European Economic
and Social Committee
CESE ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto: daoine le cur i gcroílár gach gníomhaíochta!
Tá sé i gceist ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) páirt ghníomhach a ghlacadh in iarrachtaí comhpháirteacha Eorpacha chun prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) a chur i ngníomh agus chun Eoraip níos cothroime agus níos rathúla a thógáil do chách.
Agus iad ag glacadh páirt sa Chomhdháil Ardleibhéil de Chruinniú Mullaigh Sóisialta Porto a chuir Uachtaránacht na Portaingéile ar bun an 7 Bealtaine, chuir ionadaithe CESE in iúl a thiomanta atá an Coiste don atógáil eacnamaíoch agus shóisialta a chothú trí dhaoine a chur i gcroílár na mbeartas.
Oibreoidh CESE i gcomhar leis na hinstitiúidí Eorpacha eile, na Ballstáit agus na saoránaigh chun na spriocanna a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta EPSR a bhaint amach. Áirítear leis sin borradh a chur faoin bhfostaíocht, an t-oideachas a threisiú agus an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a laghdú.
“Lenár ngníomhaíochtaí, is féidir leis an Eoraip téarnamh a dhéanamh nó d’fhéadfaí go dtiocfadh borradh faoin Eoraip ach sinn a bheith níos uaillmhianaí. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart dúinn na dálaí a chruthú do rathúnas an Aontais lena gcruthófar poist", a dúirt Uachtarán CESE Christa Schweng. “Ba cheart dúinn a chinntiú freisin go dtabharfar tacaíocht agus cumhacht do na saoránaigh uile trí na scileanna ábhartha don obair agus don saol a chur ar fáil dóibh, ionas go bhféachfaidh siad go muiníneach i dtreo na todhchaí. Is féidir brath ar an ngealltanas uainn go léireoimid gur féidir leis an Aontas agus na Ballstáit gníomhú lena gcuid saoránach agus barr feabhais a chur ar a saol, gan duine ar bith a fhágáil ar lár.”
Chomh maith leis an Uachtarán, bhí Uachtaráin na dtrí ghrúpa in CESE i measc thoscaireacht CESE ag an gcruinniú mullaigh: Stefano Mallia (Grúpa na bhFostóirí), Oliver Ropke (Grúpa na nOibrithe) agus Seamus Bolland (Éagsúlacht Eoraip).
Ghlac toscaireacht CESE páirt i seisiúin oibre an Chruinnithe Mullaigh, iad ar fad dírithe ar ábhair a bhaineann le spriocanna beartaithe an Phlean Gníomhaíochta: 1) an obair agus an fhostaíocht, 2) scileanna agus nuálaíocht agus 3) an stát leasa agus an chosaint shóisialta.
Measadh gurb ócáid ríthábhachtach é d’Uachtaránacht na Portaingéile ar an Aontas nuair a tháinig comhpháirtithe sóisialta le chéile i gcomhar le hinstitiúidí Eorpacha den chéad uair i gCruinniú Mullaigh Sóisialta Porto le glacadh leis an gcomhaontú maidir lena mbeidh i gceist le todhchaí shóisialta na hEorpa.
Dhírigh an Chomhdháil Ardleibhéil ar an mbealach is fearr chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, rud a d’fhógair an tAontas Eorpach ag cruinniú mullaigh roimhe sin in Gothenburg in 2017. Tá 20 prionsabal i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta lenar cheart cuidiú le hEoraip níos láidre, níos cothroime agus níos cuimsithí a thógáil lena gcuirfear comhdheiseanna ar fáil dá saoránaigh uile. (ll)