Nuacht ó bhuaiteoirí roimhe seo

Ar mhisean chun dramhaíl a laghdú: cosc ar rudaí nua in 22

Tá Cherwell Collective ón Ríocht Aontaithe, ceann de bhuaiteoirí Dhuais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta na bliana seo caite díreach tar éis gradam aeráide mór le rá a bhuachan as a thionscadal nua maidir leis an ngeilleagar ciorclach. Bhuaigh an chuideachta neamhbhrabúis sin, atá lonnaithe in Oxford ár nduais in 2020 as bia a sholáthar dóibh siúd a bhí i ngátar le linn phaindéim COVID-19, trí oiliúint a chur orthu chun a gcuid bia féin a fhás agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as barrachas bia.

Ó shin i leith, tá úsáid bainte ag an gcuideachta as an airgead duaise chun cur lena tacaíocht do dhaoine leochaileacha, agus chun dul chun cinn a dhéanamh lena misean maidir le lorg carbóin a bpobail a laghdú. Tá an chuideachta ina comhpháirtí cinn anois ar an tionscadal nua Waste Innovation Station Headquarters (WISH) in Oxfordshire, na Ríochta Aontaithe.

Is fís é an tionscadal sin do gheilleagar ciorclach ina nach gceannaítear aon rud nua go dtí go mbeidh na roghanna go léir maidir le hearraí a choinneáil i gcúrsaíocht ídithe. Tá tús curtha aici cheana féin le feachtas dar teideal ‘Nothing new in 22’ (Cosc ar rudaí nua in 22), feachtas a iarrann ar dhaoine aonaracha gealltanas a thabhairt gan aon rud nua a cheannach i dtionscal ar leith amháin in 2022. Tugadh tacaíocht mhór don tionscadal cheana féin agus tá aitheantas leathan faighte aige sa Ríocht Aontaithe. An 25 Eanáir, fuair Cherwell Collective airgead ón gciste National Lottery Community’s Climate Action Fund (Ciste an Chrannchuir Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide), ciste a mhaoineoidh tionscadal WISH.

Labhair bunaitheoir Cherwell Collective, an Dr Emily Connally, le CESE faoin gcaoi a ndearna an duais ó CESE difríocht mhór don chuideachta neamhbhrabúis sin.

‘Bhí an duais ó CESE mar chuid den inspioráid don chéad tionscadal eile, agus feidhmíonn sí mar chistiú meaitseála don obair. Tá a fhios agam i mo chroí istigh nach n-éireodh linn murach na deiseanna a chur gradam CESE ar fáil dúinn. Ós rud é gur cuideachta nua agus nuálaíoch muid, thug an duais dlisteanacht agus aitheantas dúinn. Thug sí airgead saor ó shrianta dúinn ionas go bhféadfaimis fiafraí den phobal cad a bhí uaidh. Shábhálamar na cistí sin agus d’úsáideamar iad chun mianta ár n-úsáideoirí a leanúint’, a dúirt an Dr Connally.

Sna suirbhéanna a rinneadh, thug úsáideoirí le fios nach raibh siad ar aon intinn maidir le riachtanas earraí bia faoi leith, ach go raibh comh-mhian acu glacadh le ‘haon earra a gcaithfí i dtraipisí murach sin’.

I gcomhréir lena mianta, chuir Cherwell Collective agus a chomhpháirtithe an tionscadal WISH le chéile, tionscadal a shroicheann níos mó ná 50 000 duine ar an iomlán, atá ceaptha chun an pobal a threorú i dtreo lorg carbóin laghdaithe trí fhor-rochtain agus trí thaispeántais maidir le conas dramhaíl a laghdú.

Tá músaem eolaíochta idirghníomhach ag WISH freisin, áit ina bhfuil gach taispeántán déanta ó dhramhaíl, ina gcuirtear in iúl don phobal lorg carbóin na dramhaíola sin, agus ina gcuirtear ar fáil taispeántais chomh maith le fearais ‘déan féin é’ chun dramhaíl a laghdú, earraí a dheisiú, agus tomhaltas/éileamh ar línte táirgthe nua a laghdú.

‘Iarraimid ar dhaoine tacaíocht a ghealladh do gheilleagar ciorclach. Iarraimid orthu earraí a dheisiú nó a athúsáid, a n-earraí féin a thabhairt do dhaoine eile, agus thar aon rud eile, an fonn atá orthu earraí nua a cheannach a chur faoi chois nuair atá an oiread sin earraí athláimhe ar fáil’, a dúirt an Dr Connally.

Comhghairdeas le Emily agus le Cherwelll Collective! Tá CESE thar a bheith bródúil asaibh, agus is díol sásaimh dó go raibh sé in ann cur le bhur dtionscadal iontach!