Tá CESE den tuairim gurb oiriúnach dá bhfeidhm iad an Gníomh um Margaí Digiteacha agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, arna moladh ag an gCoimsiún Eorpach chun srian a chur le cumhacht na n-ollchuideachtaí digiteacha san Eoraip, cumhacht atá ag fás de shíor, a fhad is go mbeidh siad in éineacht le cánachas ar na cuideachtaí teicneolaíochta, le dálaí oibre níos fearr d’oibrithe ardáin agus le rialachas sonraí.

I bpacáiste tuairimí a glacadh sa seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí Aibreáin, bhí CESE i bhfách leis an nGníomh um Margaí Digiteacha agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, arna moladh ag an gCoimisiún Eorpach, chun beocht a chur san iomaíochas ar an idirlíon an athuair.

Is píosa reachtaíochta é an Gníomh um Margaí Digiteacha a rabhthas ag súil leis le fada an lá. “Le breis is deich mbliana anuas, bhí sé á iarraidh ag ionadaithe ón Aontas Eorpach go mbeadh cothrom na Féinne idir na hardáin mhóra ar líne,” arsa Emilie Prouzet, rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir leis an dlí. “Leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, tá próiseas á thabhairt isteach ag an gCoimisiún Eorpach a ceapadh go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar na cuideachtaí sin atá an-mhór ar fad. Agus tacaímid, mar réiteach maith don Eoraip, leis an gcuid is mó dá bhfuil á mholadh acu. Ní thugtar aghaidh ach ar rud amháin sa Ghníomh sin, na maoir gheata – ach is rud an-mhór é sin cheana féin!”

Cé go dtacaíonn CESE leis an nGníomh um Margaí Digiteacha leis féin, tá sé teann air go bhfuil gá ann an t-éiceachóras dlíthiúil a chomhlánú le rialacháin ina dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna ríthábhachtacha eile a bhaineann leis an ngeilleagar digiteach.

Tá sé geallta ag an gCoiste súil an-ghéar a choinneáil ar an reachtaíocht atá beartaithe chun smacht a choinneáil ar chánachas na mórchuideachtaí teicneolaíochta, ar dhálaí oibre d’oibrithe ardáin, ar an gcosaint do thomhaltóirí sna margaí domhanda agus ar shaincheisteanna eile atá ina gcnámh spairne agus nach mór aghaidh a thabhairt orthu chun a chinntiú go mbeidh gach duine, idir thomhaltóirí, oibrithe agus ghnólachtaí chomh maith, in ann an reachtaíocht a chur chun deise dóibh féin.

Anuas air sin, tacaíonn CESE, ar an iomlán, leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha arb é is aidhm di seirbhísí áirithe a rialú, eadhon na seirbhísí lena múnlaítear agus lena n-athraítear an chaoi a ndéanann daoine cumarsáid, nascadh, tomhaltas agus gnó.

Tá CESE den tuairim gur den tábhacht é tacú le hiarrachtaí an Choimisiúin rialacha aonfhoirmeacha a chothabháil ar fud an Aontais, i bhfianaise a iarrachtaí reachtaíocht atá “oiriúnach don ré dhigiteach” a thabhairt isteach, ós rud é go gcuirfeadh sé sin le cumhacht na hEorpa ar an leibhéal domhanda.

“Ní mór dúinn cosc a chur ar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh le hiomadú rialacha agus rialacháin náisiúnta a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den chóras agus cosc a chur ar gach cuideachta Eorpach leas a bhaint as margadh aonair láidir,” arsa Gonçalo Lobo Xavier, rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha.

Áitíonn CESE go bhfuil sé ina dheis don Eoraip freisin rialacha comhchoiteanna a bheith ann chun caighdeáin dhomhanda a bhunú lena gcinnteofar ardleibhéal sábháilteachta agus cosanta maidir le hearraí agus ábhar ar líne, ar an gcaoi chéanna a bhfuil ardleibhéal sábháilteachta agus cosanta ann ó thaobh cosaint sonraí de a bhuí sin leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.

Agus sonraí ag feidhmiú mar an “ola nua” i ngeilleagar an lae inniu, geilleagar atá ag éirí níos digití ó lá go lá, tá sé i gceist ag an gCoimisiún chomh maith bearta a thabhairt isteach chun comhroinnt sonraí sábháilte a spreagadh trí rialacha comhchoiteanna ar fud na hEorpa.

Seasann CESE go diongbháilte leis an nGníomh um Rialachas Sonraí.

“Leis an reachtaíocht sin, tá deis spéisiúil ann conair Eorpach i dtreo na digiteála a chur chun cinn, ós rud é gurb é an tAontas Eorpach amháin, de réir mar atá cúrsaí faoi láthair, a bhfuil machnamh dáiríre agus domhain ar bun aige faoi conas sonraí digiteacha a bhainistiú,” arsa Giuseppe Guerini, rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir leis an togra a bhaineann le rialachas sonraí. “Nílimid ag iarraidh dul i dtreo an iomarca léirscaoilte, agus ba mhaith linn a chinntiú nach n-úsáidfí sonraí chun críche nach n-aontaíonn na saoránaigh leo. Molaimid don Choimisiún leanúint air sa treo ina bhfuil sé ag dul, leis an tacaíocht is gá chun an córas rialachais sonraí sin a chur chun feidhme.” (dm)