European Economic
and Social Committee
Ní mór don tsláinte a bheith ina príomhthosaíocht i gcónaí sa téarma reachtach nua
Le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta
Iarrann gairmithe cúraim sláinte agus ionadaithe na sochaí sibhialta ar lucht ceaptha beartas ‘seiceáil sláinte’ a thabhairt isteach le haghaidh na mbeartas uile a bheidh ann amach anseo. Is éard atá á iarraidh acu go mbeidh an ‘ceart chun sláinte’ ar bharr chlár oibre an Aontais agus ar an gclár oibre náisiúnta sa téarma reachtach nua, rud a d’iarr muintir na hEorpa ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.
Ní mór bearta sláinte náisiúnta agus Eorpacha a chomhordú agus a ailíniú ar bhealach níos fearr chun earnáil sláinte níos inbhuanaithe a thógáil a bheidh athléimneach in aghaidh suaití amach anseo agus lena ráthófar rochtain chomhionann ar chúram sláinte ar ardchaighdeán do chách.
De réir na comhdhála ar Staid na Sláinte san Aontas Eorpach, a tionóladh an 4 Meitheamh in Liège, meastar go mbeidh ról lárnach ag an infheistíocht, an cosc, nuálaíochtaí teicneolaíochta agus an t-oideachas sláinte luath-óige sa mhéid seo. D’eagraigh Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE, an t-ospidéal ollscoile (CHU) agus an t-ospidéal ‘Hôpital de la Citadelle’ in Liège an ócáid, i gcomhthéacs Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
‘Sa chéad téarma reachtach eile, is é sin le rá ó 2024 go 2029, ní mór don tsláinte a bheith ina príomhthosaíocht straitéiseach i gcónaí don Choimisiún Eorpach nua, do Pharlaimint nua na hEorpa agus don Chomhairle,’ a dúirt Séamus Boland, cathaoirleach Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta. Ba cheart do na hinstitiúidí Eorpacha glacadh le cur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ lena gcuirtear chun cinn na hidirnaisc idir an beartas sláinte agus athruithe déimeagrafacha, an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú comhshaoil, an tslándáil eacnamaíoch agus an beartas tionsclaíoch.
Chuir Séamus Boland i bhfios go láidir nach féidir leis an mbeartas sláinte feidhmiú go héifeachtach ach amháin má dhéantar é a bhainistiú i gcomhar le seirbhísí sóisialta inrochtana, leordhóthanacha agus ar ardchaighdeán agus le beartais shóisialta phoiblí, agus má tá lucht saothair leordhóthanach de ghairmithe sláinte dea-oilte ann. Agus béim á leagan aige ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht dhíreach agus cuntasacht eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa chúram sláinte, amhail cumainn othar, dúirt sé an méid seo a leanas: ‘Tá glacadh agus rath tionscnamh agus clár sláinte Eorpach ag brath ar idirphlé trédhearcach, rialta agus struchtúrtha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta. Dá réir sin, tá a gcumas an obair sin a dhéanamh ag brath ar chistiú inbhuanaithe intuartha a fháil.’
Ag an gcomhdháil, pléadh roinnt gnéithe bunúsacha nach mór díriú orthu chun an tAontas Sláinte Eorpach a neartú.
- an tiomantas don chur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’;
- nuálaíochtaí digiteacha agus a dtionchar ar an tsláinte;
- an inbhuanaitheacht agus córais sláinte a sheasfaidh an aimsir a áirithiú tríd an infheistíocht shóisialta;
- an comhrac domhanda i gcoinne neamhionannais sláinte ó thaobh na dlúthpháirtíochta Eorpaí de: cás na ngalar neamhchoitianta.
Foilseofar conclúidí agus moltaí na comhdhála ar leathanach gréasáin an imeachta.
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoin gcomhdháil inár bpreaseisiúint.