Le Andres Barceló Delgado

Cé nach raibh sé beartaithe riamh ag earnáil na tionsclaíochta an Eoraip a fhágáil, is é fírinne an scéil go bhfuil institiúidí an Aontais tagtha ar chonclúid shoiléir ó thoghcháin Eorpacha 2024 i leith: gan tionscal láidir, ní féidir leis an Eoraip neamhspleáchas straitéiseach a dhaingniú ná iomaíochas fíor-riachtanach a geilleagair a bhaint amach. Tá bonn tionsclaíoch láidir ríthábhachtach ní hamháin do phoist ardcháilíochta do mhuintir na hEorpa, ach freisin do dhul chun cinn, nuálaíocht agus seirbhísí ard-bhreisluacha.

Mar fhreagairt ar ghéarchéim na gcostas maireachtála, sheol CESE tionscnamh - ‘brattuairim’ - lena dtugtar aghaidh ar an ngéarchéim i réimsí éagsúla beartais agus lena gcuirtear moltaí spriocdhírithe ar fáil do lucht ceaptha beartas an Aontais agus do lucht ceaptha beartas náisiúnta. Mar chuid de sin, tá deireadh curtha ag an gCoimisiún um Staidéar ar Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) in CESE maidir leis an ationsclú mar chur chuige lárnach chun cuidiú le dul i ngleic le tionchar na géarchéime costais maireachtála ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí na hEorpa.

Sa tuairim uainn maidir le hAtionsclú na hEorpa - deiseanna do ghnólachtaí, d’fhostaithe agus do shaoránaigh i gcomhthéacs na géarchéime costas maireachtála, a ghlacfar ag seisiún iomlánach CESE i mí an Mheithimh, leagtar béim ar an ról ríthábhachtach nach mór a bheith ag an ationsclú chun feabhas a chur ar staid na ndaoine aonair agus na gcuideachtaí ar fud na hEorpa.

Is iad seo a leanas príomhchonclúidí na tuairime.

Cé gur díol sásaimh dúinn tionscnamh an Choimisiúin ‘compás iomaíochais’ a sheoladh, iarraimid go n-áireofaí tagarmharcanna soiléire agus táscairí feidhmíochta chun a áirithiú nach ann do na hiarrachtaí sin ar pháipéar amháin, ach go gcuirfear chun beatha iad.

I réimse an fhuinnimh (a fheidhmíonn mar dhídhreasacht faoi láthair do thionscal na hEorpa agus don gheilleagar i gcoitinne), iarraimid go ndéanfaí bearta tapa, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon, chun fuinneamh slán, cobhsaí agus intuartha a áirithiú ar phraghsanna a chuirfidh ar chumas gnólachtaí a bheith iomaíoch agus nach gcuirfidh ualach ar theaghlaigh.

Ní mór an neamhspleáchas straitéiseach a bheith i gcroílár phróiseas an ationsclaithe agus ní mór dó dul chun tairbhe ní hamháin do na cuideachtaí atá rannpháirteach go díreach, ach don slabhra luacha ina iomláine freisin. Tá ganntanas oibrithe oilte os comhair thionscal na hEorpa, agus sin an fáth a n-iarraimid go laghdófaí an rómhaorlathas agus go ndéanfaí reachtaíocht chuíchóirithe an Aontais maidir le ceadanna oibre a dheonú. Ní mian linn lucht saothair saor a ‘allmhairiú’, ach oibrithe oilte a mhealladh a shaibhreoidh sochaí na hEorpa.

Ní mór é a bheith d’aidhm ag an mbeartas tionsclaíoch tarraingteacht an Aontais a athbhunú agus timpeallacht fhabhrach a dhéanamh de arís don infheistíocht thionsclaíoch, agus deimhneacht dhlíthiúil, scileanna a oibrithe agus, ar ndóigh, tairbhí an mhargaidh aonair a ghiaráil.

Ní mór an t-idirphlé sóisialta a chomhtháthú go hiomlán sa phróiseas ationsclaithe, ós rud é go bhfuil tionchar aige ní hamháin ar chuideachtaí móra, ach ar FBManna freisin, arb ionann iad agus formhór mór ghnólachtaí na hEorpa.

Tá saincheist amháin ann, áfach, atá thar a bheith íogair i roinnt grúpaí sóisialta agus polaitiúla: maorlathas a shimpliú. I bhfocail Stefano Mallia, cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí in CESE, ‘ní hionann simpliú agus dírialáil. Ní bhaineann sé le deireadh a chur leis an gComhaontú Glas ná le coimircí sóisialta fíor-riachtanacha... Baineann sé le deireadh a chur leis an maorlathas nach dtéann chun tairbhe d’aon duine.’

Mar is gnách, tá an dvil sna mionsonraí; ach i bhfad ó bheith díspreagtha, ní mór dúinn an próiseas ationsclaithe a dhoimhniú, a mbeidh infheistíocht ar fud an tslabhra ar fad i gceist leis, ó infheistíocht phoiblí i mbonneagar go hinfheistíocht ghnó sa tionsclaíocht, poist ardcháilíochta a chur chun cinn, athoiliúint ghairmiúil ar feadh an tsaoil a spreagadh, na caighdeáin shóisialta atá i gcroílár acquis an Aontais a chothabháil, agus nuálaíocht ghnó a chur chun cinn mar bhealach chun feabhas leanúnach a chur ar sheirbhísí ard-bhreisluacha agus chun seirbhísí ard-bhreisluacha a fhorbairt.

Ní cúram éasca é sin, ach creidim go daingean gur féidir le tionscal láidir, atá bunaithe ar fud an Aontais, a bheith ar cheann de na príomhchúiseanna le feabhas a chur ar sheasamh iomaíoch gheilleagar na hEorpa agus le feabhas suntasach a chur ar staid mhuintir na hEorpa agus a dteaghlach.