European Economic
and Social Committee
Is maith an rud é an t-iomaíochas, ach cad é an praghas atá air? Níor cheart don Eoraip cúlú ar chearta sóisialta agus saothair a cheadú
Le Grúpa na nOibrithe in CESE
Tá rabhadh á thabhairt ag Grúpa na nOibrithe in CESE nár cheart na cearta sóisialta agus cearta na n-oibrithe, cearta atá saothraithe go maith, a chur i leataobh sna hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an Aontas chun leanúint de bheith iomaíoch sa gheilleagar domhanda. I bhfianaise na n-éileamh ar dhírialáil mhéadaithe, níor cheart don Aontas dul siar ar phríomhreachtaíocht, amhail Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.
I bhfianaise na moltaí i dtuarascálacha Draghi agus Letta, d’eisigh an Coimisiún teachtaireacht maidir leis an gCompás Iomaíochais arb é is aidhm dó, in éineacht leis na tionscnaimh chothrománacha a mholann sé, borradh a chur faoi ghníomhaíochtaí na ngnólachtaí. Is é an sprioc atá ann buntáiste iomaíoch na hEorpa a neartú.
Is cúis mhór imní do Ghrúpa na nOibrithe go bhfuil baol ann go gcuirfear moill ar chearta sóisialta agus saothair sa phróiseas sin, ós rud é gur cosúil gur roghnaigh an tAontas cos a choinneáil le geilleagair iomaíocha eile ar ais nó ar éigean.
Sin an fáth ar mhol Grúpa na nOibrithe sraith tuairimí féintionscnaimh lena dtugtar aghaidh ar shaincheist an iomaíochais ó thaobh bhreisluach an chaipitil dhaonna de. Sampla den mhéid sin is ea an togra maidir leis an tuairim ‘Ról na gceardchumann maidir le táirgiúlacht a fheabhsú’. Beidh sé d’aidhm ag an tuairim a léiriú gurb í an infheistíocht i gcaipiteal daonna (oibrithe), agus sa teicneolaíocht agus sa nuálaíocht, go príomha, is cúis leis an táirgiúlacht san Aontas (a mbíonn tionchar aici ar an iomaíochas).
Sa chomhthéacs sin, leagtar béim ar phríomhról na gceardchumann, ós rud é go dtugann siad oibrithe aonair le chéile trí chómhargáil agus trí ghníomhaíocht chomhchoiteann, rud a mhúnlaíonn dinimic an mhargaidh saothair chun cabhrú le geilleagar iomaíoch a bhaint amach.
Ar an gcaoi chéanna, beidh sé d’aidhm ag staidéar de chuid Ghrúpa na nOibrithe atá ar na bacáin staid na himeartha maidir le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a mheas agus meastóireacht a dhéanamh uirthi. Beidh an staidéar ina uirlis thábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar an mbeartas sóisialta, ós rud é go bhfuiltear ag súil go ndíreoidh an Eoraip go príomha ar a geilleagar agus í sa tóir ar an iomaíochas.
Ar deireadh, ag an gcruinniú a bheidh aige i mí Aibreáin den Chatagóir Guth na n-oibrithe ar mhaithe le rannpháirtíocht dhaonlathach bhreise, scrúdóidh Grúpa na nOibrithe na hiarrachtaí atá beartaithe chun ualaí rialála ar ghnólachtaí a laghdú – rud a mheastar a bheith ina thoisc a chuireann moill ar iomaíochas na hEorpa – agus ar a dtionchar ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear oibrithe agus an comhshaol, go háirithe i gcomhthéacs an díchill chuí agus an tuairiscithe ar inbhuanaitheacht chorparáideach.