Leag CESE béim ar an tábhacht a bhaineann le dearcthaí na hóige a ionchorprú i mbeartais an Aontais, agus tathantaíonn sé ar eagraíochtaí óige páirt a ghlacadh i Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de, tionscnamh arb é is aidhm dó guthanna daoine óga a mhéadú i gceapadh beartais. 

Sa ghlao ar iarratais a rinne CESE le déanaí, d’iarr sé ar eagraíochtaí óige iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh i dtionscnamh de chuid CESE, Measúnú tionchair ó thaobh na hóige de, agus is é an 30 Meitheamh 2024 an sprioc-am atá leis sin. Sainaithneoidh eagraíochtaí roghnaithe na tuairimí sin ó CESE ar mian leo tionchar a imirt orthu, glacfaidh siad páirt i gcruinnithe agus in éisteachtaí agus cuirfidh siad aighneachtaí i scríbhinn ar fáil. Ní mór d'eagraíochtaí incháilithe a bheith bunaithe go daonlathach, prionsabail an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine a chomhlíonadh, agus gníomhaíochtaí nó comhlachtaí cinnteoireachta atá faoi stiúir daoine óga a bheith acu. 

Le bliain anuas, chuir CESE tús leis an tástáil sin ar bhonn píolótach, rud a chuir ar chumas ionadaithe óige ar fud na hEorpa cur leis an bplé ar shaincheisteanna suntasacha, amhail an daonlathas, an comhbheartas talmhaíochta, agus rannpháirtíocht daoine óga ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe. Mar thoradh ar rath a bhí ar an treoirthionscadal sin, cinneadh chun uirlis bhuan a dhéanamh de, agus tá CESE ag iarraidh ar institiúidí eile an Aontais bearta comhchosúla a ghlacadh. 

Le linn díospóireacht iomlánach a reáchtáladh le déanaí, chuir ionadaithe óige in iúl go raibh siad sásta leis an tionscnamh, rud a áirithíonn go mbeidh sí rannpháirteach i nithe seachas siúd atá dírithe ar an óige go traidisiúnta, amhail an ghéarchéim aeráide. 

Leag Uachtarán CESE, Oliver Röpke, béim ar an tionscnamh mar phríomhthiomantas polaitiúil, agus tharraing sé aird ar an ngá atá le rannpháirtíocht leanúnach na hóige i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais. Thug sé dá aire nár cheart gurb iad toghcháin an t-aon deis amháin atá ann chun cluas éisteachta a thabhairt do ghuthanna na hóige, agus go gcinnteofaí leis an Measúnú tionchair ó thaobh na hóige de go mbeadh ionchur rialta acu i mbeartais an Aontais. 

Labhair Katrīna Leitāne, cathaoirleach Ghrúpa Óige ad hoc CESE, faoin dul chun cinn atá déanta maidir le guthanna na hóige a chomhtháthú i gcinnteoireacht an Aontais, agus thug sí dá haire gur doiciméad beo é an Measúnú tionchair ó thaobh na hóige de agus go dtiocfaidh forbairt air de réir a chéile leis an taithí a bhfaighimid. Mhol Elias Dray, Leas-Uachtarán Fhóram Eorpach na nÓg, CESE as a cheannaireacht agus mhol sé d’eagraíochtaí óige páirt a ghlacadh sa tionscnamh, rud a áiritheoidh go múnlóidh dearcthaí na hóige tuairimí CESE sa todhchaí. 

Ghlac Aire Óige agus Leanaí na hAlbáine, Bora Muzhaqi, páirt i seisiún iomlánach CESE freisin. Tá an Albáin ag iarraidh a bheith ina samhail i réimse bheartas na hóige, ag léiriú an luach a bhaineann le daoine a bheith in oifig a dhíríonn ar shaincheisteanna na hóige amháin. ‘Creidim go láidir go bhfuilimid ag ullmhú ár ndaoine óga don todhchaí leis an obair atá idir lámha againn inniu leis an óige agus ar son na hóige ... táimid ag cumhachtú dóibh a bheith mar cheannairí an lae inniu chun a chinntiú go bhfaighidh siad pláinéad atá inbhuanaithe agus éagsúil ó thaobh na héiceolaíochta de.’

Tá caidreamh oibre den scoth ag CESE leis an Albáin, rud a léiríonn an ról lárnach atá ag an gcomhpháirtíocht thrasnáisiúnta maidir le rannpháirtíocht na hóige a chur chun cinn ar gach leibhéal rialachais.

Tá CESE tiomanta don tionscnamh sin ó mhí Mheán Fómhair 2022, tráth a ghlac sé tuairim maidir le Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de. Léirítear le hiarrachtaí leanúnacha CESE, lena n-áirítear an t-imeacht bliantúil ‘Leatsa an Eoraip, Abair Leat!’, a thiomanta atá sé d’fheabhas a chur ar rannpháirtíocht na hóige i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais. 

Tá moltaí ó imeacht na bliana seo, a tionóladh i mí an Mhárta 2024, dírithe ar na chéad cheannairí eile de chuid an Aontais agus tá siad ar fáil ar líne. (ks)