Le Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 

Tá deireadh ráite faoi thoghcháin an Aontais anois agus is léir go bhfuil athruithe réabhlóideacha ag bagairt orainn. Chuir bua na gCaomhach stop le tonn taoide na bpáirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis. Mar sin féin, cé gur sheas na páirtithe ar dheis ón lár a bhfód, ní féidir linn neamhaird a dhéanamh de go mbeidh lucht na heite deise níos cumhachtaí i bParlaimint nua na hEorpa, rud a fhágann go mbeidh sé níos casta amach anseo príomhcheisteanna a réiteach le vótaí. Tugadh blaiseadh beag de sin dúinn anuraidh nuair ba bheag nár éirigh le PPE tromlach na heite deise a bhailiú chun cosc a chur ar an dlí um athbhunú dúlra. 

An rud is tábhachtaí ó thaobh an ghnó de is ea go n-áiritheofar dul chun cinn sa bheartas tionsclaíoch agus sa tslándáil eacnamaíoch, go háirithe a mhéid a bhaineann le teicneolaíocht, amhábhair chriticiúla, leathsheoltóirí, feithiclí leictreacha, athléimneacht eacnamaíoch agus iomaíochas foriomlán. Tá sé ríthábhachtach an margadh aonair a neartú agus borradh a chur faoin infheistíocht phríobháideach trí bhíthin fhíoraontas na margaí caipitil. An mbeidh an Pharlaimint nua seo in inmhe an cúram a chomhlíonadh? 

Níl aon dul as againn ach dul san iomaíocht le cumhachtaí domhanda ar nós na Síne agus na Stát Aontaithe. 

In 2008, bhí olltáirgeacht intíre an limistéir euro ($ 14.2 trilliún nó € 13.1 trilliún i bpraghsanna reatha) inchomporáide le holltáirgeacht intíre na Stát Aontaithe ($ 14.8 trilliún nó € 13.6 trilliún i bpraghsanna reatha). Cúig bliana déag ina dhiaidh sin áfach, tá olltáirgeacht intíre an limistéir euro díreach os cionn $ 15 thrilliún fad agus atá olltáirgeacht intíre na Stát Aontaithe méadaithe go $ 26.9 trilliún. Dá mba rud é go raibh an ráta fáis táirgiúlachta céanna ag na cúig gheilleagar is mó san Eoraip – an Ghearmáin, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Iodáil agus an Spáinn – agus a bhí ag na Stáit Aontaithe idir 1997 agus 2022, bheadh olltáirgeacht intíre na dtíortha sin beagnach $ 13,000 (nó € 12,000) níos airde per capita ar an meán a mhéid a bhaineann le paireacht cumhachta ceannaigh. Baineann tábhacht ar leith leis na huimhreacha sin. 

Le blianta beaga anuas, agus comhardú dearfach trádála á léiriú ag an Aontas, níor léir do roinnt mhaith daoine go raibh iomaíochas an Aontais i mbaol. Bhí muinín againn go raibh cothrom iomaíochta ann ar fud an domhain agus bhí muinín againn as an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, mar gur mheasamar gurbh é an dála céanna é áiteanna eile ar domhan. Tá an domhan ag athrú go han-tapa anois, áfach, agus ní mór don Aontas a dhícheall a dhéanamh agus freagairt go tapa do na glaonna múscailte sin ar fad a ndearna sé neamhaird orthu go dtí seo. Tá súil againn go rachaidh an Pharlaimint seo i ngleic leis an gcúram agus nach gcloífidh sí go ródhocht le polaitíocht an pháirtí.