European Economic
and Social Committee
Tá iarrtha ag Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta go mbunófaí Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir leis an tSochaí Shibhialta
Leis an nGrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ in CESE
Ag comhdháil maidir le ‘Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta – na príomhghníomhaithe do thodhchaí na hEorpa’, an 5 Samhain 2021, arna heagrú ag an nGrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ de chuid CESE (i gcomhpháirtíocht le Sochaí Shibhialta na hEorpa agus le tacaíocht ó Ghrúpa Idirchaidrimh CESE agus an Chatagóir ‘Saol na gCumann’), d’athdhearbhaigh eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) agus a mbrateagraíochtaí a n-éileamh go mbunófaí Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir leis an tSochaí Shibhialta agus Reacht Eorpach do chomhlachais. Measadh gur príomhghnéithe iad an obair leantach chuí ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus idirphlé rialta struchtúrtha le ESSanna chun muinín na saoránach as an bpolaitíocht a chothú an athuair agus chun daonlathas na hEorpa a neartú.
Léiríodh diongbháilteacht na rannpháirtithe agus na n-eagraíochtaí rannpháirteacha le neartú a gcomhair chun laghdú agus díláithriú breise ar an spás sibhialta a chosc agus chun an t-idirphlé sibhialta éifeachtach a chur chun cinn. I bhfianaise na ndúshlán polaitiúil agus eacnamaíoch atá ag dul i méid do ESSanna, beidh ríthábhacht ag baint le cistiú (go háirithe d’eagraíochtaí beaga), le cosaint dhlíthiúil éifeachtach, le fothú acmhainneachta agus le dul i muinín nósanna imeachta AE atá ann cheana maidir le gearáin a dhéanamh. D’iarr na rannpháirtithe ar na hInstitiúidí Eorpacha tacaíocht a thabhairt.
Le linn na comhdhála, bhí cainteoirí ardleibhéil agus ionadaithe ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach, agus bhí cur i láthair ar na chéad torthaí ó staidéar CESE ar ‘Impleachtaí phaindéim COVID-19 ar chearta bunúsacha agus an spás sibhialta’, arna iarraidh ag an nGrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’. Foilseofar an staidéar sa chéad ráithe de 2022.
Tá conclúidí agus moltaí na comhdhála sin ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’. Beidh siad mar chuid d’ionchur an ghrúpa sin don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.
Léigh an phreaseisiúint iomlán maidir leis an gcomhdháil. (jk)