Antoine Fobe a scríobh

Tá na toghcháin Eorpacha ag teannadh linn agus molaimid (Aontas na nDall san Eoraip) don lucht leanúna atá againn a vóta a chaitheamh, is cuma cé chomh deacair is atá sé sin i gcónaí, ach déanamh amhlaidh agus iad ag cuimhneamh ar an aird a thugann na hiarrthóirí agus na páirtithe ar an gcuimsiú i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiúnta Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Ní mór do na saoránaigh a bhfuil lagú radhairc orthu an méid atá uathu a chur in iúl.

Antoine Fobe a scríobh

Tá na toghcháin Eorpacha ag teannadh linn agus molaimid (Aontas na nDall san Eoraip) don lucht leanúna atá againn a vóta a chaitheamh, is cuma cé chomh deacair is atá sé sin i gcónaí, ach déanamh amhlaidh agus iad ag cuimhneamh ar an aird a thugann na hiarrthóirí agus na páirtithe ar an gcuimsiú i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiúnta Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Ní mór do na saoránaigh a bhfuil lagú radhairc orthu an méid atá uathu a chur in iúl.

Glór na ndall agus na ndaoine a bhfuil lagú radhairc orthu san Eoraip is ea Aontas na nDall san Eoraip (ADE). Bímid ag obair ar mhaithe le sochaí inrochtana chuimsitheach a bhaint amach, a mbeadh comhionannas deiseanna ann do na daoine a bhfuil lagú radhairc orthu rannpháirt iomlán a ghlacadh i ngach gné den saol. Is gné ríthábhachtach den scéal, gan amhras, an rannpháirtíocht pholaitiúil, mar cuireann sí ar chumas na saoránach a bhfuil lagú radhairc orthu beartais agus reachtaíocht a thacaíonn leis na daoine atá faoi mhíchumas a chur chun cinn trí bhíthin na vótála agus an ghníomhaithe pholaitiúil.

Anois agus toghcháin 2024 Pharlaimint na hEorpa ar na bacáin, is tábhachtach agus is mithid plé a dhéanamh ar rannpháirtíocht na ndaoine atá faoi mhíchumas, i gcáil vótálaithe agus iarrthóirí araon.

De réir thuarascáil 2019 ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), baineadh an ceart vótála de thuairim is 400,000 duine atá faoi mhíchumas sna toghcháin Eorpacha deiridh. Is lú ná 5 % an líon d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa a bhfuil míchumas orthu.

Le haghaidh na dtoghchán atá ar tí tarlú san Eoraip, iarrann ADE, arís eile, sa Ráiteas uaidh maidir leis na toghcháin Eorpacha, caighdeán a leagan síos maidir le hinrochtaineacht na vótála (nósanna imeachta vótála), agus inrochtaineacht na faisnéise toghcháin (áiseanna agus ábhair na bhfeachtas toghchánaíochta, cláir na bpáirtithe polaitíochta), mar aon le comhionannas i dtaca leis an gceart seasamh i dtoghchán.

Dírímid ar thoghcháin Pharlaimint na hEorpa mar níl inniúlacht ag an Aontas Eorpach ach amháin maidir leis na toghcháin Eorpacha, rud a bhaineann le saoránacht an Aontais. Sna réimsí a bhfuil inniúlachtaí ag an Aontais iontu, ba chóir dó comhionannas a áirithiú ó thaobh na gceart de do na daoine atá faoi mhíchumas. Mar sin féin, ós rud é gur faoi inniúlacht na mBallstát atá sé i gcónaí na toghcháin a reáchtáil, bheadh tionchar ag an dea-chleachtas ar leibhéal an Aontais ar na toghcháin eile go léir.

Ar an drochuair, tá sé rómhall anois eiseamláir a dhéanamh de thoghcháin Eorpacha na bliana seo. Ní easpa spéise ó thaobh na Parlaiminte de is cúis leis seo, a mhalairt ar fad: mhol an Pharlaimint athchóiriú ar dhlí toghcháin an Aontais i mí na Bealtaine 2022, agus béim leagtha aici ar chearta na ndaoine atá faoi mhíchumas vóta a chaitheamh ar a gconlán féin agus faoi rún, mar aon le hinrochtaineacht na vótála poist agus na bhfeachtas polaitiúil. Níor thug Comhairle an Aontais Eorpaigh freagra ar an togra sin fós, faraor. 

Don chéad tréimhse cúig bliana eile a bheidh ag reachtóirí an Aontais, iarrann ADE ar Fheisirí nuathofa na Parlaiminte leanúint den bhrú ar an gComhairle an t-athchóiriú atá beartaithe a ghlacadh agus dul chun cinn nithiúil a dhéanamh in am do thoghcháin 2029. Is féidir linn brath ar thacaíocht CESE, dream a d’iarr cheana féin in 2020 tionscnamh reachtach foirmiúil ar Pharlaimint na hEorpa d’fhonn fíorchearta vótála a áirithiú sna toghcháin Eorpacha do na daoine atá faoi mhíchumas. Is féidir linn brath freisin ar thacaíocht an Choimisiúin Eorpaigh a d’fhoilsigh an Nollaig seo caite ‘Treoraíocht maidir le dea-chleachtais thoghchánacha’ agus atá i mbun oibre faoi láthair ar choimre ar chleachtais ríomhvótála agus úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide sna toghcháin, dhá ábhar a thugann aghaidh ar ghnéithe den inrochtaineacht.

 

le Alena Mastantuono

Gach bliain, baineann níos mó ná 10 milliún othar san Eoraip tairbhe as leigheas núicléach nuair a dhéantar galair cosúil le hailse agus galair chardashoithíocha agus néarashoithíocha freisin a dhiagnóisiú agus a chóireáil.

le Alena Mastantuono

Gach bliain, baineann níos mó ná 10 milliún othar san Eoraip tairbhe as leigheas núicléach nuair a dhéantar galair cosúil le hailse agus galair chardashoithíocha agus néarashoithíocha freisin a dhiagnóisiú agus a chóireáil.

Tá na teicneolaíochtaí raideolaíocha agus núicléacha ina n-úsáidtear raidiseatóip ríthábhachtach sa chomhrac i gcoinne na hailse ag gach céim den chúram, mar atá an luathbhrath, an diagnóis, an chóireáil agus an cúram maolaitheach.

Tá méadú ag teacht ar líon na n-othar a bhaineann tairbhe as an leigheas núicléach a bhuí sin leis na forbairtí ceannródaíocha eolaíocha thar rud ar bith eile. Tá roinnt de na teiripí nuálacha radailiogainne ailse is déanaí dá bhfuil ann forbartha ag taighdeoirí agus gnólachtaí Eorpacha, amhail táirgí cógaisíochta a dhíríonn ar shiadaí na hailse inchríní agus na hailse próstataí agus meiteastáis ionscaipthe. Mar shampla, is raidiseatóp a bhfuil an-ghealladh faoi é Lutetium-177 chun cóireáil a dhéanamh ar an ailse próstatach, galar arb é is cúis le 90 000 bás san Eoraip gach bliain. I gcomparáid le cóireálacha traidisiúnta, díríonn teiripe radanúiclídí nua-aimseartha ar bhealach éifeachtach ar chealla ailse agus is minic nach mbíonn sé chomh díobhálach céanna don chorp. Tá beatha na mílte othar ag brath ar theiripe radanúiclídí spriocdhírithe, agus is minic gurb í sin an t-aon chóir leighis atá ar fáil dóibh.

Mar sin féin, tá slabhra soláthair na míochaine núicléiche thar a bheith casta sula sroicheann sé an t-othar. Áirítear leis-sean soláthar amhábhar maille lena stóráil, a n-ionradaíocht, a bpróiseáil, a lóistíocht agus a gcur i bhfeidhm. Chomh luath agus a tháirgtear na raidiseatóip, ní foláir iad a phróiseáil, a sheoladh chun siúil agus a úsáid laistigh de thréimhse réasúnta gearr, cuid acu ar an lá céanna, cuid eile laistigh de bheagán laethanta, ag brath ar an leathré atá acu. Is earraí iad atá thar a bheith meatach agus a lobhann go tapa.

Spéisiúil go leor, ní léirítear na saintréithe sin i nósanna imeachta iompair ná custaim trasteorann. Maidir le hiompar trasteorann, cuir i gcás, tá roinnt bacainní ann as a n-eascraíonn cásanna ina bhféadfaí tosaíocht a thabhairt do shéaclaí thar raidiseatóip a d’fhéadfadh saol othair a shábháil.

Sin an fáth a bhfuil CESE ag iarraidh, sa tuairim uaidh maidir le soláthar raidiseatóp míochaine, go mbeadh comhar níos fearr ann i measc na mBallstát chun deireadh a chur leis na bacainní rialála. Féachtar sa tuairim ar gach uile chéim de shlabhra soláthair na raidiseatóp san Eoraip agus sainaithnítear inti na constaicí i seachadtaí trasteorann chomh maith le spleáchais ar thríú tíortha. Tugtar chun cinn sa tuairim freisin réitigh ar bhonneagar atá in easnamh san Eoraip agus ar an ngá atá le T&F comhordaithe.

Sna moltaí a cuireadh chun cinn sa tuairim uaidh, tá CESE ag teacht leis na conclúidí ar thángthas orthu ag cruinniú mullaigh chinn stáit an Aontais i mí Aibreáin, inar leagadh béim ar an ngá atá le spleáchais straitéiseacha na hEorpa a laghdú in earnálacha íogaire amhail an tsláinte agus teicneolaíochtaí criticiúla. Leag siadsan béim freisin, i gcomhréir le tuarascáil Enrico Letta, ar an ngá atá le díriú ar sholáthar trasteorann seirbhísí, chomh maith le gluaiseacht trasteorann earraí, lena n-áirítear earraí bunriachtanacha amhail cógais leighis.

Ní mór don Eoraip dreasachtaí táirgeachta a chur ar fáil chun neamhspleáchas straitéiseach níos fearr a áirithiú i dtaca le soláthar raidiseatóp. Cé go bhfuil sí ar thús cadhnaíochta ar an leibhéal domhanda maidir le raidiseatóip míochaine a sholáthar, braitheann an Eoraip go hiomlán ar na Stáit Aontaithe agus ar an Rúis chun úráiniam ardmheasúnachta íseal-saibhrithe miotalach a sholáthar agus chun roinnt iseatóp saibhrithe a sholáthar le haghaidh spriocanna táirgeachta raidiseatóp.

Is rímhór é, fós, spleáchas an Aontais ar an Rúis agus é ag iarraidh spriocanna cobhsaí iseatóp a sholáthar dó féin, spriocanna lenar féidir raidiseatóip áirithe a tháirgeadh a úsáidtear i radaiteiripí móilíneacha nua-aimseartha nó atá á bhforbairt, cuir i gcás Itéirbiam-176 a úsáidtear chun Lúitéitiam-177 a tháirgeadh.

Is fíordhúshlán é sin do shlabhra soláthair an raidiseatóip áirithe sin, a bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh méadú faoi thrí ar an éileamh domhanda ina leith sna blianta amach romhainn.

Braitheann an slabhra soláthair, freisin, ar na córais táirgthe ina n-úsáidtear imoibreoirí nó luasairí, chomh maith lena bpróiseáil agus a seachadadh chuig an ospidéal. Chun rochtain chomhionann ar chúram a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit, agus go háirithe na hionaid taighde agus na hospidéil, oibriú níos dlúithe ná riamh le chéile. Fós féin, ní hionann rochtain ar radaiteiripí ó Bhallstát go chéile, go háirithe ag na céimeanna forbartha agus píolótacha. Is é an aidhm atá ann rochtain níos tapúla a fháil ar chógais ag céim an taighde nó i gcás úsáid atruach, chomh maith le tuilleadh rochtana a áirithiú do na hospidéil bheaga a bhféadfadh saineolas agus bonneagar a bheith de dhíth orthu. D’fhéadfadh an rochtain seo a bheith ríthábhachtach do roinnt othar.

Tá an cistiú Eorpach le haghaidh taighde, forbairt agus nuálaíocht sa leigheas núicléach, go háirithe sna cláir Fís Eorpach agus Euratom, ríthábhachtach má táthar chun freastal ar riachtanais na n-othar. Ba cheart tionscadail straitéiseacha leasa choitinn a bheith ag an Eoraip sa réimse seo faoin gcéad leagan eile den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) a bheidh ag an Aontas amach anseo. Is tionscadail luachmhara iad straitéis SAMIRA an Choimisiúin Eorpaigh agus an Tionscnamh Eorpach um Ghleann Raidiseatóp (ERVI) i ndáil le Plean Sáraithe Ailse na hEorpa. Ba cheart don Choimisiún Eorpach tuilleadh a dhéanamh agus an leigheas núicléach a áireamh ar bhealach níos suntasaí i bPlean Sáraithe Ailse na hEorpa agus i Misean Ailse de chuid Fís Eorpach.

Ba cheart do na Ballstáit, freisin, beartais sláinte poiblí a mhaoiniú agus béim a leagan ar theicneolaíochtaí leighis raideolaíocha agus núicléacha. Ba dhea-chomhartha é sin don tionscal agus bheifí in ann forbairt agus fás an taighde, na nuálaíochta agus an bhonneagair thionsclaíoch a chur ar aghaidh san Eoraip. D’fhéadfadh sé níos mó daoine a mhealladh chuig an earnáil freisin.

Mar fhocal scoir, ní bheimid in ann soláthar raidiseatóp níos daingne a áirithiú san Eoraip ná freastal ar éileamh méadaitheach na n-othar ach amháin má dhéanaimid cinntí misniúla polaitiúla. 

Cé go bhfuil an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta ar domhan i soláthar na raidiseatóp míochaine, bíonn sé ag brath go mór ar thríú tíortha le haghaidh ábhair bhunaidh thábhachtacha agus oibríochtaí próiseála ar leith. Is féidir go mbeadh sé sin ina chúis le briseadh sna slabhraí soláthair agus nach mbeadh cuid mhaith de mhuintir na hEorpa in ann an diagnóis ná an chóir leighis a fháil a theastódh lena mbeatha a shábháil. D’fhonn an scéal seo a chur ina cheart agus freastal ar an éileamh atá ag dul i méid ó thaobh na n-othar de, tá gá le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach sa taighde agus san fhorbairt agus i mbonneagar táirgthe nua, mar aon le rialú stuama agus cinntí cróga polaitíochta, dar leis an rapóirtéir don tuairim ó CESE maidir le soláthar na raidiseatóp míochaine, Alena Mastantuono. 

Cé go bhfuil an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta ar domhan i soláthar na raidiseatóp míochaine, bíonn sé ag brath go mór ar thríú tíortha le haghaidh ábhair bhunaidh thábhachtacha agus oibríochtaí próiseála ar leith. Is féidir go mbeadh sé sin ina chúis le briseadh sna slabhraí soláthair agus nach mbeadh cuid mhaith de mhuintir na hEorpa in ann an diagnóis ná an chóir leighis a fháil a theastódh lena mbeatha a shábháil. D’fhonn an scéal seo a chur ina cheart agus freastal ar an éileamh atá ag dul i méid ó thaobh na n-othar de, tá gá le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach sa taighde agus san fhorbairt agus i mbonneagar táirgthe nua, mar aon le rialú stuama agus cinntí cróga polaitíochta, dar leis an rapóirtéir don tuairim ó CESE maidir le soláthar na raidiseatóp míochaine, Alena Mastantuono. 

le Biljana Spasovska,

Líonra na mBalcán Thiar um Fhorbairt na Sochaí Sibhialta (BC SDN)

Is í uair na cinniúna í don Mhacadóin Thuaidh: tá sí ag iarraidh dul isteach san Aontas Eorpach ach is iomaí dris chosáin roimpi sa tslí agus is iomaí uair a bhí moill agus tarraingt na gcos ann de dheasca na ndíospóidí gan réiteach idir an dá thaobh agus de dheasca an mheatha atá tagtha ar thacaíocht an phobail. In ainneoin na gconstaicí seo, tá gealltanas an rathúnais eacnamaíoch agus gealltanas na cobhsaíochta go réigiúnach fós ag cothú dhréim na tíre chun ballraíochta san Aontas.

le Biljana Spasovska,

Líonra na mBalcán Thiar um Fhorbairt na Sochaí Sibhialta (BC SDN)

Is í uair na cinniúna í don Mhacadóin Thuaidh: tá sí ag iarraidh dul isteach san Aontas Eorpach ach is iomaí dris chosáin roimpi sa tslí agus is iomaí uair a bhí moill agus tarraingt na gcos ann de dheasca na díospóidí gan réiteach idir an dá thaobh agus de dheasca an mheatha atá tagtha ar thacaíocht an phobail. In ainneoin na gconstaicí seo, tá gealltanas an rathúnais eacnamaíoch agus gealltanas na cobhsaíochta go réigiúnach fós ag cothú dhréim na tíre chun ballraíochta san Aontas.

Léiríonn na suirbhéanna gur údar imní dúinn atá i dtuairimí an phobail, agus léiríonn siad go bhfuil an tacaíocht do bhallraíocht san Aontas ag fuarú le blianta beaga anuas. Is maith an teist an fuarú sin ar an bhfrustrachas mór atá an easpa dul chun cinn a chur ar mhuintir na tíre, agus teist dá réir ar an easpa tiomantais atá le leagan ar Bhallstáit an Aontais dar leis na daoine.

Ní bréag a rá míle constaic a bheith ar chosán na tíre chun aontachais, constaicí a théann thar theorainneacha na Macadóine Thuaidh amach. Dhá ní is dúshlán mór do phróiseas na lánpháirtíochta feasta: géarchéim an daonlathais agus an éagobhsaíocht pholaitiúil sa réigiún agus i measc Bhallstáit an Aontais, mar aon le náisiúnachas na heite deise a bheith ag teacht i dtreis. Mar sin féin, ainneoin na ndúshlán sin, ní gan dóchas atáthar agus is cinnte go bhfuil deis chun athnuachana ann, arae measann daoine go leor gur bealach é méadú an Aontais chun rathúnas agus caighdeán maireachtála níos fearr a chinntiú san am atá romhainn. Is maith an tuar freisin an tír a bheith ar aon reachtaíocht leis an Aontas i gcásanna áirithe cheana féin.

De réir a chéile feasta, ní mór don Mhacadóin Thuaidh tús áite a thabhairt don dul chun cinn áit a bhfuil leasuithe agus caibidlíocht i gceist sna réimsí seo a leanas: an smacht reachta, an ceartas, an daonlathas agus feabhsú an riaracháin phoibl. Próiseas an aontachais a bheith ag brú chun cinn go soiléir sna réimsí thuasluaite, sin rud eile a chuirfeadh biseach ar an tacaíocht phoiblí atá ann don Aontas. Nuair atá an tír ag iarraidh ceart a bhaint den seacht gcor déag i gcosán an aontachais, is rud ríthábhachtach a bheidh sa tiomantas do na nithe seo a leanas: luachanna an daonlathais, an comhar réigiúnach, cinniúint na hEorpa i bpáirt le chéile.

Chaithfeadh an tír a leiriú go bhfuil aibíocht inti ó thaobh na polaitíochta de agus chaithfeadh sí na hathchóirithe riachtanacha a thabhairt i gcrích, ach ní mór don Aontas a léiriú do mhuintir na Macadóine Thuaidh gur próiseas cothrom atá i bpróiseas an aontachais, próiseas atá bunaithe ar an bhfiúntas, próiseas nach bhfuil ar stad ná ar scor. Faoi mar a tharla dúinn i gcás na hÚcráine, is mithid a léiriú go bhfuil sé de thoil pholaitiúil againn an t-aontachas a chur chun cinn; Ní mór luaíocht a bheith sa dul chun cinn, agus ní mór bearta a dhéanamh chun acmhainneacht leordhóthanach a ráthú ar an dá thaobh chun an próiseas a bhrú chun cinn.

Focal scoir: gura soiléir ar mhaithe le cách agus ar mhaithe leis an réigiún ar fad nach bhfuil rogha eile ann ab fhearr ná an Macadóin Thuaidh a theacht isteach san Aontas. Is tír bheag í an Mhacadóin Thuaidh, ach is saibhir an oidhreacht chultúrtha atá aici, agus a bhuíochas leis an suíomh straitéiseach atá aici, sin lena cuid tiomantais do luachanna an daonlathais, don chobhsaíocht, agus do dheiseanna réigiúnacha don fhás eacnamaíoch, is cinnte gur maith a neartófaí éagsúlacht agus comhtháthú an Aontais ach í a bheith ina Ballstát.

Fáilte chuig Dearcadh na Cosmhuintire, prodchraoladh de chuid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). San eagrán seo, pléifimid na castachtaí a bhaineann leis an rialachas eacnamaíoch agus na dúshláin atá roimh thírdhreach eacnamaíoch na hEorpa. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin leibhéal comhthola maidir le rialachas eacnamaíoch i measc thíortha an Aontais agus na roghanna deacra a bheidh le déanamh ag an Eoraip chun a geilleagar a oiriúnú d’éilimh an 21ú haois.

Fáilte chuig Dearcadh na Cosmhuintire, prodchraoladh de chuid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). San eagrán seo, pléifimid na castachtaí a bhaineann leis an rialachas eacnamaíoch agus na dúshláin atá roimh thírdhreach eacnamaíoch na hEorpa. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin leibhéal comhthola maidir le rialachas eacnamaíoch i measc thíortha an Aontais agus na roghanna deacra a bheidh le déanamh ag an Eoraip chun a geilleagar a oiriúnú d’éilimh an 21ú haois.

Inár gcuideachta tá Luca Jahier, iar-Uachtarán CESE agus Cathaoirleach reatha ar an nGrúpa um an Seimeastar Eorpach in CESE, Margarida Marques, Feisire de Pharlaimint na hEorpa ón nGrúpa d’Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe, Maria Demertzis, comhalta sinsearach ag an meitheal mhachnaimh Bruegel, agus Maria Tadeo, comhfhreagraí atá lonnaithe sa Bhruiséil. (tk)

D’oscail an Coiste a dhoirse don phobal ar a Lá Oscailte traidisiúnta a bhí ar siúl Dé Sathairn an 4 Bealtaine 2024. Cuireadh daoine ar an eolas faoi ról an Choiste i measc na n-institiúidí Eorpacha agus spreagadh a bhfiosracht sna toghcháin Eorpacha atá ar na bacáin.

D’oscail an Coiste a dhoirse don phobal ar a Lá Oscailte traidisiúnta a bhí ar siúl Dé Sathairn an 4 Bealtaine 2024. Cuireadh daoine ar an eolas faoi ról an Choiste i measc na n-institiúidí Eorpacha agus spreagadh a bhfiosracht sna toghcháin Eorpacha atá ar na bacáin.

I rith an lae, d’eagraigh CESE roinnt gníomhaíochtaí ina cheannáras, foirgneamh Jacques Delors sa Bhruiséil. Bhí na rannpháirtithe in ann cuairt a thabhairt ar an bhfoirgneamh chun fáil amach faoin méid a d’fhéadfadh CESE a dhéanamh do dhaoine, chun foghlaim faoi ról an Choiste i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais, agus chun a leasanna agus a n-ábhair imní a roinnt le comhaltaí CESE.

Bhí deis ag na cuairteoirí freisin a fháil amach cad a dhéanann comhaltaí CESE ina dtíortha dúchais agus ghlac siad páirt i ngníomhaíochtaí beo, amhail cluichí idirghníomhacha, tráth na gceist faoin Aontas, agus péinteáil aghaidheanna do leanaí.

Ar maidin, chuir an Coiste fáilte roimh ghrúpa de chomhaltaí agus baill foirne ó CESE a rinne rothaíocht thar na céadta ciliméadar ar fud na Fraince agus na Beilge chun feasacht a mhúscailt faoin tábhacht a bhaineann leis na toghcháin Eorpacha.

Faoi cheannas Bruno Choix, comhalta de chuid CESE ó Ghrúpa na bhFostóirí, thaistil an grúpa ó Caen (sa Fhrainc) go dtí an Bhruiséil ar feadh ceithre lá, agus chuir siad achar de thart ar 500 km san iomlán díobh. Tháinig comhaltaí agus baill foirne eile de chuid CESE le chéile leo don stáir dheireanach ó Waterloo go ceannáras CESE sa Bhruiséil. (mp)

Mar chuid den tionscadal atá ag CESE maidir leis an mbréagaisnéis, tionscadal atá á chur chun feidhme le cabhair ón tsochaí shibhialta, d’eagraigh an Rannóg um Chaidreamh Seachtrach (REX) an dara feachtas móide comhdháil maidir le comhrac na bréagaisnéise. 

Mar chuid den tionscadal atá ag CESE maidir leis an mbréagaisnéis, tionscadal atá á chur chun feidhme le cabhair ón tsochaí shibhialta, d’eagraigh an Rannóg um Chaidreamh Seachtrach (REX) an dara feachtas móide comhdháil maidir le comhrac na bréagaisnéise.

Bhí rath ar an bhfeachtas a d’eagraigh CESE sa Bhulgáir níos túisce i mbliana, agus cuireadh tús leis an dara feachtas, an feachtas sa Mholdóiv, an 18 Aibreán. Le deireanas a chuir an Mholdóiv le hinniúlachtaí na tíre i réimse na cumarsáide straitéisí agus an idirphlé straitéisigh. Cuireadh dhá chomhlacht ar leith ar bun sa tír, mar atá, an Lárionad um an gCumarsáid Straitéiseach agus um Chomhrac na Bréagaisnéise agus an Lárionad um Thionscnaimh Shibhialta do Mhionlaigh Náisiúnta.

Is i gCísineá a tionóladh an chomhdháil i gcomhar le hOllscoil Stáit na Moldóive.

Ag labhairt dó ag an gcomhdháil, leag Uachtarán CESE, Oliver Röpke, béim ar a thábhachtaí atá sé an t-idirphlé a chur chun cinn agus ról a thabhairt do na saoránaigh uile, ó chúlraí agus ó phobail éagsúla, chun an trasnaíocht eachtrach agus an bhréagaisnéis a chomhrac.

Is go cothrománach go minic a scaiptear an bhréagaisnéis i measc an phobail, rud a chiallaíonn nach cur chuige ón mbarr anuas an réiteach is fearr chun dul i ngleic leis an bhfadhb ach machnamh agus rannpháirtíocht dhíreach na saoránach a spreagadh. Is féidir leis an tsochaí shibhialta eagraithe ról ríthábhachtach a bheith aici sa phróiseas sin, ós rud é go bhfuil an bhréagaisnéis ag baint an bhoinn de chreatlach ár sochaithe.

Thug Ana Revenco, Stiúrthóir an Lárionaid um an gCumarsáid Straitéiseach agus um Chomhrac na Bréagaisnéise, a bhí ar dhuine de na príomhchainteoirí ag an gcomhdháil, le fios nach bhféadfadh na saoránaigh an bhréagaisnéis a chomhrac as a stuaim féin agus go bhféadfadh an Lárionad feabhas a chur ar a scileanna le go bhféadfaí an bhréagaisnéis thocsaineach a chomhrac go fadtéarmach.

‘Ní sprioc réalaíoch é deireadh a chur leis an mbréagaisnéis. Díreofar ár gcomhiarrachtaí ar an mbréagnuacht a bhréagnú agus a chosc agus ar an tionchar díobhálach a bhíonn acu ar ár sochaithe a mhaolú,’ a dúirt sí.

Dúirt Mihai Peicov, ceann an Lárionaid um Thionscnaimh Shibhialta do Mhionlaigh Náisiúnta, go raibh cruthú an lárionaid sin ina chéim thábhachtach a ghlac an rialtas chun gach duine a lánpháirtiú sa tsochaí. Dúirt sé freisin go raibh gá le beartais nua oideachais do mhionlaigh.

Leagadh béim sa chomhdháil ar ról an oideachais agus ar an bhfócas ar dhaoine óga, ós rud é gurbh iad na grúpaí ab óige – mic léinn agus iriseoirí a d’fhreastail ar an gcomhdháil – a nocht a lán de na tuairimí.

Tá an tuarascáil físe maidir leis an gcomhdháil le feiceáil anseo.

#EUvsDisinfo (at)

Tar éis a bheith ag fanacht 20 bliain mar thír is iarrthóir ar an Aontas, tá meath tagtha sa Mhacadóin Thuaidh ar thacaíocht an phobail do bhallraíocht san Aontas. Mar sin féin, in ainneoin an easpa dul chun cinn, moill agus tarraingt na gcos (tar éis feitheamh 15 bliana fiú sular cuireadh tús leis na cainteanna aontachais, arb é an bhearna is faide dá leithéid i stair an Aontais, deonaíodh stádas iarrthóra ar an Macadóin Thuaidh i mí na Nollag 2005), tá gealltanas faoi rathúnais eacnamaíoch agus gealltanas faoin gcobhsaíocht réigiúnach fós ag cothú dhréim na tíre chun ballraíocht a ghlacadh sa bhloc. Ach ní mór don Aontas a thaispeáint freisin go bhfuil sé toilteanach an próiseas aontachais a chur chun cinn agus luach saothair a thabhairt don dul chun cinn, a scríobhann ár n-aoi speisialta, Biljana Spasovska, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Líonra na mBalcán Thiar um Fhorbairt na Sochaí Sibhialta agus ‘comhalta as na tíortha is iarrthóirí’ don Mhacadóin Thuaidh i CESE.

Tar éis a bheith ag fanacht 20 bliain mar thír is iarrthóir ar an Aontas, tá meath tagtha sa Mhacadóin Thuaidh ar thacaíocht an phobail do bhallraíocht san Aontas. Mar sin féin, in ainneoin an easpa dul chun cinn, moill agus tarraingt na gcos (tar éis feitheamh 15 bliana fiú sular cuireadh tús leis na cainteanna aontachais, arb é an bhearna is faide dá leithéid i stair an Aontais, deonaíodh stádas iarrthóra ar an Macadóin Thuaidh i mí na Nollag 2005), tá gealltanas faoi rathúnas eacnamaíoch agus gealltanas faoin gcobhsaíocht réigiúnach fós ag cothú dhréim na tíre chun ballraíocht a ghlacadh sa bhloc. Ach ní mór don Aontas a thaispeáint freisin go bhfuil sé toilteanach an próiseas aontachais a chur chun cinn agus luach saothair a thabhairt don dul chun cinn, a scríobhann ár n-aoi speisialta, Biljana Spasovska, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Líonra na mBalcán Thiar um Fhorbairt na Sochaí Sibhialta agus ‘comhalta as na tíortha is iarrthóirí’ don Mhacadóin Thuaidh i CESE.

Is í Biljana Spasovska Stiúrthóir Feidhmiúcháin Líonra na mBalcán Thiar um Fhorbairt na Sochaí Sibhialta (BCSDN), líonra réigiúnach de eagraíochtaí na sochai sibhialta (ESSanna) a oibríonn le chéile chun an tsochaí shibhialta sna Balcáin a chumhachtú agus chun an fhorbairt sa réigiún a neartú. Tá sí ina comhchathaoirleach reatha freisin ar Chomhpháirtíocht ESS um Éifeachtacht Forbartha, ina comhalta den Chaighdeán Domhanda do chomhpháirtíocht Cuntasachta ESS, agus ina ‘comhalta as na tíortha is iarrthóirí’ de CESE.

Tá breis agus deich mbliana taithí ag Biljana ar iarrachtaí beartais agus abhcóideachta a threorú arb é is aidhm dóibh ról na sochaí sibhialta sna Balcáin a neartú agus a guth i bpróisis bheartais náisiúnta agus san Aontas a neartú. Bhí sí i gceannas ar roinnt tionscadal comhoibríoch réigiúnach, AE agus domhanda agus rannchuidigh sí leo freisin, agus na tionscadail sin dírithe ar thimpeallacht sochaí sibhialta níos cumasaithe, ar bheartas an Aontais Eorpaigh um méadú níos inchreidte, ar fhreagracht ar eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta agus ar chomhar um fhorbairt níos éifeachtaí a chothú.

Bhain sí céim MA amach i Staidéir Idirdhisciplíneacha ó Ollscoil Bologna agus tá dochtúireacht á dhéanamh aici sa Domhandú agus sa Daonlathas.

I mbliana, chuaigh Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh (ECESP), tionscnamh arna fhorbairt agus arna óstáil go comhpháirteach ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), i gcomhar le hUachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus leis an bhFóram Domhanda um an nGeilleagar Ciorclach (WCEF) atá bunaithe san Fhionlainn, chun a chomhdháil shuaitheanta a eagrú, comhdháil a reáchtáladh an 15 agus an 16 Aibreán.

I mbliana, chuaigh Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh (ECESP), tionscnamh arna fhorbairt agus arna óstáil go comhpháirteach ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), i gcomhar le hUachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus leis an bhFóram Domhanda um an nGeilleagar Ciorclach (WCEF) atá bunaithe san Fhionlainn, chun a chomhdháil shuaitheanta a eagrú, comhdháil a reáchtáladh an 15 agus an 16 Aibreán.

Tionóladh an chomhdháil san ionad comhdhála ‘Square’ sa Bhruiséil agus ghlac níos mó ná 1 000 rannpháirtí agus 150 cainteoir páirt inti. Cuireadh réitigh i láthair a raibh tionchar mór acu agus a bunaíodh ar na torthaí eolaíocha is déanaí. Labhair toscairí CESE faoin rath atá ar ECESP.

Mhol Cillian Lohan, comhalta de CESE agus comhbhunaitheoir ECESP, an t-ardán agus dúirt sé gurb éard atá ann ‘líonra na líonraí’ a thugann an ceapadh beartas agus an tsochaí shibhialta le chéile chun dul chun cinn ciorclach a bhaint amach. Leag Anders Ladefoged, ball de Ghrúpa Stiúrtha ECESP, béim ar ról an ardáin maidir le dul chun cinn agus bearnaí na hEorpa a phlé a mhéid a bhaineann leis an gciorclaíocht, agus chuir sé in iúl gur ardán atá bunaithe ar an gcomhoibriú agus ar an bhfoghlaim atá ann. Leag Maria Nikolopoulou, comhalta de chuid CESE, béim ar idirghníomhaíocht mhéadaitheach an ardáin, rud a éascaíonn an t-idirphlé trí thionscnaimh amhail #EUCircularTalks.

Le linn sheisiún iomlánach deiridh na comhdhála, d’fhógair an Coimisinéir um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta, Jutta Urpilainen, dhá thionscnamh chun tacú leis an aistriú domhanda chuig geilleagar ciorclach: an Lárionad um Acmhainní do Gheilleagar Ciorclach an Aontais, a mhaoineoidh an Coimisiún Eorpach trí EUR 15 mhilliún a chur ar fáil, agus an clár ‘SWITCH to Circular Economy in East and Southern Africa’ a gcuirfidh an Coimisiún EUR 40 milliún ar fáil ina leith thar thréimhse cúig bliana. Gheall an t-ardán go dtabharfadh sé tacaíocht don dá thionscnamh sin.

Faoin ardán seo a thionscain CESE agus an Coimisiún Eorpach in 2017, cuirtear an t-idirphlé chun cinn, scaiptear dea-chleachtais agus cuirtear faisnéis ar fáil maidir leis an ngeilleagar ciorclach chun gníomhaíochtaí a dhéanamh de na físeanna. Tá CESE ag tacú go gníomhach leis an gciorclaíocht. In 2015 chuir sé in iúl go dtacódh sé le Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach. Is éard atá san ardán iarracht chomhpháirteach chun na geallsealbhóirí uile a rannpháirtiú chun fís chiorclach a bhaint amach, arb é is aidhm di dlús a chur leis an aistriú tríd an idirphlé agus tríd an gcomhar.

Le Jarosław Pietras

Déanann an Dr Jarosław Pietras, iar-Leas-Phríomh-Idirbheartaí le haghaidh aontachas na Polainne leis an Aontas, machnamh ar thionchar an mhéadaithe a tharla 20 bliain ó shin agus ar na tairbhí eacnamaíocha, agus ar na tairbhí nach iad, a rinne sé ní hamháin don Pholainn agus do thíortha nach í a tháinig isteach san Aontas Eorpach ach don Aontas ina iomláine freisin. An cinneadh a rinneadh an tAontas Eorpach a mhéadú in 2004, b'fhianaise é ar a thiomanta atá an tAontas don aontacht, don éagsúlacht agus don dlúthpháirtíocht. Sa lá atá inniu ann, tá ceachtanna luachmhara fós le foghlaim uaidh le haghaidh na caibidlíochta réamhaontachais a bheidh ar siúl sna blianta atá amach romhainn. 

Le Jarosław Pietras

Déanann an Dr Jarosław Pietras, iar-Leas-Phríomh-Idirbheartaí le haghaidh aontachas na Polainne leis an Aontas, machnamh ar thionchar an mhéadaithe a tharla 20 bliain ó shin agus ar na tairbhí eacnamaíocha, agus ar na tairbhí nach iad, a rinne sé ní hamháin don Pholainn agus do thíortha nach í a tháinig isteach san Aontas Eorpach ach don Aontas ina iomláine freisin. An cinneadh a rinneadh an tAontas Eorpach a mhéadú in 2004, b'fhianaise é ar a thiomanta atá an tAontas don aontacht, don éagsúlacht agus don dlúthpháirtíocht. Sa lá atá inniu ann, tá ceachtanna luachmhara fós le foghlaim uaidh le haghaidh na caibidlíochta réamhaontachais a bheidh ar siúl sna blianta atá amach romhainn. 

Tar éis 20 bliain, is ríléir gur ‘méadú ollmhór’ ar an Aontas Eorpach a bhí ann nuair a ligeadh isteach don Aontas formhór thíortha Lár na hEorpa, mar aon le Málta agus an Chipir, sin agus cloch mhíle stairiúil don Aontas ina iomláine. Ba chéadach an tionchar a bhí aige, go háirithe ar staid eacnamaíoch na mBallstát nua.

Chuir méadú an Aontais go mór leis an gcaighdeán maireachtála i dtíortha Lár na hEorpa. Tháinig méadú suntasach ar OTI per capita na n-ocht dtír i Lár na hEorpa a ndearnadh Ballstáit díobh – Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin – i dteannta a chéile, agus ba mhéadú é sin nach bhféadfaidís a bhaint amach dá bhfanfaidís lasmuigh den Aontas. Is do mheánleibhéil na dtairbhí nithiúla a eascraíonn as an gcomhtháthú a thagraíonn an staidreamh sa réimse sin i gcónaí. Cé gur fíor nár dáileadh na gnóthachain go cothrom ó Bhallstát go chéile agus gur mó d’fheabhas a tháinig ar chuid acu ná a chéile, is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil feabhsuithe suntasacha le sonrú i ngach tír, mar sin féin. Cuir i gcás, sheas an Liotuáin agus an Pholainn amach ós amhlaidh ba iad ba mhó a bhain tairbhe go dtí seo as a mballraíocht san Aontas; os a choinne sin, is lú an dul chun cinn atá déanta ag an Eastóin agus ag an tSlóivéin i ngeall ar dhúshláin éagsúla, go háirithe tionchar ghéarchéim airgeadais 2008.

Nuair a rinneadh Ballstáit den Pholainn agus dá macasamhlacha i Lár na hEorpa, réitigh sin an bóthar do ré nua rathúnais eacnamaíoch sna tíortha sin. Thar aon tír eile, seasann an Pholainn amach go mór ós amhlaidh a d’éirigh thar barr léi i réimse na forbartha iar-aontachais. Tháinig fás eacnamaíoch faoin tír, fás nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, sin agus dúbailt ar a OTI idir 2004 agus 2022. Ar an gcaoi chéanna, tháinig fás suntasach ar OTI per capita na mBallstát eile sa réigiún, siúd is gur ar rátaí éagsúla ó thír go chéile a tharla sin. Léirigh an tSlóvaic agus an Liotuáin, mar shampla, go raibh dul chun cinn inmholta déanta acu, rud a chiorraigh arís eile ar an mbearna forbartha le hIarthar na hEorpa a bhí eatarthu. Tugann na sonraí staidrimh ón tréimhse sin léargas dúinn ar an athléimneacht agus an dinimiceas, ós rud é gur bhain na tíortha sin leas as a mballraíocht san Aontas chun an fás eacnamaíoch a bhrú chun cinn agus chun feabhas a chur ar a n-iomaíochas domhanda. Cuireann an t-éacht suntasach seo chun suntais a mhéad a rinne a lánpháirtiú san Aontas Eorpach claochlú ar gheilleagair na mBallstát nua go léir. Agus tharla sin in ainneoin dhrochthionchar na géarchéime airgeadais: is amhlaidh a bhain Ballstáit nua an Aontais rátaí fáis ní b’airde amach le linn na géarchéime ná mar a bhíothas ag súil leis.

Bhí a cuid dúshlán féin le sárú le linn na tréimhse tar éis mhéadú an Aontais in 2004. Mar shampla, is mór mar a chuir géarchéim dhomhanda airgeadais 2008 isteach ar gheilleagar na hEorpa agus chuir sí féachaint chrua ar athléimneacht na mBallstát seanbhunaithe agus na mBallstát nua. D’ainneoin éifeachtaí díobhálacha na géarchéime, léirigh Ballstáit nua an Aontais a athléimní a bhí siad, agus sháraigh siad na réamh-mheastacháin fáis a rinneadh ina leith i dtosach báire. Ba léiriú é a gcumas chun an stoirm sin a sheasamh agus chun rátaí fáis dearfacha a choinneáil ar threise a ngeilleagar agus ar na tairbhí a bhaineann le lánpháirtiú an Aontais Eorpaigh. Ar a shon go raibh dúshláin nach beag ag roinnt leis an ngéarchéim, thug sí deis freisin do na tíortha sin tairbhe iomlán a bhaint as an dlúthnasc a bhí acu le geilleagar na hEorpa. Ba thástáil é sin freisin ar a thiomanta a bhí na Ballstáit nua do luachanna agus do dhlúthpháirtíocht na hEorpa in aimsir na hanacra.

Le linn phróiseas na caibidlíochta, tháinig sochaí shibhialta na Polainne chun cinn mar fhórsa cumhachtach ar son an athraithe agus an dul chun cinn. Bhí ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ag gluaiseachtaí na cosmhuintire agus ag grúpaí abhcóideachta maidir le lánpháirtiú an Aontais a chur chun cinn agus maidir le luachanna daonlathacha a chaomhnú sa Pholainn. Bhí a n-iarrachtaí lándícheallacha chun feasacht a mhúscailt, tacaíocht a mhealladh chucu agus ceannairí a thabhairt chun cuntais ríthábhachtach chun tuairimí an phobail a mhúnlú agus athrú dearfach a spreagadh. Trí theagmháil ghníomhach a dhéanamh leis na saoránaigh, trí idirphlé a chothú agus trí thrédhearcacht a chur chun cinn, rinne sochaí shibhialta na Polainne a cion féin lena áirithiú go leanfadh an próiseas caibidlíochta de bheith cuimsitheach, daonlathach agus in ann freastal ar riachtanais na ndaoine. Ní hamháin gur éascaigh a rannchuidiú aontachas na Polainne leis an Aontas ach neartaigh sé bunsraith an daonlathais agus na sochaí sibhialta sa tír freisin.

An cinneadh a rinneadh an tAontas Eorpach a mhéadú in 2004, b'fhianaise é ar thiomanta atá an tAontas don aontacht, don éagsúlacht agus don dlúthpháirtíocht. Trí bheith istigh san Aontas Eorpach a thabhairt d’fhormhór thíortha Lár na hEorpa, mar aon le Málta agus an Chipir, chuir an tAontas lena acmhainneacht eacnamaíoch, lena shaibhreas cultúir agus lena thionchar geopholaitiúil. Le haontachas na dtíortha sin, cuireadh peirspictíochtaí, buanna agus deiseanna nua ar fáil don Aontas, rud a shaibhríonn an éagsúlacht nach beag atá le haithint ann cheana agus a neartaíonn a láithreacht ar an leibhéal domhanda. Ó thaobh na geopholaitíochta de, chuir an méadú le tionchar agus cobhsaíocht an Aontais trí thíortha Lár agus Oirthear na hEorpa a chomhtháthú i gcreat comhair agus comhoibriúcháin an Aontais. Ó thaobh na n-institiúidí de, chuir sé le héagsúlacht dhearcthaí an Aontais agus chuir lena chomhtháthú, rud a leag an bhunchloch síos d’aontas a bheadh ní b’aontaithe agus ní b’athléimní.

Agus súil siar á caitheamh ar an taithí a fuarthas ó mhéadú an Aontais in 2004, tá ceachtanna luachmhara le foghlaim uaidh, go háirithe maidir leis an bpróiseas caibidlíochta agus maidir leis na hullmhúcháin réamhaontachais. Dá gcaithfinn turas den chineál céanna a dhéanamh inniu, chuirfinnse ar son tuilleadh béime a leagan ar choinníollacha réamhaontachais agus ar shásraí tacaíochta i ngach próiseas caibidlíochta feasta, go háirithe i réimsí an rialachais agus an smachta reachta. Is ríthábhachtach a áirithiú go gcomhlíonann na tíortha is iarrthóirí na critéir agus na caighdeáin is gá sula dtéann siad isteach san Aontas i dtreo gur féidir sláine an Aontais a chosaint agus seasamh lena luachanna. Ina theannta sin, is tábhachtach agus is ríthábhachtach tacaíocht agus cúnamh leordhóthanach a chur ar fáil do thíortha is iarrthóirí le linn an phróisis caibidlíochta ionas go n-éireoidh lena lánpháirtiú agus lena gcobhsaíocht fhadtéarmach laistigh den Aontas.

I gcroílár an phróisis caibidlíochta le haghaidh mhéadú an Aontais in 2004, bhí tiomantas comhchoiteann chun cobhsaíocht, daonlathas agus rathúnas a chothú ar fud na hEorpa. An fonn a bhí ann spiorad an chomhair agus na dlúthpháirtíochta i measc náisiúin na hEorpa a neartú, is é a threoraigh an chaibidlíocht, ós rud é gur aithin na tíortha ab iarrthóirí agus Ballstáit an Aontais araon na tairbhí ceachtartha a bhaineann leis an méadú. Cé go raibh an chaibidlíocht féin casta agus dúshlánach, bhí sí bunaithe ar fhís chomhroinnte den Eoraip, Eoraip a bhí aontaithe agus rathúil, áit a bhféadfadh rath a bheith ar na náisiúin uile le chéile faoi chuimsiú an Aontais Eorpaigh.

Fad atá na tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas ag dul i dtreo an aontachais in 2024, tá roinnt saincheisteanna mórthábhachtacha le cur san áireamh. Ar an gcéad rud, tá sé ríthábhachtach tús áite a thabhairt d’athchóirithe atá i gcomhréir le caighdeáin agus luachanna an Aontais i dtreo go n-éireoidh leis an lánpháirtiú agus leis an gcobhsaíocht fhadtéarmach laistigh den Aontas. Áirítear leis sin institiúidí daonlathacha a neartú, an smacht reachta a chur chun cinn, sin agus cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint. Ar an dara rud, tá sé ríthábhachtach dul i dteagmháil go réamhghníomhach le Ballstáit seanbhunaithe an Aontais le muinín agus tacaíocht a chothú má táthar chun aistriú rianúil isteach san Aontas a áirithiú. Trí thiomantas ceart do luachanna Eorpacha agus don chomhar a léiriú, beidh ar chumas na dtíortha is iarrthóirí an bealach a réiteach dá dtodhchaí féin laistigh den Aontas Eorpach, ar todhchaí í a bhfuil gealladh fúithi.

Jarosław Pietras ina Chomhalta ar Cuairt faoi láthair in Ionad Léinn Eorpaigh Wilfried Martens sa Bhruiséil agus ina Ollamh ar Cuairt i gColáiste na hEorpa in Brugge.

Bhí sé ar an bhfoireann a bhí i mbun caibidlíochta maidir le haontachas na Polainne leis an Aontas Eorpach ó 1998, tráth a cuireadh tús leis an gcaibidlíocht, go dtí 2004 nuair a tháinig an Pholainn isteach san Aontas. Ó 1990 go 2006, ina thír dhúchais, eadhon an Pholainn, bhí sé ina Státrúnaí san Aireacht Airgeadais, ina Státrúnaí don Eoraip agus ina Cheann ar Oifig an Choiste um Lánpháirtiú na hEorpa. Ó 2008 go 2020, d’oibrigh sé mar Ard-Stiúrthóir i gComhairle an Aontais Eorpaigh, áit ar cuireadh raon leathan réimsí beartais de chúram air (an t-athrú aeráide, an comhshaol, iompar, teileachumarsáid, fuinneamh, oideachas, cultúr, closamharc, an óige agus spórt). Bhain sé Dochtúireacht san Eacnamaíocht amach in Ollscoil Vársá agus tá roinnt foilseachán scríofa aige faoin Aontas Eorpach, faoin inbhuanaitheacht agus faoi shaincheisteanna trádála. Chomh maith leis sin, bhí sé ina scoláire de chuid Fhondúireacht Fulbright agus ina chomhalta de bhord na meithle machnaimh Bruegel (2008-2011).