European Economic
and Social Committee
An ailse a chloí leis an vacsaíniú
Agus ardú scanrúil ag teacht ar líon na gcásanna ailse agus na mbásanna a raibh baint ag an ailse leo ar fud an Aontais, éilíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) bearta coiscthe ailse a bhfuil géarghá leo, ó meastar gur féidir tuairim is 40 % de na cásanna ailse a chosc.
I seisiún iomlánach mhí na Bealtaine, ghlac CESE tuairim a chuir fáilte roimh an togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le hailsí inchoiscthe trí vacsaíniú mar thionscnamh leantach ar Phlean Sáraithe Ailse an Aontais.
Díríodh sa tuairim ar an vacsaíniú in aghaidh an phapalómaivíris dhaonna (HPV) agus heipitíteas B (HPV), ós rud é go bhféadfadh an vacsaíniú cosc a chur ar chineálacha éagsúla ailse arb iad na víris sin is cúis leo.
Cuireann CESE i bhfáth go bhfuil gá le faisnéis, oideachas, agus cumarsáid chuí a spreagfadh na spriocghrúpaí chun vacsaínithe. Leagann sé béim freisin ar ról tábhachtach na ndochtúirí ginearálta, na ndochtúirí teaghlaigh, na lianna scoile, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta san iarracht seo.
Bhí an méid a leanas le rá ag Milena Angelova, a bhí ina rapóirtéir don tuairim Ailsí inchoiscthe trí vacsaíniú: ‘Ní mór dúinn cur i gcoinne an stiogma agus na míthuiscintí a bhaineann leis na vacsaíní. Ceann de na míthuiscintí, cuir i gcás, ná gur do na cailíní óga amháin an vacsaíniú. Níl sé sin fíor, áfach. Má táthar chun deireadh a chur leis na víris seo (HPV agus HBV), ní mór dúinn na buachaillí agus na tuismitheoirí a thabhairt linn freisin’. Is gá go mbeadh teacht ag gach duine ar na vacsaíní.
Tá sé an-tábhachtach ‘dul chun cinn an amhrais a iompú droim ar ais’, arsa an comhrapóirtéir Sára Felszeghi. An mhífhaisnéis agus an bhréagaisnéis a chomhrac, is cuid lárnach é sin de chur chun cinn an vacsínithe i measc na ndaoine.
Éilíonn CESE cur chuige cuimsitheach d’fhonn an ailse a chloí, maille le córas comhtháite a d’fheidhmeodh gan tuisliú don chosc den uile chineál, lena n-áirítear an cosc príomhúil (an vacsaíniú, nósanna maireachtáila folláine), an cosc tánaisteach (an scagthástáil), agus an cosc treasach (an cúram agus an t-athshlánú).
Chuir an comhalta Angelova in iúl an athuair gur gá do na Ballstáit a thuilleadh comhordaithe a dhéanamh agus an dea-chleachtas a roinnt chun an comhrac i gcoinne na hailse a dhéanamh níos éifeachtaí agus an vacsaíniú a chur chun cinn ar fud an Aontais. Tá sé thar a bheith tábhachtach cosc na hailse a bheith ina thosaíocht pholaitiúil. (sg)