháirtíocht thrasnáisiúnta maidir le rannpháirtíocht na hóige a chur chun cinn ar gach leibhéal rialachais.

Tá CESE tiomanta don tionscnamh sin ó mhí Mheán Fómhair 2022, tráth a ghlac sé tuairim maidir le Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de. Léirítear le hiarrachtaí leanúnacha CESE, lena n-áirítear an t-imeacht bliantúil ‘Leatsa an Eoraip, Abair Leat!’, a thiomanta atá sé d’fheabhas a chur ar rannpháirtíocht na hóige i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais. 

Tá moltaí ó imeacht na bliana seo, a tionóladh i mí an Mhárta 2024, dírithe ar na chéad cheannairí eile de chuid an Aontais agus tá siad ar fáil ar líne. (ks)

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach sprioc a leagan síos chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 90 % faoi 2040 agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a bheannacht don sprioc sin le linn an tseisiúin iomlánaigh a bhí aige i mí na Bealtaine, nuair a chuir sé i bhfáth go bhfuil na spriocanna ag teacht le moltaí lucht eolaíochta gan ligean don téamh domhanda ardú níos mó ná 1.5 céim Celsius.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach sprioc a leagan síos chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 90 % faoi 2040 agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a bheannacht don sprioc sin le linn an tseisiúin iomlánaigh a bhí aige i mí na Bealtaine, nuair a chuir sé i bhfáth go bhfuil na spriocanna ag teacht le moltaí lucht eolaíochta gan ligean don téamh domhanda ardú níos mó ná 1.5 céim Celsius. 

A bhuí leis an tacaíocht atá á tairiscint ag CESE, tá aird á díriú aige ar a thábhachtaí atá sé rannchuidiú go cothrom leis na hiarrachtaí ar mhaithe leis an aeráid dhomhanda agus, ag an am céanna, iomaíochas thionscail na hEorpa a áirithiú le linn an aistrithe go geilleagar ísealcharbóin. Leag Teppo Säkkinen, rapóirtéir na tuairime Sprioc aeráide 2040 an Aontais, béim ar an ngá atá le córas leictreachais saor ó charbón a bheith ann faoi 2040 le go bhféadfar dícharbónú na tionsclaíochta, an iompair agus na bhfoirgneamh a chumhachtú, agus mhol sé laghdú a dhéanamh dáiríre ar na hastaíochtaí trí dheireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise. 

Thug CESE fainic i gcoinne an róspleáchais ar an aistriú carbóin, de thoradh rioscaí ar nós dóiteáin foraoise agus lotnaidí, agus mhol sé leas a bhaint as cur chuige cothrom idir astaíochtaí a laghdú agus carbón a aistriú. Sa chéad chéim eile de bheartas aeráide an Aontais, ba cheart díriú ar infheistíocht, ar gheilleagar láidir a chruthú, ar an tslándáil fuinnimh a fheabhsú agus ar phoist ardcháilíochta a chruthú. Chuige sin, is gá sprioc 2030 a bhaint amach, is é sin laghdú 55 % ar astaíochtaí, agus an reachtaíocht ‘Oiriúnach do 55’ a chur chun feidhme. 

Tá súil ag CESE go mbeidh earnáil giniúna cumhachta saor ó charbón ann faoi 2040, agus téamh agus fuarú dícharbónaithe a thabhairt isteach ina dhiaidh sin. Tá fuinneamh glan inacmhainne ríthábhachtach chun an tionsclaíocht, na foirgnimh agus an t-iompar a dhícharbónú. 

Mhol CESE freisin sprioc maidir le hastaíochtaí a laghdú san earnáil agraibhia trí phlé a dhéanamh leis na feirmeoirí agus na geallsealbhóirí chun slándáil an tsoláthair bia a chinntiú, agus na dálaí nádúrtha éagsúla ar fud an Aontais á gcur san áireamh. 

Tá an tacaíocht phoiblí agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ríthábhachtach chun sprioc 2040 a bhaint amach. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh idirphlé leathan ann, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta agus na saoránaigh, maidir le spriocanna a leagan síos agus beartais a fhorbairt. 

Tá an tAontas i mbun ullmhúcháin ar thogra reachtach maidir le sprioc 2040; meabhraíonn CESE, dá bhrí sin, nach mór seiceáil chuimsitheach a dhéanamh ar an iomaíochas i gcomparáid le mórgheilleagair eile d’fhonn iomaíochas domhanda agus bonn tionsclaíoch na hEorpa a chosaint, sin agus ardchaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta a chomhlíonadh freisin. (ks)

Ghlac CESE dhá thuairim ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí na Bealtaine agus leagadh béim iontu ar an ról lárnach a ghabhann leis an mbeartas comhtháthaithe – an ionstraim chistiúcháin is tábhachtaí atá ag an Aontas don fhorbairt réigiúnach – i méaduithe a dhéanfar sa todhchaí. I measc nithe eile, d’iarr CESE go mbeadh uirlisí comhlíontachta san áireamh sna conarthaí aontachais d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúsháin iaraontachais a d’fhéadfadh a bheith ann, cuir i gcás, an eisimirce agus ábhair imní maidir leis an smacht reachta.

Ghlac CESE dhá thuairim ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí na Bealtaine agus leagadh béim iontu ar an ról lárnach a ghabhann leis an mbeartas comhtháthaithe – an ionstraim chistiúcháin is tábhachtaí atá ag an Aontas don fhorbairt réigiúnach – i méaduithe a dhéanfar sa todhchaí. I measc nithe eile, d’iarr CESE go mbeadh uirlisí comhlíontachta san áireamh sna conarthaí aontachais d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúsháin iaraontachais a d’fhéadfadh a bheith ann, cuir i gcás, an eisimirce agus ábhair imní maidir leis an smacht reachta. 

Sa tsraith nua moltaí uaidh, leag CESE béim ar a thábhachtaí atá sé eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) a chomtháthú agus a chumhachtú chun na cistí comhtháthaithe a úsáid ar bhealach éifeachtach. Déantar an rath atá ar an mbeartas comhtháthaithe a thomhas de réir torthaí críochacha agus sóisialta, ní de réir infheistíochtaí eacnamaíocha amháin. Tá sé ríthábhachtach cumais riaracháin phoiblí a neartú chun an comhtháthú a bhaint amach. 

Sa phlé iomlánach leis an gCoimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin, Elisa Ferreira, agus le hUachtarán Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR), Vasco Alves Cordeiro, leagadh béim ar a thábhachtaí atá an chabhair réamhaontachais agus cumhacht a thabhairt do ESSanna. 

Leag Uachtarán CESE, Oliver Röpke, agus cainteoirí eile, béim ar an ngá atá le beartas láidir comhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhéadaithe an Aontais agus a áirithiú nach mbeadh an tAontas ilroinnte. Tá sé ríthábhachtach cabhair a chur in oiriúint do na réigiúin is iarrthóirí ar mhaithe leis an tsíocháin agus leis an rathúnas, le príomh-mholtaí lena n-áirítear an t-oideachas a neartú, ról a thabhairt do ESSanna, agus sásraí speisialta a úsáid do thíortha amhail an Úcráin. 

Thug CESE dá aire freisin an tionchar níos leithne a ghabhann leis an méadú ar na Ballstáit atá ann faoi láthair, agus leag sé béim ar an ngá atá le cistí breise do na réigiúin a ndéantar difear dóibh. Iarrtar sa 9ú Tuarascáil faoin gComhtháthú go gcuirfí an chabhairt in oiriúint do na dúshláin nua trí infheistíocht a dhéanamh in FBManna, trí riaracháin áitiúla a fheabhsú, agus trí thacú le rochtain chothrom ar fhostaíocht. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an beartas comhtháthaithe dinimiciúil chun acmhainneacht eacnamaíoch an Aontais a scaoileadh agus chun comhtháthú éifeachtach na mBallstát nua a áirithiú (tk).

Ní mór don Aontas Eorpach tús áite a thabhairt do mhíochaine núicléach agus do sholáthar raidiseatóp má táthar chun rochtain chomhionann ar chóireáil ailse a áirithiú don uile othar san Eoraip. 

 

Ní mór don Aontas Eorpach tús áite a thabhairt do mhíochaine núicléach agus do sholáthar raidiseatóp má táthar chun rochtain chomhionann ar chóireáil ailse a áirithiú don uile othar san Eoraip. 

Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cistiú ar fáil le haghaidh teicneolaíochtaí leighis, raideolaíocha agus núicléacha. San am céanna, ba cheart dóibh dlús a chur leis an gcomhar eatarthu chun deireadh a chur le bacainní rialála ar sholáthar raidiseatóp agus chun a spleáchas ar thríú tíortha maidir le hamhábhair a laghdú. 

Chuige sin, leagtar béim sa tuairim ó CESE a glacadh ag seisiún iomlánach mhí na Bealtaine, Plean Sáraithe Ailse na hEorpa: Treochtaí spreagtha le haghaidh shlándáil an tsoláthair raidiseatóp míochaine, ar an ngá atá ann gach iarracht a dhéanamh sa chomhrac i gcoinne na hailse. 

Tá rapóirtéirí na tuairime, Alena Mastantuono agus Philippe Charry, go mór den bharúil nach mbeimid in ann soláthar raidiseatóp níos daingne a áirithiú san Eoraip ná freastal ar éileamh méadaitheach na n-othar ach amháin má dhéanaimid cinntí misniúla polaitiúla agus má tá rialáil fhónta ann. 

Gach bliain, téann suas le 10 milliún othar san Aontas Eorpach i muinín íomháú leighis núicléach chun galair atá orthu a dhiagnóisiú, cuir i gcás ailse nó galar croí. Tá na teicneolaíochtaí raideolaíocha agus núicléacha ina n-úsáidtear raidiseatóip ríthábhachtach sa chomhrac i gcoinne na hailse ag gach céim den chúram, mar atá an luathbhrath, an diagnóis, an chóireáil agus an cúram maolaitheach. (mp)

Le Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 

Tá deireadh ráite faoi thoghcháin an Aontais anois agus is léir go bhfuil athruithe réabhlóideacha ag bagairt orainn. Chuir bua na gCaomhach stop le tonn taoide na bpáirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis. Mar sin féin, cé gur sheas na páirtithe ar dheis ón lár a bhfód, ní féidir linn neamhaird a dhéanamh de go mbeidh lucht na heite deise níos cumhachtaí i bParlaimint nua na hEorpa, rud a fhágann go mbeidh sé níos casta amach anseo príomhcheisteanna a réiteach le vótaí. Tugadh blaiseadh beag de sin dúinn anuraidh nuair ba bheag nár éirigh le PPE tromlach na heite deise a bhailiú chun cosc a chur ar an dlí um athbhunú dúlra. Ní mór dúinn súil ghéar a choinneáil freisin ar a bhfuil ag titim amach sa Fhrainc. Má éiríonn leis an gcomhghuaillíocht atá i bhfad amach ar an eite dheis sna toghcháin náisiúnta, d’fhéadfadh sin an bonn a bhaint de bhunchlocha an Aontais féin.

Le Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 

Tá deireadh ráite faoi thoghcháin an Aontais anois agus is léir go bhfuil athruithe réabhlóideacha ag bagairt orainn. Chuir bua na gCaomhach stop le tonn taoide na bpáirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis. Mar sin féin, cé gur sheas na páirtithe ar dheis ón lár a bhfód, ní féidir linn neamhaird a dhéanamh de go mbeidh lucht na heite deise níos cumhachtaí i bParlaimint nua na hEorpa, rud a fhágann go mbeidh sé níos casta amach anseo príomhcheisteanna a réiteach le vótaí. Tugadh blaiseadh beag de sin dúinn anuraidh nuair ba bheag nár éirigh le PPE tromlach na heite deise a bhailiú chun cosc a chur ar an dlí um athbhunú dúlra. 

An rud is tábhachtaí ó thaobh an ghnó de is ea go n-áiritheofar dul chun cinn sa bheartas tionsclaíoch agus sa tslándáil eacnamaíoch, go háirithe a mhéid a bhaineann le teicneolaíocht, amhábhair chriticiúla, leathsheoltóirí, feithiclí leictreacha, athléimneacht eacnamaíoch agus iomaíochas foriomlán. Tá sé ríthábhachtach an margadh aonair a neartú agus borradh a chur faoin infheistíocht phríobháideach trí bhíthin fhíoraontas na margaí caipitil. An mbeidh an Pharlaimint nua seo in inmhe an cúram a chomhlíonadh? 

Níl aon dul as againn ach dul san iomaíocht le cumhachtaí domhanda ar nós na Síne agus na Stát Aontaithe. 

In 2008, bhí olltáirgeacht intíre an limistéir euro ($ 14.2 trilliún nó € 13.1 trilliún i bpraghsanna reatha) inchomporáide le holltáirgeacht intíre na Stát Aontaithe ($ 14.8 trilliún nó € 13.6 trilliún i bpraghsanna reatha). Cúig bliana déag ina dhiaidh sin áfach, tá olltáirgeacht intíre an limistéir euro díreach os cionn $ 15 thrilliún fad agus atá olltáirgeacht intíre na Stát Aontaithe méadaithe go $ 26.9 trilliún. Dá mba rud é go raibh an ráta fáis táirgiúlachta céanna ag na cúig gheilleagar is mó san Eoraip – an Ghearmáin, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Iodáil agus an Spáinn – agus a bhí ag na Stáit Aontaithe idir 1997 agus 2022, bheadh olltáirgeacht intíre na dtíortha sin beagnach $ 13,000 (nó € 12,000) níos airde per capita ar an meán a mhéid a bhaineann le paireacht cumhachta ceannaigh. Baineann tábhacht ar leith leis na huimhreacha sin. 

Le blianta beaga anuas, agus comhardú dearfach trádála á léiriú ag an Aontas, níor léir do roinnt mhaith daoine go raibh iomaíochas an Aontais i mbaol. Bhí muinín againn go raibh cothrom iomaíochta ann ar fud an domhain agus bhí muinín againn as an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, mar gur mheasamar gurbh é an dála céanna é áiteanna eile ar domhan. Tá an domhan ag athrú go han-tapa anois, áfach, agus ní mór don Aontas a dhícheall a dhéanamh agus freagairt go tapa do na glaonna múscailte sin ar fad a ndearna sé neamhaird orthu go dtí seo. Tá súil againn go rachaidh an Pharlaimint seo i ngleic leis an gcúram agus nach gcloífidh sí go ródhocht le polaitíocht an pháirtí.

Le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta

Iarrann gairmithe cúraim sláinte agus ionadaithe na sochaí sibhialta ar lucht ceaptha beartas ‘seiceáil sláinte’ a thabhairt isteach le haghaidh na mbeartas uile a bheidh ann amach anseo. Is éard atá á iarraidh acu go mbeidh an ‘ceart chun sláinte’ ar bharr chlár oibre an Aontais agus ar an gclár oibre náisiúnta sa téarma reachtach nua, rud a d’iarr muintir na hEorpa ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.

Le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta

Iarrann gairmithe cúraim sláinte agus ionadaithe na sochaí sibhialta ar lucht ceaptha beartas ‘seiceáil sláinte’ a thabhairt isteach le haghaidh na mbeartas uile a bheidh ann amach anseo. Is éard atá á iarraidh acu go mbeidh an ‘ceart chun sláinte’ ar bharr chlár oibre an Aontais agus ar an gclár oibre náisiúnta sa téarma reachtach nua, rud a d’iarr muintir na hEorpa ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. 

Ní mór bearta sláinte náisiúnta agus Eorpacha a chomhordú agus a ailíniú ar bhealach níos fearr chun earnáil sláinte níos inbhuanaithe a thógáil a bheidh athléimneach in aghaidh suaití amach anseo agus lena ráthófar rochtain chomhionann ar chúram sláinte ar ardchaighdeán do chách. 

De réir na comhdhála ar Staid na Sláinte san Aontas Eorpach, a tionóladh an 4 Meitheamh in Liège, meastar go mbeidh ról lárnach ag an infheistíocht, an cosc, nuálaíochtaí teicneolaíochta agus an t-oideachas sláinte luath-óige sa mhéid seo. D’eagraigh Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE, an t-ospidéal ollscoile (CHU) agus an t-ospidéal ‘Hôpital de la Citadelle’ in Liège an ócáid, i gcomhthéacs Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. 

‘Sa chéad téarma reachtach eile, is é sin le rá ó 2024 go 2029, ní mór don tsláinte a bheith ina príomhthosaíocht straitéiseach i gcónaí don Choimisiún Eorpach nua, do Pharlaimint nua na hEorpa agus don Chomhairle,’ a dúirt Séamus Boland, cathaoirleach Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta. Ba cheart do na hinstitiúidí Eorpacha glacadh le cur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ lena gcuirtear chun cinn na hidirnaisc idir an beartas sláinte agus athruithe déimeagrafacha, an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú comhshaoil, an tslándáil eacnamaíoch agus an beartas tionsclaíoch. 

Chuir Séamus Boland i bhfios go láidir nach féidir leis an mbeartas sláinte feidhmiú go héifeachtach ach amháin má dhéantar é a bhainistiú i gcomhar le seirbhísí sóisialta inrochtana, leordhóthanacha agus ar ardchaighdeán agus le beartais shóisialta phoiblí, agus má tá lucht saothair leordhóthanach de ghairmithe sláinte dea-oilte ann. Agus béim á leagan aige ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht dhíreach agus cuntasacht eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa chúram sláinte, amhail cumainn othar, dúirt sé an méid seo a leanas: ‘Tá glacadh agus rath tionscnamh agus clár sláinte Eorpach ag brath ar idirphlé trédhearcach, rialta agus struchtúrtha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta. Dá réir sin, tá a gcumas an obair sin a dhéanamh ag brath ar chistiú inbhuanaithe intuartha a fháil.’ 

Ag an gcomhdháil, pléadh roinnt gnéithe bunúsacha nach mór díriú orthu chun an tAontas Sláinte Eorpach a neartú. 

  • an tiomantas don chur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’; 
  • nuálaíochtaí digiteacha agus a dtionchar ar an tsláinte; 
  • an inbhuanaitheacht agus córais sláinte a sheasfaidh an aimsir a áirithiú tríd an infheistíocht shóisialta;
  • an comhrac domhanda i gcoinne neamhionannais sláinte ó thaobh na dlúthpháirtíochta Eorpaí de: cás na ngalar neamhchoitianta. 

Foilseofar conclúidí agus moltaí na comhdhála ar leathanach gréasáin an imeachta

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoin gcomhdháil inár bpreaseisiúint.

Ag an seisiún iomlánach a bhí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i mí na Bealtaine, pléadh an méid a foghlaimíodh ó mhéadú an Aontais in 2004. I bhfianaise na gcúinsí reatha geopholaitiúla agus slándála atá ann, is práinní fós don Eoraip méadú eile a dhéanamh.

Ag an seisiún iomlánach a bhí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i mí na Bealtaine, pléadh an méid a foghlaimíodh ó mhéadú an Aontais in 2004. I bhfianaise na gcúinsí reatha geopholaitiúla agus slándála atá ann, is práinní fós don Eoraip méadú eile a dhéanamh. 

Ag an díospóireacht iomlánach a bhí ag CESE faoin méadú mór a bhí ann in 2004, bhí áthas ar CESE cloisteáil ó roinnt daoine a raibh ról suntasach acu sa phróiseas caibidlíochta. Ina measc sin, bhí Jarosław Pietras, iar-Státrúnaí de chuid na Polainne a raibh Aontachas leis an Aontas Eorpach de chúram air, László Andor ón Ungáir, arb é is Ardrúnaí na Fondúireachta um an Staidéar Forásach Eorpach, agus Štefan Füle ón tSeicia, arb é is iarChoimisinéir um Méadú agus Cathaoirleach an Tascfhórsa um Méadú an Aontais. 

Le linn an phlé, chuir na rannpháirtithe i bhfios go láidir gur gá don Aontas – nach le fada a bhfuil méadú curtha ar ais ar an gclár oibre aige – treochlár soiléir i dtreo aontachais a leagan síos do na tíortha is iarrthóirí. Tá an baol ann, má fhágtar ar leac an dorais ar feadh i bhfad eile iad, nach mbeidh an próiseas um méadú creidiúnach a thuilleadh. 

Seo mar a labhair Oliver Röpke, Uachtarán CESE: ‘Ní hamháin gur cloch mhíle shuntasach an ceiliúradh seo 20 bliain, ach léiríonn sé freisin go mbíonn toradh fós ar phróiseas méadaithe an Aontais, agus níos mó tíortha ann ag iarraidh teacht isteach’. 

Seo a bhí le rá ag an Uasal Pietras: ‘Is próiseas claochlaithe dhá threo é an méadú, próiseas a ngabhann buntáistí leis ní hamháin do na tíortha is iarrthóirí, ach do Bhallstáit an Aontais chomh maith’. 

Chuir an tUasal Füle i bhfáth, ar cathaoirleach anois é ar an Tascfhorsa um Méadú an Aontais in Ionad Beartais na hEorpa, ‘gur gá dúinn na tíortha is iarrthóirí agus Ballstáit an Aontais araon a ullmhú do rabharta nua méaduithe’. 

Labhair an Dr Tinatin Akhvlediani, comhalta taighde den Aonad um Beartas Eachtrach an Aontais Eorpaigh, an Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa (CEPS), faoi phríomhspreagadh an mhéadaithe in 2004. Leag sé béim go háirithe ar na príomhghnéithe eacnamaíocha a bhaineann le méadú, á chur san áireamh nach raibh cúinsí airgeadais na dtíortha is iarrthóirí ag an am sin thar mholadh beirte. Mar sin féin, sa lá atá inniu ann, is ar chúiseanna slándála is mó is gá méadú a dhéanamh. 

Dar leis an Uasal Andor, bhí an smacht reachta ar cheann de na laigí is mó a bhain leis an méadú in 2004, toisc nár éirigh leis an Aontas na huirlisí cearta a chruthú chun aghaidh a thabhairt air sin. Is mar gheall air sin a rinneadh coinníollacht an smachta reachta a chruthú le deireanas. 

I mí Mheán Fómhair, beidh Seisiún Iomlánach na Sochaí Sibhialta maidir le Méadú ann in CESE. Tá iarrtha ag CESE, den chéad uair riamh, ar gach comhalta as na tíortha is iarrthóirí páirt a ghlacadh sa Seisiún Iomlánach sin.

Agus ardú scanrúil ag teacht ar líon na gcásanna ailse agus na mbásanna a raibh baint ag an ailse leo ar fud an Aontais, éilíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) bearta coiscthe ailse a bhfuil géarghá leo, ó meastar gur féidir tuairim is 40 % de na cásanna ailse a chosc.

Agus ardú scanrúil ag teacht ar líon na gcásanna ailse agus na mbásanna a raibh baint ag an ailse leo ar fud an Aontais, éilíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) bearta coiscthe ailse a bhfuil géarghá leo, ó meastar gur féidir tuairim is 40 % de na cásanna ailse a chosc. 

I seisiún iomlánach mhí na Bealtaine, ghlac CESE tuairim a chuir fáilte roimh an togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le hailsí inchoiscthe trí vacsaíniú mar thionscnamh leantach ar Phlean Sáraithe Ailse an Aontais. 

Díríodh sa tuairim ar an vacsaíniú in aghaidh an phapalómaivíris dhaonna (HPV) agus heipitíteas B (HPV), ós rud é go bhféadfadh an vacsaíniú cosc a chur ar chineálacha éagsúla ailse arb iad na víris sin is cúis leo. 

Cuireann CESE i bhfáth go bhfuil gá le faisnéis, oideachas, agus cumarsáid chuí a spreagfadh na spriocghrúpaí chun vacsaínithe. Leagann sé béim freisin ar ról tábhachtach na ndochtúirí ginearálta, na ndochtúirí teaghlaigh, na lianna scoile, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta san iarracht seo. 

Bhí an méid a leanas le rá ag Milena Angelova, a bhí ina rapóirtéir don tuairim Ailsí inchoiscthe trí vacsaíniú: ‘Ní mór dúinn cur i gcoinne an stiogma agus na míthuiscintí a bhaineann leis na vacsaíní. Ceann de na míthuiscintí, cuir i gcás, ná gur do na cailíní óga amháin an vacsaíniú. Níl sé sin fíor, áfach. Má táthar chun deireadh a chur leis na víris seo (HPV agus HBV), ní mór dúinn na buachaillí agus na tuismitheoirí a thabhairt linn freisin’. Is gá go mbeadh teacht ag gach duine ar na vacsaíní. 

Tá sé an-tábhachtach ‘dul chun cinn an amhrais a iompú droim ar ais’, arsa an comhrapóirtéir Sára Felszeghi. An mhífhaisnéis agus an bhréagaisnéis a chomhrac, is cuid lárnach é sin de chur chun cinn an vacsínithe i measc na ndaoine. 

Éilíonn CESE cur chuige cuimsitheach d’fhonn an ailse a chloí, maille le córas comhtháite a d’fheidhmeodh gan tuisliú don chosc den uile chineál, lena n-áirítear an cosc príomhúil (an vacsaíniú, nósanna maireachtáila folláine), an cosc tánaisteach (an scagthástáil), agus an cosc treasach (an cúram agus an t-athshlánú). 

Chuir an comhalta Angelova in iúl an athuair gur gá do na Ballstáit a thuilleadh comhordaithe a dhéanamh agus an dea-chleachtas a roinnt chun an comhrac i gcoinne na hailse a dhéanamh níos éifeachtaí agus an vacsaíniú a chur chun cinn ar fud an Aontais. Tá sé thar a bheith tábhachtach cosc na hailse a bheith ina thosaíocht pholaitiúil. (sg)

Agus ardú scanrúil ag teacht ar an bhfuathchaint agus ar an bhfuathchoireacht, tá an tsochaí shibhialta, na saoránaigh agus na hinstitiúidí ag teacht le chéile agus ag cur dlús leis an ngníomhaíocht i gcoinne gach cineál fuatha chun a chur in iúl nach nglacfar leis an bhfuath san Aontas Eorpach.

Agus ardú scanrúil ag teacht ar an bhfuathchaint agus ar an bhfuathchoireacht, tá an tsochaí shibhialta, na saoránaigh agus na hinstitiúidí ag teacht le chéile agus ag cur dlús leis an ngníomhaíocht i gcoinne gach cineál fuatha chun a chur in iúl nach nglacfar leis an bhfuath san Aontas Eorpach. 

Tá páirt á glacadh ag CESE in iarrachtaí an Aontais chun srian a chur leis an bhfuath san Aontas atá ag ardú go tobann, rud ar cúis mhór imní é. Táthar ag díriú níos mó agus níos mó ar ghrúpaí agus ar dhaoine aonair mar gheall ar a gcreideamh, a mbunadh ciníoch nó eitneach, a n-inscne, a ngnéaschlaonadh nó a gcreideamh polaitiúil. 

Tá CESE, in éineacht leis na saoránaigh agus leis na hinstitiúidí, tiomanta níos mó a dhéanamh le cur in éadan an fhuatha ar líne agus as líne. Chuir CESE an méid sin in iúl le linn díospóireacht ardleibhéil ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí na Bealtaine, inar ghlac sé an tuairim Ní ghlacfar leis an bhfuath: Eoraip le chéile i gcoinne an fhuatha, ina gcáintear gach cineál fuatha agus ina moltar an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an ábhar céanna. 

‘Tá sé de chúram orainn go léir cur i gcoinne an fhuatha’, a dúirt Uachtarán CESE, Oliver Röpke, agus tús á chur aige leis an díospóireacht ag seisiún iomlánach CESE. Chun dul i ngleic leis go héifeachtach, ní mór dúinn ar fad oibriú le chéile – na polaiteoirí, an tsochaí shibhialta agus na saoránaigh. Trí ghníomhú le chéile agus trí idirphlé a chothú, agus sin amháin, is féidir linn an lámh in uachtar a fháil agus dul i ngleic leis an naimhdeas atá ag ardú sa tsochaí, ar fíorbhagairt é ar an daonlathas.’

Thug an díospóireacht príomhoifigigh rialtais an Choimisiúin Eorpaigh agus na Beilge, agus ionadaithe na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta le chéile (lena n-áirítear ILGA-Europe agus an Líonra Eorpach i gcoinne an Chiníochais (ENAR)), a leag béim ar an méadú ar an bhfuath agus ar an bhforéigean. 

I ngeall ar na hionsaithe a rinneadh le déanaí ar pholaiteoirí, tugadh chun solais go bhfuil deighiltí doimhne ann laistigh de shochaí na hEorpa. Léirítear sna figiúirí gur tháinig méadú faoi dhó ar theachtaireachtaí ioslamafóibe agus frithsheimíteacha in 2023. Is ar dhaoine LGBTQIA+, ar dhaoine de bhunús na hAfraice agus ar imircigh a dhírítear den chuid is mó. Tá an fuath ban ag tarlú ar ráta ard freisin. Léirítear in anailís a rinneadh le déanaí ar theachtaireachtaí ar líne san Aontas go bhfuil méadú 30 % tagtha ar thocsaineacht an fhuatha ó thús 2023. 

Is glao ar ghníomhaíocht í an Teachtaireacht ón gCoimisiún Ní ghlacfar leis an bhfuath: Eoraip le chéile i gcoinne an fhuatha, chun seasamh i gcoinne an fhuatha agus chun labhairt amach ar son na caoinfhulaingthe agus na hurraime. 

‘Is léir go gcuireann na luachanna a leagtar amach i gConradh an Aontais Eorpaigh cosc ar an bhfuathchoireacht agus ar an bhfuathchaint. Ar an drochuair, tá méadú tagtha ar an dá ghné sin le déanaí’, a dúirt Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht Dubravka Šuica.

Sa tuairim uaidh, d’iarr CESE ar an Aontas cur chuige cuimsitheach a ghlacadh chun dul i ngleic leis an bhfuath atá bunaithe ar aon saintréithe daonna atá faoi chosaint, agus leas a bhaint as an gcur chuige céanna chun dul i ngleic le ‘gach cineál fuatha’. (ll)