European Economic
and Social Committee
Ní mór tús áite a thabhairt do mhíochaine núicléach chun an ailse a shárú
Ní mór don Aontas Eorpach tús áite a thabhairt do mhíochaine núicléach agus do sholáthar raidiseatóp má táthar chun rochtain chomhionann ar chóireáil ailse a áirithiú don uile othar san Eoraip.
Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cistiú ar fáil le haghaidh teicneolaíochtaí leighis, raideolaíocha agus núicléacha. San am céanna, ba cheart dóibh dlús a chur leis an gcomhar eatarthu chun deireadh a chur le bacainní rialála ar sholáthar raidiseatóp agus chun a spleáchas ar thríú tíortha maidir le hamhábhair a laghdú.
Chuige sin, leagtar béim sa tuairim ó CESE a glacadh ag seisiún iomlánach mhí na Bealtaine, Plean Sáraithe Ailse na hEorpa: Treochtaí spreagtha le haghaidh shlándáil an tsoláthair raidiseatóp míochaine, ar an ngá atá ann gach iarracht a dhéanamh sa chomhrac i gcoinne na hailse.
Tá rapóirtéirí na tuairime, Alena Mastantuono agus Philippe Charry, go mór den bharúil nach mbeimid in ann soláthar raidiseatóp níos daingne a áirithiú san Eoraip ná freastal ar éileamh méadaitheach na n-othar ach amháin má dhéanaimid cinntí misniúla polaitiúla agus má tá rialáil fhónta ann.
Gach bliain, téann suas le 10 milliún othar san Aontas Eorpach i muinín íomháú leighis núicléach chun galair atá orthu a dhiagnóisiú, cuir i gcás ailse nó galar croí. Tá na teicneolaíochtaí raideolaíocha agus núicléacha ina n-úsáidtear raidiseatóip ríthábhachtach sa chomhrac i gcoinne na hailse ag gach céim den chúram, mar atá an luathbhrath, an diagnóis, an chóireáil agus an cúram maolaitheach. (mp)