Tá moill shuntasach tagtha ar dhul chun cinn na hEorpa i dtaca leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna), rud ar cúis imní é a mhéid a bhaineann le spriocanna 2030 a bhaint amach. I dTuarascáil 2025 maidir le Forbairt Inbhuanaithe na hEorpa, arna foilsiú ag Líonra Réitigh na Náisiún Aontaithe um an bhForbairt Inbhuanaithe (SDSN), léiríodh gur tháinig laghdú faoina leath ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis na SFInna idir 2020 agus 2023 i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin.

Tháinig méadú 1.9 pointe ar an dul chun cinn sa tréimhse idir 2016 agus 2019, ach thit an figiúr sin go 0.8 pointe sna blianta ina dhiaidh sin. Ní hamháin sin ach tá dúshláin chomhshaoil, shóisialta agus gheopholaitiúla ann freisin a bhfuil fás fúthu. Is cúis mhór imní i gcónaí é SFI 2 (Díothú an Ocrais), ós rud é go bhfuil saincheisteanna fós ann ar fud na hEorpa maidir le slándáil an tsoláthair bia agus an inbhuanaitheacht bia.

I staidéar ar leith a rinneadh thar ceann Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), cuireadh i dtreis gur gá aistriú a dhéanamh ó thaobh cothaithe de más uainn tacú leis an talmhaíocht inbhuanaithe agus leis an tsláinte phoiblí.

Anois agus ceannaireacht nua an Aontais i bhfeidhm, tá saineolaithe ag iarraidh go dtabharfar isteach beartais níos láidre agus go ndéanfar infheistíocht níos mó chun dlús a chur leis an dul chun cinn maidir leis na SFInna. Tuigtear go bhfuil an comhar domhanda agus cúrsaí maoiniúcháin ríthábhachtach, agus meastar go ndíreoidh an 4ú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú Forbraíochta sa Spáinn i mí an Mheithimh 2025 ar thacaíocht airgeadais i dtaobh na hinbhuanaitheachta a mhéadú.

A mhéid a bhaineann le hiarrachtaí inbhuanaitheachta, meabhraíonn Guillaume Lafortune, Leas-Uachtarán SDSN agus príomhúdar na tuarascála, gur casadh breise sa scéal é an teannas geopholaitiúil atá ag dul i méid, ach tá sé féin dóchasach mar sin féin.

‘Tá cúrsaí dulta in olcas ar fud an domhain ó thaobh contúirte, éagobhsaíochta agus éiginnteachta de,’ a dúirt sé. ‘Mar sin féin, tá an fhorbairt inbhuanaithe ag teastáil ó dhaoine, agus ó dhaoine óga go háirithe. Le méid an gheilleagair dhomhanda agus leis na teicneolaíochtaí éagsúla atá ar fáil, tá sé d’acmhainn againn ar fud an domhain an fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach ina hiomláine.’

‘Is spreagadh ríthábhachtach iad na córais bhia inbhuanaithe chun na SFInna a chur chun feidhme. Chun gníomhaíochtaí a spreagadh, beidh sásraí níos uaillmhianaí de dhíth lena ndéanfar slite beatha feirmeoirí, táirgeoirí bia ar mhionscála agus geallsealbhóirí eile ar fud shlabhra an tsoláthair bia a chosaint. Mar sin féin, ní mór dúinn dul i ngleic le dáileadh éagórach freisin agus aistriú cóir a áirithiú,’ arsa Peter Schmidt, cathaoirleach na rannóige um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol (Rannóg NAT) in CESE, agus é ag iarraidh, freisin, go gcuirfí borradh faoi rannpháirtíocht na sochaí sibhialta.

Agus gan ach cúig bliana fágtha, tá cinneadh ríthábhachtach le déanamh ag an Aontas: beart cinntitheach a dhéanamh nó dul sa seans nach gcomhlíonfaidh sé a chuid gealltanas maidir le todhchaí inbhuanaithe chothrom. (ks)