European Economic
and Social Committee
Foilsíodh staidéar nua dar teideal “Teacht ar chomhdhearcadh nua maidir le luachanna na sochaí sibhialta san Eoraip agus a meastóireacht” arna choimisiúnú ag an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE
Leis an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE
An bhfuil comhthuiscint ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil, san Ungáir agus sa Pholainn maidir le luachanna an daonlathais, an smacht reacht agus an dlúthpháirtíocht?
Sa staidéar nua dar teideal “Teacht ar chomhdhearcadh nua maidir le luachanna na sochaí sibhialta san Eoraip agus a meastóireacht” a rinne Ionad Beartais na hEorpa do CESE arna iarraidh sin don Ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE, léiríodh gur minic a bhíonn ESSanna ar aon intinn ina sainmhínithe ar na luachanna sin, fiú má bhíonn a léirmhínithe ar an dlúthpháirtíocht níos éagsúla ná a léirmhínithe ar an daonlathas agus ar an smacht reachta.
Léiríodh sa staidéar freisin go n-aithníonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta an ról fíor-riachtanach atá ag an earnáil shibhialta i gcur chun cinn na luachanna sin. Mar sin féin, tá dúshláin éagsúla os comhair ESSanna agus an méid sin á dhéanamh acu, go háirithe i ndáil le rochtain shrianta ar chistiú, le hathrú teicneolaíoch agus ó ghlúin go glúin agus, thar aon ní eile, le timpeallachtaí polaitiúla neamhfhabhracha. Tá na rialtais agus an tsochaí shibhialta féin ag éirí níos achrannaí, níos polaitiúla agus níl siad chomh sásta teacht ar chomhréiteach agus a bhíothas, i ngach tír a ndearnadh staidéar orthu. Agus iad ag cur síos ar a gcás, a thuiscint ar luachanna agus an t-ionchas don todhchaí, níl dearcadh chomh dearfach céanna ag ESSanna sa Deisceart agus san Oirthear agus atá ag ESSanna san Iarthar.
De réir an staidéir, beidh comhar agus nuálaíocht ag teastáil ón tsochaí shibhialta agus ó na rialtais araon ar gach leibhéal, má tá ESSanna le bheith in ann leanúint de luachanna an Aontais Eorpaigh a chosaint.
An 2 Meán Fómhair, rinne Arno Metzler, Uachtarán an Ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE an staidéar a chur i láthair in éineacht le Corina Stratulat, Anailísí Sínsearach Beartais in EPC (Ionad Beartais na hEorpa), agus Paul Butcher, Anailísí Beartais in EPC, beirt as an bhfoireann údar a rinne an staidéar, le linn preasócáid chianda.
Tabhair cuairt ar leathanach gréasáin CESE le haghaidh tuilleadh eolais ar na tograí agus na moltaí atá sa staidéar ó na ESSanna féin agus ón bhfoireann taighde. Tá an staidéar agus a achoimre feidhmiúcháin chomh maith le preaseisiúint ghaolmhar ar fáil ar líne.