Tar éis a bheith ag fanacht 20 bliain mar thír is iarrthóir ar an Aontas, tá meath tagtha sa Mhacadóin Thuaidh ar thacaíocht an phobail do bhallraíocht san Aontas. Mar sin féin, in ainneoin an easpa dul chun cinn, moill agus tarraingt na gcos (tar éis feitheamh 15 bliana fiú sular cuireadh tús leis na cainteanna aontachais, arb é an bhearna is faide dá leithéid i stair an Aontais, deonaíodh stádas iarrthóra ar an Macadóin Thuaidh i mí na Nollag 2005), tá gealltanas faoi rathúnas eacnamaíoch agus gealltanas faoin gcobhsaíocht réigiúnach fós ag cothú dhréim na tíre chun ballraíocht a ghlacadh sa bhloc. Ach ní mór don Aontas a thaispeáint freisin go bhfuil sé toilteanach an próiseas aontachais a chur chun cinn agus luach saothair a thabhairt don dul chun cinn, a scríobhann ár n-aoi speisialta, Biljana Spasovska, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Líonra na mBalcán Thiar um Fhorbairt na Sochaí Sibhialta agus ‘comhalta as na tíortha is iarrthóirí’ don Mhacadóin Thuaidh i CESE.

Is í Biljana Spasovska Stiúrthóir Feidhmiúcháin Líonra na mBalcán Thiar um Fhorbairt na Sochaí Sibhialta (BCSDN), líonra réigiúnach de eagraíochtaí na sochai sibhialta (ESSanna) a oibríonn le chéile chun an tsochaí shibhialta sna Balcáin a chumhachtú agus chun an fhorbairt sa réigiún a neartú. Tá sí ina comhchathaoirleach reatha freisin ar Chomhpháirtíocht ESS um Éifeachtacht Forbartha, ina comhalta den Chaighdeán Domhanda do chomhpháirtíocht Cuntasachta ESS, agus ina ‘comhalta as na tíortha is iarrthóirí’ de CESE.

Tá breis agus deich mbliana taithí ag Biljana ar iarrachtaí beartais agus abhcóideachta a threorú arb é is aidhm dóibh ról na sochaí sibhialta sna Balcáin a neartú agus a guth i bpróisis bheartais náisiúnta agus san Aontas a neartú. Bhí sí i gceannas ar roinnt tionscadal comhoibríoch réigiúnach, AE agus domhanda agus rannchuidigh sí leo freisin, agus na tionscadail sin dírithe ar thimpeallacht sochaí sibhialta níos cumasaithe, ar bheartas an Aontais Eorpaigh um méadú níos inchreidte, ar fhreagracht ar eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta agus ar chomhar um fhorbairt níos éifeachtaí a chothú.

Bhain sí céim MA amach i Staidéir Idirdhisciplíneacha ó Ollscoil Bologna agus tá dochtúireacht á dhéanamh aici sa Domhandú agus sa Daonlathas.