European Economic
and Social Committee
Na Comhairlí Oibreacha Eorpacha a chur i bhfeiliúint don todhchaí: an fáth ar gá an Treoir a athbhreithniú
Grúpa na nOibrithe in CESE a scríobh
Tá os cionn 1 200 Comhairle Oibreacha Eorpacha i gcuideachtaí móra ilnáisiúnta i láthair na huaire. Uirlisí tábhachtacha atá iontu maidir leis an daonlathas a chosaint san ionad oibre, i bhfianaise an ceart atá acu faisnéis a fháil faoi shaincheisteanna trasnáisiúnta ó bhainistíocht láir na gcuideachtaí agus a dtuairim a thabhairt ina leith. I measc na saincheisteanna úd tá cúrsaí eacnamaíocha agus airgeadais mar atá faoi láthair agus an méid is dócha a thitfidh amach maidir le poist, infheistíochtaí nó modhanna nua oibre. Níl sé de cheart ag na Comhairlí Oibreacha Eorpacha comhaontuithe a chaibidliú.
Ós rud é gur i gceannáras na cuideachta is mó a dhéantar na cinntí ach go gcuirtear chun feidhme iad fud fad na corparáide, tá tábhacht na gComhairlí seo ag dul i méid i gcónaí. Cuidíonn na Comhairlí Oibreacha Eorpacha le hionadaithe na n-oibrithe tuiscint níos fearr a fháil ar na cinntí a dhéanann na cuideachtaí. Ar an taobh eile den scéal, cuidíonn faisnéis chruinn agus comhairliúchán cuí leis an mbainistíocht cinntí a dhéanamh ar chaoi ar féidir iad a chur chun feidhme gan tuisliú sna tíortha uile.
Mar sin féin, tugann an fhianaise le fios go bhfuil laigí tromchúiseacha sa Treoir maidir le Comhairlí Oibreacha Eorpacha atá ann faoi láthair (in 2009 a tháinig sí i bhfeidhm) agus ina cur chun feidhme. Thar aon rud eile, níl sé de cheart ag na Comhairlí Oibreacha Eorpacha dul os comhair na cúirte sa chás go bhfuil a gcearta á sárú. Léirítear san anailís atá déanta ar nósanna imeachta agus rialuithe cúirte go dtí seo gur ann d’éiginnteacht dhlíthiúil, go háirithe maidir leis na sainmhínithe ar na rudaí is ‘faisnéis’, ‘comhairliúchán’, ‘trasnáisiúnta’ agus ‘rúndacht’ ann, mar aon le ceart na gComhairlí fios a chur ar shaineolaithe (cúnamh dlí nó ionadaithe ceardchumainn, cuir i gcás). De bhreis air sin, tá neart rialacháin sheanchaite ann is gá a chur i bhfeiliúint do chúrsaí mar atá i saol an lae inniu.
Is ilghnéitheach na dúshláin atá roimh na cuideachtaí agus a lucht saothair sa lá atá inniu ann: an digiteáil, bearta i gcoinne an athraithe aeráide, cúrsaí déimeagrafaíochta, scileanna. Na dúshláin sin, is féidir leo cur isteach go mór ar iomaíochas na gcuideachtaí, agus ar an tslándáil shóisialta agus táirgiúlacht na n-oibrithe freisin. Tá sé cruthaithe ag an taighde eolaíoch go gcuireann an fhaisnéis éifeachtach, an comhairliúchán agus/nó cearta rannpháirtíochta na n-oibrithe lena inmharthana atá cinntí agus iomaíochas na gcuideachtaí, rud a thugann le fios gurbh fhéidir leis na Comhairlí Oibreacha Eorpacha ról tábhachtach a bheith acu i gcur chun feidhme an aistrithe chóir.
Ina fhianaise sin uile, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, mar aon le feidhmiú cuí na gComhairlí Oibreacha Eorpacha. Ba cheart gur leor athbhreithniú tapa gan tuisliú ar an Treoir, chun na heasnaimh atá inti a chur ina gceart agus na Comhairlí a chur i bhfeiliúint don todhchaí. Déantar measúnú sa tuairim ó CESE ar an togra ón gCoimisiún agus tá moltaí nithiúla inti do na reachtóirí maidir lenarbh fhéidir a dhéanamh chun an Treoir a fheabhsú.