Agus ardú scanrúil ag teacht ar an bhfuathchaint agus ar an bhfuathchoireacht, tá an tsochaí shibhialta, na saoránaigh agus na hinstitiúidí ag teacht le chéile agus ag cur dlús leis an ngníomhaíocht i gcoinne gach cineál fuatha chun a chur in iúl nach nglacfar leis an bhfuath san Aontas Eorpach. 

Tá páirt á glacadh ag CESE in iarrachtaí an Aontais chun srian a chur leis an bhfuath san Aontas atá ag ardú go tobann, rud ar cúis mhór imní é. Táthar ag díriú níos mó agus níos mó ar ghrúpaí agus ar dhaoine aonair mar gheall ar a gcreideamh, a mbunadh ciníoch nó eitneach, a n-inscne, a ngnéaschlaonadh nó a gcreideamh polaitiúil. 

Tá CESE, in éineacht leis na saoránaigh agus leis na hinstitiúidí, tiomanta níos mó a dhéanamh le cur in éadan an fhuatha ar líne agus as líne. Chuir CESE an méid sin in iúl le linn díospóireacht ardleibhéil ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí na Bealtaine, inar ghlac sé an tuairim Ní ghlacfar leis an bhfuath: Eoraip le chéile i gcoinne an fhuatha, ina gcáintear gach cineál fuatha agus ina moltar an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an ábhar céanna. 

‘Tá sé de chúram orainn go léir cur i gcoinne an fhuatha’, a dúirt Uachtarán CESE, Oliver Röpke, agus tús á chur aige leis an díospóireacht ag seisiún iomlánach CESE. Chun dul i ngleic leis go héifeachtach, ní mór dúinn ar fad oibriú le chéile – na polaiteoirí, an tsochaí shibhialta agus na saoránaigh. Trí ghníomhú le chéile agus trí idirphlé a chothú, agus sin amháin, is féidir linn an lámh in uachtar a fháil agus dul i ngleic leis an naimhdeas atá ag ardú sa tsochaí, ar fíorbhagairt é ar an daonlathas.’

Thug an díospóireacht príomhoifigigh rialtais an Choimisiúin Eorpaigh agus na Beilge, agus ionadaithe na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta le chéile (lena n-áirítear ILGA-Europe agus an Líonra Eorpach i gcoinne an Chiníochais (ENAR)), a leag béim ar an méadú ar an bhfuath agus ar an bhforéigean. 

I ngeall ar na hionsaithe a rinneadh le déanaí ar pholaiteoirí, tugadh chun solais go bhfuil deighiltí doimhne ann laistigh de shochaí na hEorpa. Léirítear sna figiúirí gur tháinig méadú faoi dhó ar theachtaireachtaí ioslamafóibe agus frithsheimíteacha in 2023. Is ar dhaoine LGBTQIA+, ar dhaoine de bhunús na hAfraice agus ar imircigh a dhírítear den chuid is mó. Tá an fuath ban ag tarlú ar ráta ard freisin. Léirítear in anailís a rinneadh le déanaí ar theachtaireachtaí ar líne san Aontas go bhfuil méadú 30 % tagtha ar thocsaineacht an fhuatha ó thús 2023. 

Is glao ar ghníomhaíocht í an Teachtaireacht ón gCoimisiún Ní ghlacfar leis an bhfuath: Eoraip le chéile i gcoinne an fhuatha, chun seasamh i gcoinne an fhuatha agus chun labhairt amach ar son na caoinfhulaingthe agus na hurraime. 

‘Is léir go gcuireann na luachanna a leagtar amach i gConradh an Aontais Eorpaigh cosc ar an bhfuathchoireacht agus ar an bhfuathchaint. Ar an drochuair, tá méadú tagtha ar an dá ghné sin le déanaí’, a dúirt Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht Dubravka Šuica.

Sa tuairim uaidh, d’iarr CESE ar an Aontas cur chuige cuimsitheach a ghlacadh chun dul i ngleic leis an bhfuath atá bunaithe ar aon saintréithe daonna atá faoi chosaint, agus leas a bhaint as an gcur chuige céanna chun dul i ngleic le ‘gach cineál fuatha’. (ll)