European Economic
and Social Committee
Géarchéim tithíochta – tá CESE ag iarraidh ar an Aontas cur chun gnímh
Tá méadú ag teacht ar líon na nEorpach a bhfuil buairt orthu toisc nach bhfuil siad in ann cóiríocht chuibhiúil inacmhainne a fháil. Is é an baol atá ann go mbeidh tithíocht neamhleordhóthanach, brú airgeadais, éiginnteacht tithíochta agus fiú easpa dídine ann dá thoradh sin. Is féidir le tithíocht neamh-inacmhainne cur isteach ar shláinte agus ar fholláine daoine, is féidir léi dálaí maireachtála éagothroma agus deiseanna maireachtála éagothroma a chruthú agus is féidir costais cúraim sláinte, táirgiúlacht níos ísle agus damáiste don chomhshaol a bheith mar thoradh uirthi.
Ag comhdháil a d'eagraigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) le déanaí sa Bhruiséil, tugadh rabhadh soiléir dá raibh i láthair: tá an ghéarchéim tithíochta san Eoraip ag dul in olcas agus tá roinnt iarmhairtí gan choinne ag teacht chun cinn dá dheasca sin.
De réir staidéar a rinne Eurofound le déanaí, cuireann an ghéarchéim tithíochta isteach ar dhaoine óga go háirithe, rud a chuireann bac orthu bogadh amach as teach a muintire. Idir 2007 agus 2019, tháinig méadú ar an aois (ó 26 go 28 mbliana d'aois) a bhí ag 50 % ar a laghad de shaoránaigh an Aontais nuair a d’fhág siad teach a muintire. Idir 2010 agus 2019, ba sa Spáinn, sa Chróit, san Iodáil, sa Chipir, sa Bheilg, sa Ghréig agus in Éirinn a tharla na méaduithe ba mhó ar líon na ndaoine idir 25 agus 34 bliana d’aois a bhí ina gcónaí fós lena dtuismitheoirí.
I gcaitheamh na mblianta, tá iarracht déanta ag CESE aird a tharraingt ar shaincheisteanna tithíochta ar fud an Aontais. In 2020, is amhlaidh a ghlac an Coiste tuairim maidir le Rochtain uilíoch ar thithíocht atá cuibhiúil, inbhuanaithe agus inacmhainne san fhadtéarma, tuairim a dhréachtaigh na comhaltaí Raymond Hencks agus András Edelényi, agus d’iarr CESE go gcuirfí ar bun plean gníomhaíochta Eorpach maidir le tithíocht.
Ag tógáil dó ar na moltaí ón gcomhdháil sin, tá sé beartaithe ag CESE spreagadh polaitiúil a thabhairt don díospóireacht agus a áirithiú go gcuirfear géarchéim tithíochta an Aontais ar chlár oibre 2024-2029 Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin nua. Ní mór don Aontas na hacmhainní atá ann a thabhairt le chéile agus a úsáid le dul i ngleic le ganntanas tithíochta cuibhiúla inacmhainne. (mp)