Toisc go bhfuil an Grúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ (Grúpa III) ann in éineacht le Grúpa na bhFostóirí agus Grúpa na nOibrithe, cinntítear gur fórsa dinimiciúil é an Coiste atá cumhachtaithe chun na hábhair is imní do na heagraíochtaí éagsúla eacnamaíocha, sóisialta, gairme agus sibhialta dá bhfuil an tsochaí shibhialta sna Ballstáit comhdhéanta, a chur in iúl go láidir.
Ag luí leis na hathruithe a tugadh isteach le Conradh Liospóin, tá Grúpa III comhdhéanta ‘d’ionadaithe agus geallsealbhóirí eile na sochaí sibhialta, go háirithe sna réimsí eacnamaíocha, cathartha, gairmiúla agus cultúrtha.’
Is é an ghné ar leith a chruthaíonn céannacht Ghrúpa III ná an réimse leathan earnálacha a ndéantar ionadaíocht thar a gceann ann. Roghnaítear a chuid comhaltaí ó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna na réimsí seo a leanas:
- An lucht acadúil (eolaithe nádúrtha, eacnamaithe, socheolaithe, etc.)
- Rannpháirtíocht agus Cumhachtú na Saoránach
- Forbairt na Sochaí Sibhialta
- Tomhaltóirí
- Comhshaol, Oidhreacht agus Forbairt Inbhuanaithe
- Feirmeoireacht, Iascach agus Pobail Chósta, Foraoiseacht
- Cosaint chearta an duine (saincheisteanna a bhaineann le leanaí, daoine scothaosta, teaghlaigh, comhionannas inscne, grúpaí imeallaithe agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste, imircigh agus dídeanaithe, mionlaigh, daoine faoi mhíchumas, mná agus daoine óga)
- Saorghairmeacha (dlíodóirí, dochtúirí, innealtóirí, etc.)
- Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus earnáil na Ceardaíochta
- An Geilleagar Sóisialta (carthanais, comharchumainn, fondúireachtaí, cumainn fhrithpháirteacha agus fiontair shóisialta)
Is é is aidhm fhoriomlán do Ghrúpa III an daonlathas rannpháirtíochta a neartú i ndáiríre ar fud an Aontais Eorpaigh agus a chinntiú go léireofar leasanna mhuintir uile na hEorpa i dtuairimí CESE maidir le tograí reachtacha ón Aontas. Dá bhrí sin, tá gníomhaíochtaí Ghrúpa III bunaithe ar thrí cholún:
- Éagsúlacht sa daonlathas
- Comhdhearcadh a chothú
- Rannpháirtíocht shibhialta Eorpach – gníomhaíocht áitiúil
Le linn Uachtaránacht 2020-2023, beidh obair an Ghrúpa dírithe ar ‘an Bhochtaineacht agus ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun í a leigheas’.