European Economic
and Social Committee
Tá clár um malartú le Comhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta Náisiúnta ar fud an Aontais seolta ag CESE
Tá clár nua seolta ag CESE chun a chaidreamh leis na Comhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta Náisiúnta a fhorbairt a thuilleadh. Is é an aidhm atá ann plé a dhéanamh ar bhonn rialta maidir le hábhair tosaíochta, le tuairimí agus tuarascálacha atá beartaithe agus le dea-chleachtais.
Eagraíodh an chéad sheisiún plé sa Fhrainc i mí an Mhárta. Thug Katrīna Leitāne, Uachtarán an Ghrúpa Óige in CESE, cuairt ar Chomhairle Eacnamaíoch, Shóisialta agus Comhshaoil na Fraince thar dhá lá chun barúlacha a mhalartú maidir le beartais don óige. Cén toradh a bhí air sin? Thángthas ar smaointe nua chun an clár oibre don óige a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ionchais na hóige a thabhairt isteach i ngníomhaíochtaí CESE agus bualadh le comhghleacaithe nua a bhíonn ag plé leis an ábhar seo i mBallstáit eile.
San fhíseán seo, roinneann Katrīna Leitāne a cuid barúlacha faoin gcuairt oibre agus faoi na malartuithe tairbheacha a bhí aici le Comhairle Eacnamaíoch, Shóisialta agus Comhshaoil na Fraince.
Féach ár leathanach gréasáin má tá tuilleadh eolais uait maidir leis an gclár um malartú.
Is féidir aon eolas breise a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Rúnaíocht an Aonaid um Chaidreamh le Comhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta Náisiúnta agus leis an tSochaí Shibhialta (EESC-ESCS-relations@eesc.europa.eu).