European Economic
and Social Committee
Tá cumhacht airgeadais de dhíth ar an Eoraip má tá sí chun na huaillmhianta atá aici a bhaint amach
Le Antonio García Del Riego, comhalta de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE
Tá uair na cinniúna buailte linn san Eoraip agus dúshláin stairiúla le sárú againn, ina measc an t-aistriú glas, an cogadh atá ag titim amach béal dorais linn agus an iomaíocht dhomhanda ag dul i ndéine. Ní leor dearbhuithe beartais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Beidh airgead ag teastáil chuige sin agus an cumas a bheith againn é a úsáid, a threorú, agus a mhéadú. Go bunúsach, tá córas airgeadais atá láidir, iomaíoch agus uathrialach de dhíth. Ar an drochuair, ní hé sin atá againn faoi láthair.
Is ar an airgeadas a bhraitheann aon gheilleagar nua-aimseartha. Ó mhonarchana nua, feithicilí leictreacha, leathnuithe ospidéil go gnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta glaine, bíonn gach fiontar nua ag brath ar dhuine atá sásta dul sa seans agus é a mhaoiniú. Agus san Eoraip, is minic gur banc é an ‘duine’ sin. Bíonn FBManna, arb ionann iad agus 99 % de chuideachtaí an Aontais, ag brath go mór ar chreidmheas bainc chun fás, infheistíocht agus onnmhairiú a dhéanamh. Mar sin féin, is baolach go bhfaighfeadh iomaitheoirí eile an lámh in uachtar ar na hinstitiúidí sin atá i gcroílár ár n-éiceachóras maoinithe agus go ndéanfaí ró-rialáil orthu.
Is minic a labhraítear san Eoraip faoin ‘uathriail straitéiseach’ sa bhonneagar fuinnimh, cosanta agus digiteach, ach is annamh a thugtar aird ar an neamhspleáchas airgeadais. Níor cheart gurb amhlaidh an cás.
Sa lá atá inniu ann, tá ceithre bhanc Mheiriceánacha freagrach as os cionn 60 % den infheistíocht baincéireachta san Eoraip a láimhseáil. Cuirfear rialacha Basel IV atá ar na bacáin i bhfeidhm ina n-iomláine san Aontas, ach ní chuirfear i bhfeidhm iad sna Stáit Aontaithe, sa Ríocht Aontaithe ná sa tSeapáin. Fágann sin go mbeidh bainc na hEorpa faoi mhíbhuntáiste iomaíoch. Más mian linn go maoineoidh bainc na hEorpa an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus go dtacóidh siad le hearnálacha straitéiseacha, ní mór dóibh a bheith in ann dul san iomaíocht ar bhonn cothrom.
Ní mór beart a dhéanamh de réir an bhriathair agus fíormhargadh aonair le haghaidh coigiltis agus infheistíochtaí a dhéanamh d’Aontas na Margaí Caipitil. Chun é sin a bhaint amach, tá gá le rialáil chliste, chomhréireach agus chumasúcháin lena gcosnaítear an chobhsaíocht agus na tomhaltóirí, ach lena gcuirtear borradh faoin bhfás agus faoin iomaíochas san am céanna. Chuige sin, tá an méid a leanas ag teastáil:
- comhréireacht;
- neodracht na teicneolaíochta; agus
- rialacha bunaithe ar thorthaí.
Ní haon tráth soineantachta don Eoraip é. I ndomhan inar rábach, murab ionann is riamh, polaitíocht na cumhachta agus bloic eacnamaíocha, is ionann láidreacht airgeadais agus an cheannasacht. Tuigeann na Stáit Aontaithe agus an tSín é sin. Ba cheart dúinne é sin a thuiscint chomh maith.