European Economic
and Social Committee
CESE den tuairim go bhfuil an chomhpháirtíocht AE-SAM ríthábhachtach don daonlathas, don tsíocháin agus don tslándáil
Agus an tSín agus an Rúis ar an ionsaí, is comhpháirtíocht thrasatlantach athnuaite agus iontaofa an chaoi is fearr lena chinntiú nach ndéanfar dochar don ord idirnáisiúnta agus dlí ná don tsíocháin. Tacaíonn CESE leis an smaoineamh Comhghuaillíocht na nDaonlathas a chruthú, rud a chinnteodh go mbeadh ionchur suntasach ag an tsochaí shibhialta i gcosaint chomhpháirteach luachanna uilíocha agus ceart uilíoch.
I dtuairim féintionscnaimh a glacadh le linn sheisiún iomlánach mhí na Nollag, chuir CESE chun suntais gur cheart don Aontas Eorpach agus do na Stáit Aontaithe, agus iad ag obair i gcomhar le chéile, an smacht reachta agus cearta an duine a chosaint don uile dhuine. Tugadh le fios freisin a thábhachtaí atá an caidreamh trasatlantach d’áit na hEorpa sa domhan.
Seo a bhí le rá ag Christian Moos, rapóirtéir na tuairime: ‘Tá coincheap chearta uilíocha an duine fós ar an rud a aontaíonn codanna móra den Aontas Eorpach agus stáit dhaonlathacha shaora an domhain, go háirithe Stáit Aontaithe Mheiriceá.’
Chuir Peter Clever, an comhrapóirtéir, leis an méid sin: ‘Cuirtear gné uilíoch chearta an duine in iúl tríd an bhféinghealltanas cuimsitheach sin ón uile dhuine maidir le cur chun feidhme [na gceart sin]. Sin an rud a fhágann go bhfuil tábhacht leo mar bhunús leis an idirphlé agus an tuiscint.’
Chun na críche sin, cuireann CESE i bhfios go láidir nach féidir ach le sochaí shibhialta díograis a chruthú agus luachanna a chosaint, agus áitíonn sé ar an Aontas ardán trasatlantach a chur ar bun don tsochaí shibhialta eagraithe a mbeadh pointí teagmhála aige i Meiriceá Thuaidh agus san Eoraip. Lena chois sin, ba cheart idirphlé na sochaí sibhialta trasatlantaí a bhunú ar réimse ábhar, lena n-áirítear cearta an duine, an bhréagaisnéis agus an ghníomhaíocht aeráide.
Tacaíonn CESE go mór leis an smaoineamh Comhghuaillíocht na nDaonlathas a bhunú agus tá sé ag iarraidh ar an Aontas Eorpach seasamh gualainn ar ghualainn le SAM agus le stáit dhaonlathacha eile an domhain chun ‘straitéis an imshrianta chomhoibríoch’ a chur chun cinn maidir leis an tSín: imshrianadh comhoibríoch ina n‑urramaítear agus ina gcosnaítear leasanna dlisteanacha na Síne, ach as a dtagann bearta taidhleoireachta soiléire láidre nuair a sháraítear cearta, rud a tharla i gcás na nUigiúrach agus lucht agóide Hong Cong. (at)