European Economic
and Social Committee
Tá cumhachtaí eachtracha in ann leas a bhaint as bréagaisnéis chun dochar a dhéanamh dár sochaithe
Mar chuid den tionscadal atá ag CESE maidir leis an mbréagaisnéis, tionscadal atá á chur chun feidhme le cabhair ón tsochaí shibhialta, d’eagraigh an Rannóg um Chaidreamh Seachtrach (REX) an dara feachtas móide comhdháil maidir le comhrac na bréagaisnéise.
Bhí rath ar an bhfeachtas a d’eagraigh CESE sa Bhulgáir níos túisce i mbliana, agus cuireadh tús leis an dara feachtas, an feachtas sa Mholdóiv, an 18 Aibreán. Le deireanas a chuir an Mholdóiv le hinniúlachtaí na tíre i réimse na cumarsáide straitéisí agus an idirphlé straitéisigh. Cuireadh dhá chomhlacht ar leith ar bun sa tír, mar atá, an Lárionad um an gCumarsáid Straitéiseach agus um Chomhrac na Bréagaisnéise agus an Lárionad um Thionscnaimh Shibhialta do Mhionlaigh Náisiúnta.
Is i gCísineá a tionóladh an chomhdháil i gcomhar le hOllscoil Stáit na Moldóive.
Ag labhairt dó ag an gcomhdháil, leag Uachtarán CESE, Oliver Röpke, béim ar a thábhachtaí atá sé an t-idirphlé a chur chun cinn agus ról a thabhairt do na saoránaigh uile, ó chúlraí agus ó phobail éagsúla, chun an trasnaíocht eachtrach agus an bhréagaisnéis a chomhrac.
Is go cothrománach go minic a scaiptear an bhréagaisnéis i measc an phobail, rud a chiallaíonn nach cur chuige ón mbarr anuas an réiteach is fearr chun dul i ngleic leis an bhfadhb ach machnamh agus rannpháirtíocht dhíreach na saoránach a spreagadh. Is féidir leis an tsochaí shibhialta eagraithe ról ríthábhachtach a bheith aici sa phróiseas sin, ós rud é go bhfuil an bhréagaisnéis ag baint an bhoinn de chreatlach ár sochaithe.
Thug Ana Revenco, Stiúrthóir an Lárionaid um an gCumarsáid Straitéiseach agus um Chomhrac na Bréagaisnéise, a bhí ar dhuine de na príomhchainteoirí ag an gcomhdháil, le fios nach bhféadfadh na saoránaigh an bhréagaisnéis a chomhrac as a stuaim féin agus go bhféadfadh an Lárionad feabhas a chur ar a scileanna le go bhféadfaí an bhréagaisnéis thocsaineach a chomhrac go fadtéarmach.
‘Ní sprioc réalaíoch é deireadh a chur leis an mbréagaisnéis. Díreofar ár gcomhiarrachtaí ar an mbréagnuacht a bhréagnú agus a chosc agus ar an tionchar díobhálach a bhíonn acu ar ár sochaithe a mhaolú,’ a dúirt sí.
Dúirt Mihai Peicov, ceann an Lárionaid um Thionscnaimh Shibhialta do Mhionlaigh Náisiúnta, go raibh cruthú an lárionaid sin ina chéim thábhachtach a ghlac an rialtas chun gach duine a lánpháirtiú sa tsochaí. Dúirt sé freisin go raibh gá le beartais nua oideachais do mhionlaigh.
Leagadh béim sa chomhdháil ar ról an oideachais agus ar an bhfócas ar dhaoine óga, ós rud é gurbh iad na grúpaí ab óige – mic léinn agus iriseoirí a d’fhreastail ar an gcomhdháil – a nocht a lán de na tuairimí.
Tá an tuarascáil físe maidir leis an gcomhdháil le feiceáil anseo.
#EUvsDisinfo (at)