D’oscail an Coiste a dhoirse don phobal ar a Lá Oscailte traidisiúnta a bhí ar siúl Dé Sathairn an 4 Bealtaine 2024. Cuireadh daoine ar an eolas faoi ról an Choiste i measc na n-institiúidí Eorpacha agus spreagadh a bhfiosracht sna toghcháin Eorpacha atá ar na bacáin.

I rith an lae, d’eagraigh CESE roinnt gníomhaíochtaí ina cheannáras, foirgneamh Jacques Delors sa Bhruiséil. Bhí na rannpháirtithe in ann cuairt a thabhairt ar an bhfoirgneamh chun fáil amach faoin méid a d’fhéadfadh CESE a dhéanamh do dhaoine, chun foghlaim faoi ról an Choiste i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais, agus chun a leasanna agus a n-ábhair imní a roinnt le comhaltaí CESE.

Bhí deis ag na cuairteoirí freisin a fháil amach cad a dhéanann comhaltaí CESE ina dtíortha dúchais agus ghlac siad páirt i ngníomhaíochtaí beo, amhail cluichí idirghníomhacha, tráth na gceist faoin Aontas, agus péinteáil aghaidheanna do leanaí.

Ar maidin, chuir an Coiste fáilte roimh ghrúpa de chomhaltaí agus baill foirne ó CESE a rinne rothaíocht thar na céadta ciliméadar ar fud na Fraince agus na Beilge chun feasacht a mhúscailt faoin tábhacht a bhaineann leis na toghcháin Eorpacha.

Faoi cheannas Bruno Choix, comhalta de chuid CESE ó Ghrúpa na bhFostóirí, thaistil an grúpa ó Caen (sa Fhrainc) go dtí an Bhruiséil ar feadh ceithre lá, agus chuir siad achar de thart ar 500 km san iomlán díobh. Tháinig comhaltaí agus baill foirne eile de chuid CESE le chéile leo don stáir dheireanach ó Waterloo go ceannáras CESE sa Bhruiséil. (mp)