European Economic
and Social Committee
Luathrabhadh CESE: bímis ar ár n-airdeall faoi thionchar mhéadú an Aontais ar an talmhaíocht
Tá luathrabhadh tugtha ag CESE faoi na tionchair a bheidh ag méadú an Aontais atá ar na bacáin ar an talmhaíocht. Tá an méadú seo le tarlú i gcomhthéacs a bhfuil dúshláin shuntasacha dhomhanda ann, ina measc sin athruithe geopholaitiúla, an t-athrú aeráide, agus aistrithe sna beartais fuinnimh chomhshaoil. Mar a chuireann CESE in iúl, tá sé thar a bheith tábhachtach dícheall cuí a dhéanamh agus sinn ag ullmhú don mhéadú agus cloí go docht le luachanna an Aontais agus na Ballstáit nua ag teacht isteach.
Ag an seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí Iúil, ghlac an Coiste tuairim ina leagtar béim ar a chasta atá próiseas an mhéadaithe agus ar an ngá atá le bheith ullamh. Cuirtear i bhfios go láidir inti freisin gur gá déanamh de réir na hinbhuanaitheachta chomh maith le tacaíocht chothrom a thabhairt don earnáil talmhaíochta sna Ballstáit reatha agus sna Ballstáit is iarrthóirí araon. Is é is aidhm don mhéadú seo uathriail straitéiseach an Aontais a fheabhsú agus tionchar na talmhaíochta ar an gcomhshaol a laghdú. Bhí torthaí na méaduithe a bhí ann roimhe seo sách measctha, áfach. Anuas air sin, níos minice ná a mhalairt, ba chun leasa na mórfhiontar talmhaíochta a bhí na méaduithe, seachas chun leasa na bhfeirmeacha beaga tuaithe.
Sin rud ar leag an rapóirtéir don tuairim, Stoyan Tchoukanov, béim air. Chuir sé in iúl gur éirigh go maith leis na méaduithe a rinneadh roimhe seo i gcoitinne, ach nach raibh an oiread céanna buntáistí ag gabháil leo do na ceantair thuaithe ná do na feirmeoirí mionscála. Chuir sé i bhfáth gur gá a bheith cúramach agus bainistíocht á déanamh ar an gcóras talmhaíochta chun nach gcuirfear isteach air.
Chun aghaidh a thabhairt ar aon mhífhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun imeascadh rianúil a chinntiú, molann CESE sonraí cuimsitheacha a bhailiú agus faireachán a dhéanamh ar athchóirithe talmhaíochta. Beidh ar na tíortha is iarrthóirí iad féin a chur in oiriúint don chomhbheartas talmhaíochta (CBT) atá ag athrú. Mar shampla, is mó béim a leagtar ann anois ar sheirbhísí éiceachórais ná mar a leagtar ar thacaíochtaí traidisiúnta. Leis an méadú seo, táthar ag súil le go mbeidh limistéar talmhaíochta i bhfad níos fairsinge ann san Aontas, go mór mór i ndiaidh aontachas na hÚcráine. Le gan ach an Úcráin a chur san áireamh, tá méadú faoin gceathrú cuid le teacht ar limistéar talmhaíochta an Aontais.
Molann CESE an t-imeascadh a dhéanamh ar bhonn diaidh ar ndiaidh. Molann sé freisin buiséid thiomnaithe a thabhairt isteach chun tacú leis na fo-earnálacha talmhaíochta is mó a ndéanfar difear dóibh, FBManna go háirithe. Nuair a dhéanfar athchóiriú eile ar CBT san am amach romhainn, ba cheart díriú ar an inbhuanaitheacht, sin agus dreasachtaí atá bunaithe ar thairbhí comhshaoil agus sochaíocha a chur in ionad fóirdheontais atá bunaithe ar líon na heicteár.
Ar an iomlán, iarrann CESE go mbeifí cúramach agus próiseas an mhéadaithe á thabhairt chun críche agus go dtacófaí go maith leis an bpróiseas sin. Ar an gcaoi sin, is cinnte go rachaidh sé chun tairbhe do na Ballstáit go léir agus go mbeidh cleachtais talmhaíochta an Aontais fós inbhuanaithe agus cothrom, fiú in aghaidh an bhrú gheopholaitiúil atá ag dul i méid.