Tháinig Christa Schweng i láthair den chéad uair mar Uachtarán nua-thofa CESE ag díospóireacht tionscnaimh le príomhcheannairí an Aontais Eorpaigh an lá tar éis di a bheith tofa ag seisiún iomlánach mhí Dheireadh Fómhair.

Sa díospóireacht, a reáchtáladh ar líne, díríodh ar an Téarnamh ar son Thodhchaí na hEorpa, thug Uachtaráin phríomhinstitiúidí uile an Aontais ionchur, inar chuir siad i bhfáth an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an tsochaí shibhialta chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh an Eoraip agus roimh an domhan ar fad faoi láthair.
Dúirt Christa Schweng, Uachtarán nua-thofa CESE, go bhfuil príomhról ag an gCoiste chun guth na sochaí sibhialta a chur in iúl go láidir ar an leibhéal Eorpach.

“A bhuí le hionchur na sochaí sibhialta”, a dúirt sí, “beidh an staid mar atá ar an láthair á léiriú níos fearr sna bearta Eorpacha, agus beifear in ann iad a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtúla ar an leibhéal náisiúnta nó áitiúil”.

Ní hé amháin gur ról dearfach é, dar le Christa Schweng, is ról ríthábhachtach é, “Tá gá le hionchur ó fhostóirí, oibrithe, tomhaltóirí, feirmeoirí agus ENRanna mar aon lena dtaithí phraiticiúil, má táthar chun an Eoraip a athrú chun feabhais. Gníomhaímid mar nasc idir an tsochaí shibhialta agus an tAontas: ní mór dúinn beart a dhéanamh de réir ár mbriathair sa ról sin, agus táim suite de gur féidir linn an méid sin a bhaint amach.

Ghlac Leas-Uachtaráin nua-cheaptha CESE páirt sa díospóireacht freisin. Mheabhraigh Giulia Barbucci, Leas-Uachtarán um an mBuiséad, go bhfuil sár-obair déanta ag an Aontas chun dul i ngleic leis an ngéarchéim reatha, ach is é an rud atá in easnamh fós ná rannpháirtíocht bhunúsach na saoránach, agus tá ról bunriachtanach le himirt ag CESE chuige sin.

Chuir Cillian Lohan, Leas-Uachtarán um an gCumarsáid, i bhfios go láidir go bhfuil dearcadh uathúil ag comhaltaí CESE i dtaca le tionchar an Aontais ar shaol laethúil na ndaoine in earnálacha éagsúla na sochaí.

Bhí Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, páirteach sa díospóireacht freisin trí theachtaireacht físeáin, agus i bpáirt le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, David Maria Sassoli, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel agus Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, Apostolos Tzitzikostas,ghuigh sí gach rath ar Christa Schweng dá téarma oifige. Chuir siad go léir in iúl gur mór acu an t-ionchur a thug CESE agus chuir siad i bhfáth an gá atá le guth shochaí shibhialta na hEorpa a chur san áireamh. (dgf)