European Economic
and Social Committee
Tá an Eoraip breá ábalta a huaillmhianta maidir le hearnáil na tionsclaíochta a bhaint amach
Le Grúpa na bhFostóirí in CESE
Cruinniú de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE leis an gCoimisinéir Breton
Is léir ó phaindéim COVID-19 go mbraitheann fíor-athléimneacht ar Mhargadh Aonair lánfheidhmiúil a chinntiú. Ba í sin príomhtheachtaireacht an Choimisinéara um an Margadh Inmheánach, Thierry Breton, a ghlac páirt sa chruinniú urghnách de Ghrúpa na bhFostóirí (1 Márta) chun plé a dhéanamh ar réimse leathan ábhar ó rolladh amach na vacsaíní go dtí Straitéis Tionsclaíochta athbhreithnithe an Aontais agus téarnamh inbhuanaithe na hEorpa.
Dúirt an tUasal Breton gur tharraing paindéim COVID-19 aird ar roinnt riachtanas atá ag an ngeilleagar, mar shampla go bhfuil ar an Eoraip a neamhspleáchas tionsclaíoch a neartú. Ní mór don Eoraip sineirgí straitéiseacha a chruthú a ligfidh dúinn a bheith níos inbhuanaithe ó thaobh na tionsclaíochta de. Ní mór don Straitéis Tionsclaíochta athbhreithnithe cuidiú le gnólachtaí dul chun cinn a dhéanamh, fiú amháin sa tréimhse dheacair seo. Ina theannta sin, tá maoiniú á chur ar fáil leis an ionstraim NextGenerationEU nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, maoiniú is féidir a úsáid chun Eoraip Thionsclaíoch an lae amárach a thógáil. Tá an dá aistriú ghaolmhara, an athléimneacht agus slabhra luacha fónta ar na réimsí is tábhachtaí ó thaobh atógála de.
I ndeireadh na dála, bhí Grúpa na bhFostóirí in CESE agus an tUasal Breton ar aon fhocal, tríd is tríd, faoi na hábhair a pléadh agus bhí an teanga chéanna in úsáid acu, a bhí dírithe ar ghnó agus ar an ngá atá leis an timpeallacht reachtaíochta oiriúnach a dhaingniú, rud a ligfeadh do chomhlachtaí feidhmiú le cinnteacht, solúbthacht agus slándáil. Creideann Grúpa na bhFostóirí in CESE gurb iad na gnólachtaí agus na fiontair na comhpháirtithe is tábhachtaí sa phróiseas chun ár sochaithe a chur in oiriúint don todhchaí agus gur cheart an deis a thabhairt dóibh ról cuiditheach a imirt.
Is féidir an t-alt iomlán a léamh ag an nasc seo a leanas: http://europa.eu/!PX67QK