I mí Dheireadh Fómhair, ghlac CESE tuairim inar moladh athmhachnamh bunúsach a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn airgeadas an Aontais. D’iarr sé go mbeadh níos mó trédhearcachta ann agus breis rannpháirtíochta ag na saoránaigh ar fud an Aontais, rud a chuirfeadh feabhas ar an daonlathas agus ar mhuinín an phobail. 

Chun a dhéanamh, mhol CESE comhchreat trédhearcachta fioscaí a fhorbairt, creat ina mbeadh na saoránaigh rannpháirteach i bpróisis bhuiséadaithe, agus uirlisí digiteacha a chruthú le haghaidh faisnéis bhuiséadach níos soiléire.

‘Samhlaigh go bhféadfaí gach euro de mhaoiniú AE a rianú – ón mBruiséil trí rialtais náisiúnta síos go dtí do phobal áitiúil’, a dúirt rapóirtéir na tuairime, Elena Calistru.

Dar le CESE, i gcreat coiteann maidir le trédhearcacht fhioscach, is amhlaidh a leagfar síos caighdeáin shoiléire agus chomhsheasmhacha do na cláir uile arna gcistiú ag an Aontas agus áiritheofar tuairisciú aonfhoirmeach agus rochtain éasca ar shonraí airgeadais ar fud na mBallstát. Is ar chur chun cinn na ndea-chleachtas a bheifí ag díriú seachas ar rialacháin nua a thabhairt isteach.

Chuirfeadh buiséadú rannpháirteach ar chumas na saoránach tionchar díreach a bheith acu ar chinntí maidir le caiteachas poiblí, go háirithe ar an leibhéal áitiúil, agus gnéithe rannpháirtíochta á n-ionchorprú i bpróisis bhuiséadaithe ar leibhéal an Aontais san am céanna.

D’iarr CESE go mbeadh ardán digiteach aontaithe soláimhsithe ann lena gcuirfí sonraí buiséid fíoraimseartha soiléire ar fáil, sin agus léargas ar an gcaoi a bhfuil torthaí á mbaint amach ag cistí an Aontais. Mhéadódh sé sin tuiscint agus rannpháirtíocht an phobail san fhaisnéis ar chúrsaí airgeadais.

Chuir CESE béim freisin ar a thábhachtaí atá sé feasacht an phobail a mhúscailt, maoirseacht níos láidre a áirithiú, agus cleachtais airgeadais a ailíniú le spriocanna an Aontais, an comhtháthú, cuir i gcás, sin agus inbhuanaitheacht chun comhar agus cuntasacht a chothú.

'Tá rud i gceist le hairgeadas an Aontais seachas uimhreacha. Baineann siad le muinín agus daonlathas agus leis an Eoraip a chur ag obair dá cuid saoránach’. Sin é b’fhocal scoir do Bn. Calistru. (tk)