European Economic
and Social Committee
Cloch mhíle don Eoraip is ea Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto
An 28 Aibreán, reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) malartú tuairimí leis an gCoimisinéir um Poist agus um Chearta Sóisialta, Nicolas Schmit, maidir le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) agus Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto, áit a raibh an plean le plé ar an leibhéal is airde.
Le linn na díospóireachta a reáchtáladh ag seisiún iomlánach fíorúil CESE, thíolaic agus ghlac CESE rún freisin maidir lena ionchur i gCruinniú Mullaigh Porto dar teideal, European Civil Society Working in Partnership for our Sustainable Future [Sochaí sibhialta na hEorpa ag obair i gcomhpháirt le chéile le go mbeidh todhchaí inbhuanaithe againn].
Sa rún uaidh, dúirt CESE gur cloch mhíle is ea Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto agus gur deis atá ann a léiriú go ngníomhaíonn an tAontas agus na Ballstáit i gcomhar lena saoránaigh agus ar son a ndea-bhail, gan duine ar bith a fhágáil ar lár.
Dar le CESE, tá Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta iontach tráthúil i gcomhthéacs an téarnaimh iar-phaindéimigh. Ní mór é a bheith de chumas ag gach saoránach, lena n-áirítear na saoránaigh is leochailí, páirt a ghlacadh i ndearadh agus i gcur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta amach anseo, bá a bheith acu leis agus é a bheith mar ábhar dóchais dóibh agus é sin ar fad trí rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta.
Thathantaigh CESE ar na Ballstáit agus na hinstitiúidí Eorpacha dul i mbun gníomhaíochta i réimsí éagsúla. San áireamh leis sin, bhí athléimneacht shóisialta na ngeilleagar Eorpach a mhéadú agus borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus cruthú post.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán CESE Christa Schweng: “Is céim chun tosaigh é an cruinniú mullaigh seo i dtreo daoine a chur i gcroílár bheartais an Aontais. Trína chuid oibre, tá sé d’aidhm ag CESE cur leis an téarnamh agus leis na hullmhúcháin do shochaithe agus do gheilleagair a bheidh níos glaise agus níos digití ar an mbealach is fearr is féidir linn, agus smaointe agus moltaí na sochaí sibhialta eagraithe á n-úsáid againn.”
Dúirt an tUasal Schmit faoin bplean gníomhaíochta gur “plean ar son na ndaoine” a bhí ann agus dúirt sé freisin go raibh sé i gceist leis dálaí maireachtála agus oibre na ngrúpaí is leochailí agus is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tsochaí a fheabhsú amhail mná, páistí, an t-aos óg agus daoine faoi mhíchumas. Leagtar béim ar thimpeallacht níos sóisialta a chur chun cinn agus ar infheistíocht a dhéanamh i ndaoine mar réamhriachtanas don iomaíochas agus don nuálaíocht.
“Ní bheidh rath ar na geilleagair agus ní éireoidh leis an aistriú glas ná an t-aistriú digiteach mura mbeidh daoine sách sláintiúil, léannta agus oilte. Is mian linn a chur in iúl nach ualach é an tsamhail shóisialta seo againn ach gur sainghné agus sócmhainn atá inti a chuir ar ár gcumas dul i ngleic leis an bpaindéim ar bhealach níos fearr ná réigiúin eile ar fud an domhain,” arsa an tUasal Schmit.
Mar sin féin, chuir sé i bhfáth go raibh an Coimisiún go mór ar an eolas maidir le roinnt na n-inniúlachtaí idir na leibhéil náisiúnta agus leibhéil an Aontais agus nach raibh sé i gceist aige dul i mbun reachtóireachta i réimsí nach dtagann faoina chúram. Bhain sé sin go háirithe leis an gcaoi ar gá spriocanna a bhaint amach, ar freagracht de chuid rialtais na mBallstát é sin. (ll)