Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach sprioc a leagan síos chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 90 % faoi 2040 agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a bheannacht don sprioc sin le linn an tseisiúin iomlánaigh a bhí aige i mí na Bealtaine, nuair a chuir sé i bhfáth go bhfuil na spriocanna ag teacht le moltaí lucht eolaíochta gan ligean don téamh domhanda ardú níos mó ná 1.5 céim Celsius. 

A bhuí leis an tacaíocht atá á tairiscint ag CESE, tá aird á díriú aige ar a thábhachtaí atá sé rannchuidiú go cothrom leis na hiarrachtaí ar mhaithe leis an aeráid dhomhanda agus, ag an am céanna, iomaíochas thionscail na hEorpa a áirithiú le linn an aistrithe go geilleagar ísealcharbóin. Leag Teppo Säkkinen, rapóirtéir na tuairime Sprioc aeráide 2040 an Aontais, béim ar an ngá atá le córas leictreachais saor ó charbón a bheith ann faoi 2040 le go bhféadfar dícharbónú na tionsclaíochta, an iompair agus na bhfoirgneamh a chumhachtú, agus mhol sé laghdú a dhéanamh dáiríre ar na hastaíochtaí trí dheireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise. 

Thug CESE fainic i gcoinne an róspleáchais ar an aistriú carbóin, de thoradh rioscaí ar nós dóiteáin foraoise agus lotnaidí, agus mhol sé leas a bhaint as cur chuige cothrom idir astaíochtaí a laghdú agus carbón a aistriú. Sa chéad chéim eile de bheartas aeráide an Aontais, ba cheart díriú ar infheistíocht, ar gheilleagar láidir a chruthú, ar an tslándáil fuinnimh a fheabhsú agus ar phoist ardcháilíochta a chruthú. Chuige sin, is gá sprioc 2030 a bhaint amach, is é sin laghdú 55 % ar astaíochtaí, agus an reachtaíocht ‘Oiriúnach do 55’ a chur chun feidhme. 

Tá súil ag CESE go mbeidh earnáil giniúna cumhachta saor ó charbón ann faoi 2040, agus téamh agus fuarú dícharbónaithe a thabhairt isteach ina dhiaidh sin. Tá fuinneamh glan inacmhainne ríthábhachtach chun an tionsclaíocht, na foirgnimh agus an t-iompar a dhícharbónú. 

Mhol CESE freisin sprioc maidir le hastaíochtaí a laghdú san earnáil agraibhia trí phlé a dhéanamh leis na feirmeoirí agus na geallsealbhóirí chun slándáil an tsoláthair bia a chinntiú, agus na dálaí nádúrtha éagsúla ar fud an Aontais á gcur san áireamh. 

Tá an tacaíocht phoiblí agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ríthábhachtach chun sprioc 2040 a bhaint amach. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh idirphlé leathan ann, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta agus na saoránaigh, maidir le spriocanna a leagan síos agus beartais a fhorbairt. 

Tá an tAontas i mbun ullmhúcháin ar thogra reachtach maidir le sprioc 2040; meabhraíonn CESE, dá bhrí sin, nach mór seiceáil chuimsitheach a dhéanamh ar an iomaíochas i gcomparáid le mórgheilleagair eile d’fhonn iomaíochas domhanda agus bonn tionsclaíoch na hEorpa a chosaint, sin agus ardchaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta a chomhlíonadh freisin. (ks)